Éiríonn go han-mhaith leis an Aire McConalogue ar a mhisean trádála chun na Síne
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chuir an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Teachta Dála Charlie McConalogue clabhsúr lena chéad mhisean trádála iomlán chun na Síne inniu agus cruinnithe aige i Shang-hai le mórchustaiméirí Síneacha a cheannaíonn bia ó Éirinn.
Dúirt an tAire McConalogue:
“A bhuí le misean trádála na seachtaine seo ligeadh dúinn dáimh a chothú arís, comhpháirtíochtaí a neartú, tacú le hearnáil an ghnó agraibhia in Éirinn agus iad ag iarraidh deiseanna nua a thapú sa tSín, agus ár dtuiscint ar mhargadh na Síne a fheabhsú”.
Agus é ag gabháil don chuid Shang-hai dá mhisean trádála, bhí an tAire i lár báire agus réimse leathan de ghníomhaíochtaí ar siúl chun mairteoil, feoil muice, bia mara agus deochanna biotáille ó Éirinn a chur chun cinn; lena n-áirítear ag an Seó Trádála um Bia agus Deochanna de chuid SIAL, ag cruinnithe faoi mhairteoil le mórchustaiméirí, ag Seimineár um Fheoil AE a Chur Chun Cinn de chuid Bhord Bia, agus ag máistir-ranganna a chuir bia mara agus fuisce na hÉireann os comhair an phobail.
Dúirt an tAire McConalogue:
“Tá deiseanna nach beag le tapú sa mhargadh seo do tháirgí Éireannacha agus méadú ag teacht de shíor ar an éileamh ar bhia den scoth sa tSín. Ba léir dom ó na himeachtaí ar ar fhreastail mé i rith na seachtaine go bhfuil méadú ag teacht ar an éileamh ar tháirgí inbhuanaithe bia, bia mara agus dí den scoth a tháirgeann ár bhfeirmeoirí, ár n-iascairí agus ár gcuideachtaí bia agus dí.”
Leanfaidh an Rialtas de bheith ag tacú leis an tionscal chun na deiseanna seo a thapú, rud a chuirfidh leis an méid a théann an earnáil seo chun sochair an gheilleagair agus a thacóidh leis an earnáil a fhorbairt ar bhealach inbhuanaithe, go háirithe i gcás ár bhfeirmeacha teaghlaigh.’
Ag na cruinnithe a bhí ag an Aire McConalogue lena chontrapháirtithe aire sa tSín pléadh fadhbanna a bhaineann le rochtain ar mhargadh na feola agus leanfaidh oifigigh leis an bplé seo ag leibhéal teicniúil níos déanaí sa tseachtain.
Dúirt an tAire:
“Is é plé duine le duine faoi fhadhbanna a bhaineann le rochtain ar an margadh an bealach is éifeachtaí chun dea-thorthaí a bhaint amach. A bhuí le plé na seachtaine seo, le mo chomhpháirtithe agus le daoine ag leibhéal oifigiúil, beimid in ann leanúint de dhul chun cinn a dhéanamh maidir leis na fadhbanna seo sa tréimhse atá amach romhainn.”
Dúirt Jim O’Toole, POF Bhord Bia,
“Léirigh custaiméirí Síneacha spéis mhór i gcaitheamh na seachtaine sa réimse iomlán de tháirgí bia ó Éirinn a bhaineann leis an gclár Origin Green. Ag ár seimineáir agus imeachtaí tionscail i mBéising agus i Shang-hai, thaispeáin Bord Bia do cheannaitheoirí bia áitiúla, do chomhpháirtithe trádála agus do na meáin faoi conas is féidir le tionscal bia na hÉireann obair i gcomhar leo chun freastal ar éilimh tomhaltóirí ar bhia den scoth a tháirgtear go sábháilte.
“Ó tharla nach bhfuil ach seal beag ann ónar osclaíodh an margadh seo tar éis deireadh na srianta paindéime, údar dóchais is ea an plé mór idir easpórtálaithe Éireannacha agus ceannaitheoirí agus feictear dom go leanfaidh leis an mborradh faoi dheiseanna gnó sa tSín.”
Agus deireadh tagtha leis an misean trádála, dúirt an tAire McConalogue:
“Ba mhór an tacaíocht a fuaireamar don mhisean trádála seo ó Ambasadóir na hÉireann chun na Síne, an Dr Ann Derwin, a foireann in Ambasáid na hÉireann i mBéising, foireann Ard-Chonsalacht na hÉireann i Shang-hai, mar aon le foirne Bhord Bia agus Fhiontraíocht Éireann sa tSín, agus táimid an-bhuíoch as an tacaíocht sin.
“Chonaic mé féin an tseachtain seo Foireann na hÉireann faoi lán seoil sa tSín, agus baill na foirne ag obair gan stad gan staonadh chun dea-thorthaí a bhaint amach d’Éirinn, agus rachaidh a ndúthracht le tacaíocht d'easpórtálacha agraibhia Éireannacha go mór chun tairbhe iarrachtaí na hearnála a cuid uaillmhianta a fhíorú maidir le fás a bhaint amach sa mhargadh seo sa todhchaí.”