Fógraíonn an tAire Foley agus Smyth go leathnófar an Clár Grianchumhachta do Scoileanna anois chuig gach scoil ar fud na tíre
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu, d'fhógair an tAire Oideachais, Norma Foley, agus an tAire Stáit ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Ossian Smyth, go ndéanfaí an Clár Grianchumachta do Scoileanna a leathnú chuig gach scoil ar fud na tíre.
Leis an gclár, foráiltear go gcuirfear buaicmhéid suas le 6 Chileavata de shuiteálacha fotavoltacha (PV) gréine a bheidh socraithe ar an díon ar fáil do scoileanna incháilithe. Is ionann é sin agus tuairim is 14 ghrianphainéal.
Ó seoladh an chéad chéim den chlár ag deireadh na bliana seo caite, tá breis agus 1,100 scoil ceadaithe do phainéil PV ar a ndíonta in aon cheantar déag ar fud na tíre. Tá níos mó ná 1,000 suiteáil deimhnithe go dtí seo sa Chlár, i nDún na nGall, i nGaillimh, i gCiarraí, i gCill Chainnigh, i Liatroim, i Luimneach, in Uíbh Fhailí, i bPort Láirge, i gCill Mhantáin agus i limistéar Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.
Tá maoiniú ceadaithe anois chun dul ar aghaidh le suiteálacha grianphainéal PV ar gach scoil incháilithe atá fágtha i 16 chontae – Ceatharlach, an Cabhán, Corcaigh, Baile Átha Cliath, Cill Dara, Laois, an Longfort, Lú, Maigh Eo, An Mhí, Muineachán, Ros Comáin, Sligeach, Tiobraid Árann, an Iarmhí agus Loch Garman.
Ciallaíonn sé sin go bhfuil suas le 4,000 bunscoil, iar-bhunscoil agus scoil speisialta sa tír incháilithe do phainéil PV anois.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Foley:
"Tá Clár Grianchumhachta do Scoileanna tar éis réabhlóid ar an díon a sholáthar i mbreis agus 1,000 scoil go dtí seo. Chuidigh sé leis na scoileanna sin a gcuid astuithe carbóin a laghdú. Tá an cumas aige freisin na milliúin euro a shábháil dár scoileanna ar a mbillí fuinnimh, ní hamháin ar feadh bliain amháin, ach gach bliain.
Tá lúcháir orm, mar sin, a fhógairt inniu gur féidir le gach scoil sa tír cur isteach anois ar an gClár Grianchumhachta do Scoileanna, agus muid ag seoladh an dara céim agus an chéim dheireanach seo. Tá na painéil PV feicthe agam i mórán de na scoileanna ar thug mé cuairt orthu. Creidim go gcuirfidh an Clár Grianchumhachta do Scoileanna dlús le suiteáil na bpainéal PV ar dhíonta tithe agus gnólachtaí mar go bhfeiceann daoine na buntáistí a bhaineann le fuinneamh in-athnuaite ag gníomhú ina bhfoirgnimh scoile áitiúla.”
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Smyth:
"Tá lúcháir orm a fheiceáil gur éirigh chomh maith sin leis an gcéad chuid den tionscadal grianchumhachta do scoileanna. Tá grianphainéal ag na chéad 1,000 scoil anois, rud atá ag sábháil airgid dóibh cheana féin ar a mbillí fuinnimh. Go dtí seo, chosain an tionscadal níos lú ná mar a bhí tuartha agus íocfaidh sé as féin go héasca leis an airgead a shábhálfar. Táim ag súil go mbainfidh scoileanna ar fud na tíre tairbhe as billí fuinnimh níos ísle agus iad ag cabhrú le hÉirinn ár spriocanna aeráide a bhaint amach.”
Tá an Clár Grianchumhachta do Scoileanna á mhaoiniú ag Ciste Gníomhaithe ar son na hAeráide de chuid an Rialtais ag teacht le haitheantas an Rialtais go bhfuil gníomhú i dtaca le hathrú aeráide mar chuid lárnach d’fhorbairt shóisialta agus eacnamaíochta na hÉireann. Tá sé ag cabhrú le scoileanna chun a gcostais fuinnimh agus a lorg carbóin a laghdú mar chuid den fhreagairt maidir leis na spriocanna sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2030 agus 2050 a bhaint amach in earnáil na scoileanna.
Tá na painéil PV i scoileanna á gceangal leis an eangach leictreachais ionas go bhféadfaidh scoileanna cumhacht a sholáthar do thithe cónaithe agus do ghnólachtaí eile nuair a bheidh na scoileanna dúnta ag an deireadh seachtaine agus le linn laethanta saoire na scoileanna.
Braithfidh an gnáthmhéid a d'fhéadfadh scoil a shábháil ar roinnt tosca. Mar sin féin, mar léiriú samplach, d'fhéadfadh scoil a bhfuil PV gréine 6 kW suiteáilte uirthi a bheith ag súil le tuairim is €1200-1600 in aghaidh na bliana a shábháil ar a bille, lena n-áirítear creidmheas don leictreachas a easpórtálann sí.
Sa chlár foriomlán beidh suas le 24 meigeavata de sholáthar fuinnimh in-athnuaite suiteáilte ar scoileanna agus sábhálfaidh sé sin thart ar €5.5 milliún in aghaidh na bliana ar fud 4,000 scoil.
Tá bogearraí monatóireachta a soláthar freisin do gach scoil ionas go bhféadfaidh na múinteoirí agus na scoláirí athbhreithniú agus plé a dhéanamh ar an méid fuinnimh a ghintear gach lá.
Chomh maith leis na buntáistí soiléire airgeadais agus aeráide, soláthraíonn infheictheacht na ngrianphainéal ar scoileanna buntáiste breise i dtaca le plé agus glacadh na teicneolaíochta a spreagadh sa phobal i gcoitinne.
Osclófar an chéim dheireanach den scéim le haghaidh iarratas Dé Luain, an 11 Samhain 2024. Rachaidh an Roinn i dteagmháil leis na scoileanna incháilithe go léir atá fanta agus tabharfar cuireadh dóibh iarratas a dhéanamh ón dáta sin.
Ceapadh an scéim ionas go mbeadh sí chomh cuíchóirithe agus ab fhéidir do scoileanna a bheadh ag baint úsáid as córas ar líne chun cumarsáid le scoileanna a éascú. I dtaca leis sin tá Mol Scoile bunaithe ag an Roinn Oideachais, ardán ar líne atá mar chuid de chóras faisnéise geografaí (GIS) na Roinne. Soláthraíonn an t-ardán ar líne próiseas iarratais agus ceadaithe atá simplí, soiléir agus éifeachtach do scoileanna a dhéanann iarratas ar a bheith páirteach.
Beidh ar scoileanna cúig cinn de mheastacháin a fháil ó sholáthraithe agus iad a chur chuig an Roinn Oideachais trí Mhol na Scoileanna lena n-athbhreithniú.
D'fhéadfadh sé nach mbeadh roinnt scoileanna ábalta leas a bhaint as maoiniú na scéime láithreach de bharr bonneagair nach bhfuil ag teacht le teicneolaíocht nua na ngrianphainéal; d'fhéadfadh díonta nó córais leictreachais neamh-chomhoiriúnacha a bheith san áireamh ansin.
Beidh an Roinn i dteagmháil le scoileanna ar bith a rinne iarratas, ach nár soláthraíodh a gcuid suiteálacha PV le linn Chéim 1, chun na chéad chéimeanna eile a phlé. Déileálfar leis na scoileanna sin mar thosaíocht sa chéad chéim eile agus sa chéim dheireanach seo.
Is iad seo a leanas na ceantair don chéad chéim eile den scéim:
Contae Cheatharlach | Contae Mhaigh Eo |
Contae an Chabháin | Contae na Mí |
Contae Chorcaí | Contae Mhuineacháin |
Contae Bhaile Átha Cliath | Contae Ros Comáin |
Contae Chill Dara | Contae Shligigh |
Contae Laoise | Contae Thiobraid Árann |
Contae an Longfoirt | Co. na hIarmhí |
Co. Lú | Contae Loch Garman |
Ba iad na ceantair don chéim phíolótach ná; contaetha an Chláir, Dhún na nGall, na Gaillimhe, Chiarraí, Chill Chainnigh, Liatroma, Luimnigh, Uíbh Fhailí, Phort Láirge, Chill Mhantáin agus ceantar Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.
Braithfidh an gnáthmhéid airgid a d’fhéadfadh scoil a shábháil dá mbeadh PV Gréine 6 kW suiteáilte aici (14 phainéal go hiondúil bunaithe ar an teicneolaíocht is déanaí) ar roinnt tosca agus ina measc sin tá treoshuíomh na bpainéal, cá mhéad den leictreachas a ghintear a ídíonn an scoil féin, cá mhéad de a easpórtáiltear agus na táillí leictreachais ar leith atá ag an scoil lena soláthraí fuinnimh, maidir le hiompórtáil agus easpórtáil fuinnimh. Mar léiriú samplach, dá n-ídeodh scoil 50% den leictreachas a ghineann sí agus dá ndéanfadh sí an 50% eile a easpórtáil; d’fhéadfadh sí a bheith ag súil le tuairim is €850 in aghaidh na bliana a shábháil ar a bille, chomh maith le creidmheas sa bhreis de €525 a fháil i leith a cuid easpórtála; bunaithe ar tháille de 34c/kWh agus Ráthaíocht Easpórtála Glaine (CEG de 21c/kWh.
Is iondúil go saothródh sé sin €1,375 in aghaidh na scoile, nó sábháil airgid suas le €5.5 milliún in aghaidh na bliana ar fud 4,000 scoil
Is é an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024 (CAP24), an tríú uasdátú bliantúil ar Phlean Gníomhaithe na hÉireann ar son na hAeráide.
Tá sé mar chuspóir ag an bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide treochlár gníomhaíochtaí a leagan amach a thabharfaidh Éire ar deireadh thiar chun a cuspóir náisiúnta aeráide a bhaint amach, mar atá dul sa tóir ar an aistriú chuig geilleagar atá seasmhach ó thaobh na haeráide de, saibhir ó thaobh na bithéagsúlachta, inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus neodrach ó thaobh na haeráide agus an cuspóir sin a bhaint amach. Tá sé ag teacht leis na buiséid charbóin ar fud an gheilleagair atá ina gceangail dlí agus leis na huasteorainneacha astaíochtaí earnála a d’aontaigh an Rialtas i mí Iúil 2022.
Bunaíodh an Ciste Gníomhaithe ar son na hAeráide ar bhonn reachtúil in 2020 chun tacaíocht a sholáthar do thionscadail, tionscaimh agus taighde a chabhraíonn chun spriocanna aeráide agus fuinnimh na hÉireann a bhaint amach, agus do thionscadail agus do thionscnaimh i réigiúin den Stát, agus laistigh d’earnálacha den Gheilleagar a bhfuil tionchar ag an aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin orthu. Tacaíonn an Ciste le tionscadail nach dtabharfaí fúthu murach é. Cuirtear acmhainní ar fáil don Chiste ó roinnt foinsí, lena n-áirítear cúiteamh oifigiúil i leith astaíochtaí aerthaistil agus teacht isteach ón tobhach a íoctar leis an nGníomhaireacht Chúltaca Ola Náisiúnta (NORA) maidir le diúscairt ábhartha táirgí peitriliam, i ndiaidh riachtanais mhaoinithe Nóra a bheith íoctha.
Próiseas simplí ina bhfuil cúig chéim is ea an próiseas iarratais do Chlár PV na Scoileanna a chuirtear i gcrích ar líne den chuid is mó trí Mhol Scoileanna na Roinne Oideachais.
Ar an 11 Samhain gheobhaidh an scoil a cuid sonraí chun logáil isteach ó SchoolsPVProgramme@education.gov.ie agus féadfaidh sí logáil isteach ar Mhol na Scoileanna agus tosú ar na 5 chéim a chur i gcrích;
1. An Léiriú Spéise a Chomhlánú
2. Meastacháin a fáil do na hOibreacha
3. Ceadú an Mhaoinithe
4. Críochnú na nOibreacha agus an Íocaíocht Deiridh
5. Aiseolas Feidhmithe an PV 12 mhí i ndiaidh na suiteála
Foilseofar doiciméid treorach don chéim seo den chlár ar shuíomh gréasáin na Roinne ón dáta oscailte d’iarratais, Dé Luain, an 11 Samhain.
Má tá ceist ag scoileanna faoin gClár Grianchumhachta do Scoileanna i ndiaidh athbhreithniú a bheith déanta acu ar na treoirdhoiciméid, beidh tacaíocht ar fáil trí líne chabhrach Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (ÚIFÉ) ag 01 808 210 idir 9am agus 5pm ó Luan go hAoine, ag tosú ar an 11 Samhain 2024.