Éilíonn McConalogue Athchóiriú CAP a Thacaíonn le Feirmeoirí Ba cheart go mbeadh imfhálú Éicea-Scéime mar chuid den iarmhéid leathan i mbearta íocaíochta díreacha
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’iarr An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., inniu go mbeadh comhleanúnachas níos mó ann maidir le hÉicea-Scéimeanna a bhreithniú san idirbheartaíocht leanúnach ar athchóiriú CAP iar-2020, d’fhonn a chinntiú go gcomhlíonfaidh siad riachtanais na bhfeirmeoirí agus an chomhshaoil.
Ag labhairt ag físchomhdháil neamhfhoirmiúil na nAirí Talmhaíochta, a dhírigh go mórmhór ar “Ailtireacht Ghlas” an CAP nua, agus i gcoinne chúlra éilimh Pharlaimint na hEorpa go leithdháilfí 30% de chlúdaigh íocaíochtaí díreacha na mBallstát ar Éicea-Scéimeanna, dúirt An tAire McConalogue, “Ghlac Éire leis an ranníocaíocht íosta de 20% ón gclúdach íocaíochtaí díreacha chuig éicea-scéimeanna mar chuid de Chur Chuige Ginearálta na Comhairle a comhaontaíodh I mí Dheireadh Fómhair seo caite. Ní féidir linn saincheist an leithdháilte céatadáin a mheas ina haonar. Tá i bhfad an iomarca saincheisteanna eile nach mór d’fheirmeoirí déileáil leo nach bhfuil réitithe fós, lena n-áirítear comhchlaonadh, athdháileadh, uasteorannú agus leithdáiltí d’fheirmeoirí óga. Níl cinnteacht againn fós faoi aon cheann díobh seo.”
Lean An tAire air, “Ina theannta sin, tá roinnt solúbthachta á lorg ag an gComhairle, lena n-áirítear céim fhoghlama dhá bhliain d’Éicea-Scéimeanna, d’fhonn na scéimeanna seo a thabhairt isteach go héifeachtach agus cosc a chur le caillteanas féideartha cistí. Ba léir dom ón tús nach féidir le hÉirinn glacadh le riosca chomh mór sin. In éagmais aon chiall go bhfuil an Pharlaimint toilteanach glacadh leis na solúbthachtaí seo, in éineacht leis an bhfíric nach bhfuil aon réiteach againn ar na tograí a dhíríonn ar íocaíocht dhíreach, ní féidir liom aon athrú ar chéatadán na scéime ECO a mheas. Ba mhaith liom freisin an tsolúbthacht is mó is féidir a thabhairt do Bhallstáit chun Éicea-Scéimeanna a dhearadh ar an mbealach is oiriúnaí dá gcoinníollacha feirmeoireachta féin.”
I gcomhthéacs an phlé níos leithne ar dhul chun cinn san idirbheartaíocht thrípháirteach idir an trí institiúid, thug An tAire dá aire an dul chun cinn atá déanta ag Uachtaránacht na Comhairle i roinnt réimsí, agus tugadh le fios freisin go raibh obair fós le déanamh, mar shampla maidir le ceanglais coinníollachta (GAECanna 4, 8 agus 9), rialachán na hEagraíochta Cómhargaidh agus rialachán (cothrománach) maidir le maoiniú, bainistíocht agus monatóireacht an CAP.
Fuair an Chomhairle nuashonrú freisin ón gCoimisiún Eorpach ar staid an mhargaidh agus ar shaincheisteanna talmhaíochta a bhaineann le trádáil. Chuir An tAire McConalogue béim ar an ngá atá le faireachas leanúnach ar oibriú margaí, chomh maith le maidir leis an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag forbairtí trádála idirnáisiúnta – lena n-áirítear, ach gan a bheith eisiach do, comhaontuithe saorthrádála agus an t-oiriúnú don Bhreatimeacht – ar an earnáil agraibhia.
CRÍOCH