Fógraíonn an tAire Foley go mbeidh torthaí na hArdteistiméireachta á n-eisiúint ar an 3 Meán Fómhair
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Oideachais, Norma Foley TD, inniu go mbeidh torthaí na hArdteistiméireachta do 2021 á n-eisiúint díreach chuig iarrthóirí tríd an Tairseach Féinfhreastail d’Iarrthóirí ar an Aoine an 3 Meán Fómhair.
In ábhar ar bith, ina ndéanann iarrthóir an scrúdú agus go roghnaíonn sé nó sí Gráid Chreidiúnaithe a fháil, gheobhaidh an t-iarrthóir creidiúint don toradh is fearr den dá thoradh.
Aistreofar torthaí na n-iarrthóirí chuig an CAO chun dul ar aghaidh chuig an ardoideachas a éascú.
Cuirfear tús leis na scrúduithe scríofa ar an gCéadaoin an 9 Meitheamh agus beidh siad ar siúl go dtí an 29 Meitheamh. Bhí sé de rogha ag scoláirí an scrúdú a dhéanamh nó Grád Creidiúnaithe a lorg, nó an dá cheann, i ngach ábhar a bhí á dhéanamh acu.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Foley:
“Tá áthas orm gur féidir liom a fhógairt go bhfuil súil ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit go soláthrófar torthaí na hArdteistiméireachta do scoláirí ar an Aoine an 3 Meán Fómhair. Gheobhaidh scoláirí na torthaí go díreach ar an Tairseach Féinfhreastail d’Iarrthóirí, áit ar chláraigh siad a gcuid roghanna do scrúduithe nó do Ghráid Chreidiúnaithe, nó do dá cheann.
“Is cumasc de na torthaí is fearr as na scrúduithe agus as na Gráid Chreidiúnaithe a bheidh i dtorthaí na scoláirí, i gcás gur ghlac siad leis an dá rogha.
“Beidh fáil ag scoláirí ar na gnáthlínte cabhrach agus ar na gnáth-thacaíochtaí ar lá eisiúna na dtorthaí agus ina dhiaidh sin. Beidh mé i dteagmháil le scoileanna ag iarraidh orthu a chinntiú go mbeidh tacaíocht treorach ar fáil do scoláirí ag an am seo.
>“Is mian liom an deis seo a ghlacadh chun béim a leagan arís eile ar a thábhachtaí agus atá sé go leanfadh scoláirí atá ag déanamh na scrúduithe orthu ag cloí leis an treoir sláinte poiblí agus a gcuid teagmhálaithe a theorannú agus na scrúduithe ar na bacáin agus freisin le linn thréimhse na scrúduithe.
“Guím gach rath ar na scoláirí Ardteistiméireachta go léir atá ag déanamh na scrúduithe scríofa, agus bailchríoch á cur acu ar a gcuid ullmhúchán an tseachtain seo
CRÍOCH
Eisiúint thorthaí na hArdteistiméireacha in 2021:
Tá scrúduithe agus Gráid Chreidiúnaithe i gceist san Ardteistiméireacht in 2021. Táthar ag súil go n-eiseofar torthaí sealadacha na hArdteistiméireachta in 2021 go díreach chuig scoláirí tríd an Tairseach Féinfhreastail d’Iarrthóirí ar an 3 Meán Fómhair.
In ábhar ar bith, ina ndéanann iarrthóir an scrúdú agus go roghnaíonn sé nó sí Gráid Chreidiúnaithe a fháil, gheobhaidh an t-iarrthóir creidiúint don toradh is fearr den dá thoradh.
Aistreofar torthaí an iarrthóra chuig an CAO chun dul ar aghaidh chuig an ardoideachas a éascú.
Go gairid i ndiaidh eisiúint na dtorthaí, beidh rochtain ag iarrthóirí ar eolas níos mionsonraithe faoin dá thacar torthaí.
I gcás iarrthóirí nach ndearna ach na scrúduithe teastais in ábhair ar bith, beidh ar a gcumas na marcanna a bronnadh sa scrúdú scríofa a fheiceáil do na hábhair sin, chomh maith leis na marcanna a bronnadh in aon chomhpháirteanna.
I gcás iarrthóirí nár roghnaigh ach Gráid Chreidiúnaithe a fháil in ábhair ar bith, beidh na marcanna céatadáin measta a chuir an scoil isteach, an marc creidiúnaithe i ndiaidh an phróisis chaighdeánaithe, agus na Gráid atá Creidiúnaithe ag CSS ar fáil dóibh do na hábhair sin.
I gcás iarrthóirí a roghnaigh scrúduithe a dhéanamh agus gráid chreidiúnaithe a fháil in ábhair ar bith, gheobhaidh siadsan eolas maidir leis an dá thacar torthaí do na hábhair sin.
Tabharfaidh an t-eolas sin cúnamh d'iarrthóirí a d'fhéadfadh a bheith ag smaoineamh ar achomharc a dhéanamh in aghaidh toraidh in ábhar.
An t-éileamh a bhí ar na roghanna a tugadh Gráid Chreidiúnaithe a fháil, Scrúduithe a dhéanamh, nó an dá cheann:
I measc na n-iarrthóirí go léir a chuir isteach i dtús báire ar scrúduithe na hArdteistiméireachta agus ar scrúduithe na bliana deiridh den Ardteistiméireacht Fheidhmeach, ní raibh ach 4% díobh nach ndearna rogha ar an Tairseach Féinfhreastail d’Iarrthóirí.
Ina measc siúd a rinne rogha ar an tairseach, roghnaigh 99% díobh Grád Creidiúnaithe a fháil in ábhar amháin ar a laghad agus roghnaigh 91% díobh scrúdú a dhéanamh in ábhar amháin ar a laghad.
Deis eile ag iarrthóirí incháilithe Gráid Chreidiúnaithe a fháil:
Tugadh an t-eolas thíos go díreach do na hiarrthóirí féin ar an 1 Meitheamh:
Bhí an Tairseach Féinfhreastail d’Iarrthóirí maidir leis an Ardteistiméireacht in 2021 oscailte d’iarrthóirí ón 27 Aibreán go dtí an 1 Bealtaine chun go mbeadh ar a gcumas a gcuid roghanna maidir le scrúduithe, Gráid Chreidiúnaithe nó an dá cheann a athbhreithniú agus a dheimhniú don Ardteistiméireacht in 2021. Nuair a dúnadh an Tairseach Féinfhreastail d’Iarrthóirí ní raibh aon deis eile ag iarrthóirí a gcuid roghanna a nuashonrú. Mar sin féin, le cúpla lá anuas, tá roinnt iarratas faighte ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit agus ag an Roinn Oideachais ó scoileanna agus ó scoláirí ar mian leo a gcuid roghanna a athrú ó scrúduithe amháin agus glacadh leis an rogha Gráid Chreidiúnaithe a fháil anois freisin.
Tabharfar deis eile d’iarrthóirí incháilithe, ar iarrthóirí iad nár ghlac leis an rogha Gráid Chreidiúnaithe a fháil go dtí seo, é sin a dhéanamh níos déanaí sa samhradh. Ní gá d’iarrthóirí aon bheart a dhéanamh i dtaca leis sin ag an am seo. Rachaidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit i dteagmháil leis na hiarrthóirí incháilithe go léir le linn an tsamhraidh agus tabharfar an rogha dóibh Gráid Chreidiúnaithe a fháil.
Ba cheart d’iarrthóirí a thabhairt faoi deara