Molann an tAire Butler do sholáthraithe tithe altranais éilimh a chur isteach sula ndúnann an Scéim Feabhsúcháin Sábháilteachta do Chónaitheoirí i dTithe Altranais d'iarratais
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Leis an aidhm chun feabhas a chur ar chosc ionfhabhtaithe agus ar shábháilteacht ó dhóiteán i dtithe altranais príobháideacha agus deonacha, tá suas le €25,000 ar fáil do gach teach altranais atá cáilithe d’oibreacha struchtúrtha chun comhlíonadh a fheabhsú le Rialachán 27 (Cosaint in aghaidh ionfhabhtaithe) agus / nó Rialachán 28 (Réamhchúraimí Dóiteáin) de SI Uimh 415/2013, Acht Sláinte 2007 (Cúram agus Tacaíocht do Chónaitheoirí in Ionaid Ainmnithe do Dhaoine Scothaosta) Rialacháin 2013 (leasaithe).
Is féidir le tithe altranais a rinne oibreacha struchtúrtha faoin scéim seo costais na n-oibreacha seo a éileamh más rud é go ndearnadh iad idir an 1 Eanáir 2020 agus an 15 Samhain 2024, má chomhlíonann siad critéir na scéime.
Dúirt an tAire Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta, Mary Butler:
“Bhí an-áthas orm maoiniú a fháil i mBuiséad 2024 don Scéim nua Feabhsúcháin Sábháilteachta do Chónaitheoirí i dTithe Altranais agus impím ar gach teach altranais atá incháilithe iarratas a dhéanamh. Is cúis áthais dom a fheiceáil gur bhain tithe altranais i ngach contae tairbhe as an scéim seo go dtí seo agus, gur íocadh íocaíochtaí ar luach €5.4 milliún le 242 teach altranais go nuige seo. Is iontach an rud é tabhairt faoi deara go bhfuil leibhéil chomhlíonta níos fearr ann do thairbhithe an RSI. Is ábhar dóchais é na leibhéil chomhlíonta níos fearr a thabhairt faoi deara, don dá rialachán ar a bhfuil an scéim dírithe.
“Tá an scéim deartha chun tacú le tithe altranais príobháideacha agus deonacha chun feabhas a chur ar chosc ionfhabhtaithe agus ar shábháilteacht ó dhóiteán agus chun comhlíonadh na rialachán a chinntiú. Tuigim gur féidir le hoibreacha, a dhéantar chun comhlíonadh a fheabhsú, a bheith costasach do thithe altranais, go háirithe do thithe altranais níos lú, deonacha agus níos sine. Is í aidhm na scéime seo ná cuid den bhrú airgeadais a d'fhéadfadh a bheith mar thoradh air seo a laghdú agus suas le €25,000 ar fáil do gach teach altranais atá cáilithe le haghaidh oibreacha incháilithe.
“Molaim d'aon teach altranais nach bhfuil iarratas déanta acu cheana a n-iarratais a chur isteach. De rogha air sin, murar bhain teach altranais leas as an €25,000 iomlán atá ar fáil agus má tá oibreacha incháilithe déanta aige, molaim dóibh éileamh eile a chur isteach. Ní mór gach éileamh a chur isteach le haghaidh íocaíochta faoin 15 Samhain 2024.
"I gcónaí, dírím ar shábháilteacht agus ar fholláine na gcónaitheoirí. Tá sé tábhachtach go gcuirfí daoine aosta agus a dteaghlaigh ar a suaimhneas go gcomhlíonann ár n-áiseanna cúraim chónaithe fhadtéarmaigh na caighdeáin is fearr is féidir."
Tá sonraí na scéime, lena n-áirítear foirmeacha iarratais, ar fáil ar shuíomhanna Gréasáin an FSS agus an Ciste Náisiúnta um Cheannach Cóireála (NTPF) .