Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí Dé Céadaoin 26ú Eanáir 2022-
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu faoi 5,605* cás dearbhaithe de COVID-19.
Ina theannta sin, ar an Máirt 25 Eanáir, chláraigh 4,809** duine tástáil antaigine dearfach trí thairseach FSS.
Fógraíodh 6,136 bás san iomlán bainteach le COVID-19 in Éirinn. Áirítear leo seo 49 bás a fógraíodh le seachtain anuas (ón gCéadaoin seo caite).
Amhail 8rn inniu, tá 739 othar a bhfuil COVID-19 orthu san ospidéal, a bhfuil 74 acusan in Aonad Dianchúraim.
Tá staitisticí ar vacsaíní teanndáileoige ar fáil anois ar an mol sonraí COVID-19.
#CosaintIlshraitheach chun tú féin a chosaint ó ionfhabhtú COVID-19. Tá réimse póstaeir agus comharthaí ar fáil duit le húsáid.
I bhfianaise na minicíochta ard atá ann faoi láthair, tá líon na gcásanna laethúla bunaithe ar thorthaí dearfacha SARS-CoV-2 a uaslódáladh chuig Rianaire Cúraim COVID FSS an lá roimhe sin. Tá na sonraí seo sealadach. Leanfaidh an HPSC agus comhpháirtithe faireachais ar aghaidh ag tabhairt fógra agus ag próiseáil cásanna agus ráigeanna de COVID-19 ar CIDR le linn na tréimhse seo.