Déanann An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ceiliúradh ar Lá Domhanda na mBeach 20 Bealtaine 2024
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ag déanamh ceiliúradh ar Lá Domhanda na mBeach, rinne an tAire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, le freagracht as Úsáid Talún agus Bithéagsúlacht, Seanadóir Pippa Hackett, comhghairdeas le Alan agus le Cheryl Poole as an obair atá déanta acu ar a bhfeirm taobh amuigh de Ghuaire, Contae Loch Garman mar chuid den scéim Monatóireachta Pailneoirí na hÉireann.
Dúirt an tAire Hackett
“Is áit iontach í feirm teaghlaigh Poole don Roinn le ceiliúradh a dhéanamh ar Lá Domhanda na mBeach 2024. Tá baint ag an teaghlach uilig leis an bhfeirm álainn, agus tá sí lán le beocht agus bithéagsúlacht. Is léir an díograis agus fuinneamh atá ag baint le ról na bpáistí ar an bhfeirm, agus léiríonn sé go bhfuil fiúntas nach beag ag baint le Scéim Monatóireachta Pailneoirí na hÉireann mar eispéireas foghlama do pháistí agus do dhaoine fásta araon, chomh maith le ról tábhachtach a bheith aici maidir le dul chun cinn na faisnéise eolaíochta agus caomhnaithe pailneoirí.”
Is cuid bhunúsach iad pobail bheacha agus pobail phailneoirí de shláinte éiceachóras agus de shlándáil an tsoláthair bia. In Éirinn, tá aon trian de speiceas na mbeach fiáin i mbaol a ndíothaithe agus léiríonn pobail bhumbóga laghdú bliain ar bhliain, atá ina údar imní, de 3.3% ó bhí 2012 ann.
Cuireadh Scéim Monatóireachta Pailneoirí na hÉireann ar bun sa bhliain 2021 le cómhaoiniú ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus ón tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra. Tá sí ar bun anois le trí bliana anuas agus tá Feirm Alan agus Cheryl Poole ar ceann de na 40 láthair a bhfuil suirbhéanna do bheacha, féileacáin agus beacha gabhair á ndéanamh i rith mhíonna an tSamhraidh. Maoiníonn an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara Oifigeach um Pailneoirí Talún Feirme chomh maith mar chuid de Phlean um Pailneoirí Uile-Éireann le tacaíocht, comhairle agus rannpháirtíocht a chur ar fáil don phobal feirmeoireachta.
Díríonn Lá Domhanda na mBeach 2024 ar an téama “Bee engaged with Youth”. Tarraingíonn an téarma sin aird ar an tábhacht a bhaineann le daoine óga a dhéanamh páirteach in iarrachtaí caomhnaithe pailneoirí, ag aithint go mbeidh siad mar chaomhnóirí ár dtimpeallachta sa todhchaí.
Is feirmeoirí déiríochta lánaimseartha iad Teaghlach Poole atá an-díograiseach maidir le cúrsaí bithéagsúlachta ar a bhfeirm. Is léir seo ón mbeathra éan agus feithidí chomh maith leis na fálta sceach dlútha faoi bhláth a bhearrtar gach trí bliana. Chomh maith leis sin, bhí imill féir, fálta sceach agus crainn nuachurtha ann chomh maith le húllord traidisiúnta uilig a bunaíodh faoi Scéim Timpeallachta Agra-Aeráide Tuaithe Ginearálta. Tá Alan tar éis thart ar 25% den limistéar féarach a thiontú ina bháinseach ilspeiceasach nó ina limistéar seimre le buntáistí do phailneoirí agus don ithir.
Ag labhairt ar an gcaoi a mbíonn an fheirm ag feidhmiú dúirt Alan Poole:
“An rud a bhfuilimid an-phaiseanta ina thaobh ná ag léiriú gur féidir spás a thabhairt don dúlra agus feirmeoireacht á déanamh agat ar chóras nua-aimseartha agus táirgiúil. Spreag Ruth Wilson, an tOifigeach Pailneoirí Talún Feirme, go mór muid leis na beacha agus pailneoirí eile a aithint ar fud na feirme agus le hathruithe beaga a dhéanamh ar nós feochadáin faoi bhláth a fhágáil ann do na beacha. Táimid tar éis an-difear a thabhairt faoi deara agus cuirimid uasdátuithe ar aghaidh chuig Ruth maidir le plandaí faoi bhláth agus beacha a fheicimid.
Chríochnaigh an tAire Hackett trí obair an togra a mholadh chomh maith le Alan agus Cheryl maidir lena bhfeirm atá oiriúnach do phailneoirí,
“Titeann Lá Domhanda na mBeach i mbliana le linn Sheachtain Náisiúnta na Bithéagsúlachta, agus is sampla eiseamláireach í feirm teaghlaigh Poole dúinn maidir le conas bearta bithéagsúlachta dearfacha a thabhairt isteach ar fheirm ghnóthach, tháirgiúil. Ó bhoscaí neadaithe do scréachóga reilige go gabhláin ghaoithe agus gabhláin ghainimh agus beacha go féileacáin, tá cuid mhór ag dul ar aghaidh do phailneoirí agus do bhithéagsúlacht talún feirme. Tá fuadar ceart faoin bhfeirm ar Lá Domhanda na mBeach!”