Eisíonn an tAire McConalogue glao ar thograí do Thionscnaimh Turasóireachta Agraibhia
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá glao ar thograí do Thionscnaimh Turasóireachta Agraibhia eisithe ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue TD faoin gCiste um Nuálaíocht agus Forbairt Tuaithe 2023.
Dúirt an tAire McConalogue:
“Tá comhréir nádúrtha idir an turasóireacht agus an earnáil agraibhia – cuireann siad go mór lena chéile. Ba bhliain dheacair í 2022 don tionscal agraibhia. Bhí sé dúshlánach gnó a thógáil i ndiaidh COVID-19.
“Tá an-áthas orainn a bheith in ann leanúint ar aghaidh ag soláthar tacaíochta i dtreo forbairt tionscnamh turasóireachta agraibhia a chabhróidh le gnólachtaí tuaithe a dtáirgí agus a seirbhísí a fhorbairt, ceangal leis an bpobal agus le cuairteoirí agus eispéireas na tuaithe a fheabhsú.
“Tá an cistiú a chuirtear ar fáil faoin tionscnamh seo ag teacht le go leor de na spriocanna i straitéis uaillmhianach mo Roinne don earnáil agraibhia Fís don Bhia 2030.
“Ceann de na príomhghníomhartha sa straitéis seo is ea leanúint de naisc a fhorbairt idir tairiscintí áitiúla bia agus turasóireachta, lena n-áirítear tacaíocht d'fhorbairt ghnó agus tionscnaimh mhargaíochta chun tacú le agus cur chun cinn a dhéanamh ar nithe is díol spéise do chuairteoirí bia agus dí lena n-áirítear an drioglann, an ghrúdlann agus turasóireacht. Tá earnáil agraibhia na hÉireann daingnithe i gcreat shochaí na hÉireann agus tá sí ar cheann de phríomhspreagthaí ár ngeilleagair, go háirithe i gceantair thuaithe agus chósta ."
Tá maoiniú iomlán de bheagnach €300,000 ar fáil do thionscadail a thacaíonn le tionscnaimh turasóireachta agraibhia (a bhféadfadh margaí bia tuaithe a bheith san áireamh leo). Is ionann an t-uasmhéid atá iníoctha le tionscadal ar bith agus €25,000.
Ba chóir iarratais a dhéanamh tríd an bhfoirm iarratais Glao ar Thograí atá ar fáil ar ár láithreán gréasáin anseo.
12.00 meán lae an 23 Feabhra an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais.