Eisíonn an Roinn meabhrúchán maidir le Taifid Níotráití
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ag meabhrú d’fheirmeoirí agus do chomhairleoirí gurb é an spriocdháta chun gach taifead Níotráití a chur isteach maidir le gluaiseachtaí aoileach (ar líne, Foirm Taifead 3 roimhe seo), gluaiseacht sealadach ainmhithe (Foirm Taifead 4) agus comhaontuithe innilte cíosa gearrthréimhseacha Foirmeacha Taifead 5 ná an 31 Nollaig 2021.
Cuirtear in iúl duit gur chóir gach onnmhairiú d'aoileach a chur isteach agus a fhíorú ar líne. Tá an fheidhmiúlacht chun gníomhairí a bheith ag gníomhú thar ceann táirgeoirí muc ar fáil anois chomh maith. Tá foirmeacha údaraithe ar fáil ar www.agfood.ie, agus is féidir teacht orthu anseo: https://www.gov.ie/en/service/department-of-agriculture-and-foods-online-services/#agfood-agentagency-forms
I gcás aoileach muc agus éanlaithe clóis áfach, i gcásanna comhpháirtíochta áirithe nuair atá an t-onnmhaireoir/an t-allmhaireoir marbh nó nuair nach bhfuil uimhir tréada ag an allmhaireoir; glacfar le taifid pháipéir roimh an spriocdháta an 31 Nollaig. Baineann sé seo freisin le:
• Foirmeacha Taifead 4 - Gluaiseacht Sealadach Ainmhithe
• Foirmeacha Taifead 5 - Comhaontuithe Innilte Cíosa Gearrthréimhseacha.
Is féidir gach foirm agus faisnéis maidir le Níotráití a fháil anseo: https://www.gov.ie/en/publication/c9563-rural-environment-sustainability-nitrates/
Tabhair ar aird le do thoil go gcaithfidh an t-allmhaireoir gach dearbhú ar líne a fhíorú (a cheadú) faoin dáta seo freisin.
Tá físeán taispeána gairid ar conas an córas a úsáid agus treoir úsáideora ar fáil ar ár láithreán gréasáin anseo: gov.ie - Timpeallacht Tuaithe & Inbhuanaitheacht - Níotráití (www.gov.ie)
CRÍOCH