Comhairliúchán Poiblí á fhógairt ag an Aire McConalogue maidir le hAthbhreithniú ar Thrálaeireacht Laistigh de Chrios na Sé Mhuirmhíle agus Laistigh de na Bunlínte
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sheol an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., comhairliúchán poiblí inniu ar iascaireacht le tráil laistigh de chrios na sé mhuirmhíle agus laistigh de na bunlínte agus tá sé ag lorg tuairimí an phobail ar an ábhar.
Dúirt an tAire McConalogue:
“Cúig bliana ó shin, i mí na Nollag 2018, fógraíodh aistriú chuig cosc ar shoithí os cionn 18 méadar trálaeireacht a dhéanamh in uiscí cladaigh, laistigh de chrios na sé mhuirmhíle agus laistigh de na bunlínte mar thoradh ar chomhairliúchán poiblí roimhe seo. Bhí bonn tacaíochta láidir ag an gcosc seo ach cuireadh ar ceal é mar gheall ar agóid dlí. I bhfianaise na n-athruithe ar ghníomhaíocht agus na saincheisteanna a bhaineann leis an spás mara ó shin i leith, is dóigh liom go bhfuil sé tábhachtach go ndéanfaí athbhreithniú agus machnamh ar an gceist seo i bpróiseas oscailte cuimsitheach.”
Mar chuid den Chomhairliúchán Poiblí, tá Páipéar Comhairliúcháin á chur ar fáil a leagann amach roghanna féideartha agus a sholáthraíonn faisnéis ar shaincheisteanna atá le breithniú. Tá comhairle eolaíoch agus eacnamaíoch cothrom le dáta ó Foras na Mara agus ó Bord Iascaigh Mhara, faoi seach, maidir le trálaeireacht sna huiscí laistigh de na sé mhuirmhíle á foilsiú freisin.
Dúirt an tAire McConalogue:
“Is eol dom go mbíonn ár gcabhlach cladaigh, i gcomparáid le soithí níos mó, ag brath go mór ar acmhainní iascaireachta laistigh de chrios na sé mhuirmhíle. I measc na saincheisteanna eile ar gá machnamh a dhéanamh orthu tá cothromaíocht a dhéanamh idir bainistíocht ár n-iascaigh agus riachtanais an éiceachórais mhuirí chomh maith leis na hathruithe a tharla mar thoradh ar Brexit, ar an nGéarchéim Fuinnimh agus ar an nGéarchéim Aeráide. Tá an comhthéacs beartais athraithe go mór ó 2018 i leith. Molaim do gach páirtí leasmhar na doiciméid chomhairliúcháin a léamh agus machnamh a dhéanamh orthu agus aon aighneachtaí á ndéanamh acu.”
Is é cuspóir an chomhairliúcháin seo ná tuairimí a lorg ó gach páirtí leasmhar ar ghníomhaíocht trálaeireachta laistigh de chrios na sé mhuirmhíle agus laistigh de na bunlínte.
Moltar do gach páirtí leasmhar aighneacht a dhéanamh don Chomhairliúchán Poiblí seo.
Tá sonraí maidir leis an gComhairliúchán Poiblí agus conas aighneacht a dhéanamh le fáil anseo