Fáiltíonn an tAire Ryan roimh thorthaí sealadacha Cheant na hAcmhainne Leictreachais
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chuir an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide Eamon Ryan TD fáilte inniu roimh fhoilsiú thorthaí sealadacha cheant na hacmhainne leictreachais a reáchtáladh le déanaí don tréimhse dar tús Deireadh Fómhair 2024.
Is é an próiseas ceant acmhainne, a fheidhmíonn ar bhonn uile-oileáin, an príomh-mhodh chun acmhainn nua giniúna leictreachais a fháil a bhfuil gá leis chun acmhainn na stáisiún ola agus gualbhreoslaithe a bhfuiltear ag súil go ndúnfar iad, chun tacú le fás an leictreachais in-athnuaite agus chun slándáil an tsoláthair leictreachais a chinntiú.
Tá breis agus 1,100 MW de ghiniúint nua gásadhainte agus os cionn 120 MW de stóráil ceallraí in Éirinn i measc thorthaí sealadacha an cheant acmhainne.
Ag trácht dó ar na torthaí sealadacha, dúirt an tAire:
"Tá sprioc uaillmhianach leagtha síos ag an Rialtas go dtiocfaidh suas le 80% den tomhaltas leictreachais ó fhoinsí in-athnuaite faoi 2030. Tá sé seo dhá oiread sciar reatha an leictreachais in-athnuaite agus beidh gá le leibhéil shuntasacha giniúna gaoithe agus gréine a fhorbairt. Teastaíonn giniúint agus stóráil sholúbtha gásadhainte uaidh freisin ar féidir leo tacú le nádúr athraitheach an táirgthe leictreachais in-athnuaite agus slándáil an tsoláthair leictreachais a chinntiú agus muid ag céimniú amach gual agus ola le haghaidh giniúna."
Dúirt an tAire freisin:
"Leagtar amach sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide go bhfuil gá le breis agus 2,000 MW de ghiniúint gásadhainte thar an tréimhse go dtí 2030. Tiocfaidh an ghiniúint seo in áit na stáisiún cumhachta ard-astaithe atá ann faoi láthair. Táthar ag súil go gcaithfidh sí cuid mhaith dá cuid ama mar chúltaca chun oibriú nuair is gá. Is céim thábhachtach iad na torthaí sealadacha ceantanna a foilsíodh inniu chun an ghiniúint is gá a bhaint amach. Tá sé ríthábhachtach anois go bhforbrófaí na tionscadail seo."
D'fhorbair an Coimisiún um Rialáil Fóntais, a bhfuil freagracht reachtúil air monatóireacht a dhéanamh ar shlándáil an tsoláthair leictreachais agus na bearta riachtanacha chun slándáil an tsoláthair leictreachais a chinntiú, clár gníomhaíochtaí a foilsíodh i Meán Fómhair 2021. Oibríonn an Roinn go dlúth leis an gCoimisiún um Rialáil Fóntais agus EirGrid chun an clár gníomhartha seo a chur i bhfeidhm.
Tá dul chun cinn suntasach déanta go dtí seo lena n-áirítear:
CRÍOCH
Tá an Margadh Acmhainne deartha chun a chinntiú go bhfuil dóthain acmhainne leictreachais ann chun tithe, gnólachtaí agus tionscal a chumhachtú. Beidh an margadh i bhfoirm ceantanna sa todhchaí.
Cuideachtaí nó eintitis a ghineann leictreachais a chuireann tairiscintí sa cheant, a dhear Coiste an Mhargaidh Leictreachais Aonair. Tá an Coiste seo comhdhéanta d'ionadaithe ó rialtóirí i dTuaisceart Éireann (an Rialtóir Fóntais) agus in Éirinn (an Coimisiún um Rialáil Fóntais) agus beirt chomhaltaí neamhspleácha eile.
Is é Oibreoir an Mhargaidh Leictreachais Aonair (SEMO), comhfhiontar idir SONI i dTuaisceart Éireann agus EirGrid in Éirinn, a reáchtálann an ceant.
Tá sonraí iomlána thorthaí an cheant shealadaigh ar fáil ar shuíomh gréasáin SEMO: https://www.sem-o.com/.