Eisíonn an tAire Hackett meabhrúchán faoin dáta deiridh d’iarratais ar Thionscnamh Bithéagsúlachta nua
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Mheabhraigh an tAire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett, inniu dóibh siúd is spéis leo cur isteach ar chistiú faoin nGairm Oscailte ar thionscnaimh bhithéagsúlachta feirme agus phobail atá faoi stiúir an cheantair áitiúil go bhfuil an dáta deiridh chun iarratais a fháil Dé Céadaoin seo chugainn, an 31 Márta.
Sheol an tAire Hackett an Ghairm Oscailte i bhFeabhra faoi Chlár um Fhorbairt Tuaithe a Roinne trí úsáid a bhaint as samhail Thionscnamh na Comhpháirtíochta Eorpaí um Nuáil (EIP). Tugtar cuireadh sa Ghairm ar thionscadail a dhíríonn ar bhithéagsúlacht mhéadaithe trí chomhoibriú le grúpaí beaga feirmeoirí nó le bainisteoirí eile talún.
Agus í ag trácht air, dúirt an tAire Hackett,
“Deis iontach í seo d’fheirmeoirí agus bainisteoirí eile talún chun feabhas a chur ar ghnáthóga áitiúla agus soláthar a dhéanamh do thimpeallachtaí áitiúla. Tá a mhéid le €1.25 milliún ar fáil do thionscadail oiriúnacha agus spreagaim gach comhlacht ar spéis leo timpeall na tíre go tréan, dá bharr, breithniú a dhéanamh ar iarratas a dhéanamh roimh an spriocdháta.”
Meabhraítear d’iarratasóirí go mbíonn cur amach acu ar na Treoirlínte d’Iarratasóirí atá ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne. Is é an dáta deiridh chun foirmeacha iarratais líonta agus an togra tionscadail a sheoladh ar aghaidh chuig EIP@agriculture.gov.ie meán oíche, an 31 Márta 2021.
Nótaí d’Eagarthóirí
Is féidir cáipéis treoirlíne maidir leis an nGairm Oscailte seo a íoslódáil ó láithreán gréasáin na Roinne ag www.gov.ie/en/service/18a855-european-innovation-partnership-scheme/?referrer=http://www.agriculture.gov.ie/farmerschemespayments/europeaninnovationpartnershipincludinglocallyledschemes/europeaninnovationpartnership/
nó trí theagmháil a dhéanamh le Rannóg na Comhpháirtíochta Eorpaí um Nuáil ag EIP@agriculture.gov.ie , agus is í an uimhir íosghlao 0761 064 415.
Ba cheart iarratais a sheoladh ar aghaidh faoi mheán oíche, an 31 Márta 2021 chuig EIP@agriculture.gov.ie
Tá tionscnamh an EIP comhchistithe ag Coimisiún an AE mar chuid den Chlár um Fhorbairt Tuaithe na hÉireann. Is éard a bhaineann leis, go bunúsach, réimse páirtithe leasmhara (feirmeoirí, comhairleoirí, taighdeoirí, eagraíochtaí neamhrialtasacha, etc.) a thagann le chéile i rudaí ar a dtugtar ‘Grúpaí Oibríochtúla’ chun triail a bhaint as réitigh nuálacha a d’fhorbair an Grúpa féin.
Tá réimse fairsing Grúpaí Oibríochtúla EIP ann cheana féin faoi CFT na hÉireann, ach is é seo an chéad ghairm ar thograí a dhíríonn go sonrach ar thionscnaimh bhithéagsúlachta áitiúla ar scála níos lú.
Tá tacaíocht leis an nGairm Oscailte seo dírithe thart ar chiste iomaíoch. Déanfaidh coiste measúnú ar na hiarratais go léir i dtaobh an mhéid a bhaineann siad le clár an EIP agus luach na hoibre a bheartaítear chun feabhas a chur ar bhithéagsúlacht sa phobal. Cruthófar gearrliosta deiridh óna roghnóidh an RTBM tionscadail lena gcur i bhfeidhm i rith 2021 ina gcuirfear a mhéid le 100% den chistiú ar fáil.
CRÍOCH