Ár dTodhchaí Tuaithe: Tá beagnach €8 milliún de mhaoiniú fógartha ag an Aire Humphreys le haghaidh áiseanna pobail agus spóirt
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu (Dé Céadaoin, an 29 Márta, 2023) d’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys TD, ibeagnach €8 milliún le haghaidh áiseanna pobail agus spóirt ar fud na tíre.
Inniu (Dé Céadaoin, an 29 Márta, 2023) d’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys TD, ibeagnach €8 milliún le haghaidh áiseanna pobail agus spóirt ar fud na tíre.
Faoin tionscnamh, cuirfear deontais de suas le €50,000 ar fáil chun tacú le forbairt áiseanna pobail agus spóirt, clubanna óige, clóis súgartha, gairdíní céadfacha, conairí siúlóide agus go leor eile.
Agus den chéad uair riamh faoi Chlár CLÁR, cuirfear maoiniú ar fáil chun uasghrádú agus feabhsúcháin a dhéanamh ar sheastáin don lucht féachana ag clubanna CLG agus clubanna spóirt áitiúla.
Beidh bearta sonracha ann chun tacú le hIompar Cúraim Ailse, le Céad Fhreagróirí Pobail comh maith le muintir na n-oileán amach ón gcósta freisin.
Agus í ag fógairt sonraí an chláir inniu, dúirt an tAire Humphreys:
“Is éard atá i gceist le Clár CLÁR ná tacaíocht a thabhairt do phobail tuaithe chun barr a gcumas a bhaint amach. Is éard atá i gceist leis ná tionscadail ardchaighdeáin pobail agus spóirt a sheachadadh lena bhfeabhsófar ár mbailte agus sráidbhailte le bheith níos beoga mar áiteanna chun maireachtáil iontu agus níos tarraingtí mar chinn scríbe chun cuairt a thabhairt orthu. Is é sin le rá leithéidí páirceanna astroturf, clóis súgartha, gairdíní céadfacha agus cúirteanna liathróid láimhe, agus fiú pictiúrlanna amuigh faoin spéir, conairí siúlóide agus ionaid aclaíochta pobail – tá CLÁR saincheaptha chun tacú le raon leathan tionscadal a rachaidh chun tairbhe do dhaoine de dhaoine ar gach aois agus cumas. Agus tá an-áthas orm inniu a fhógairt go gcuirfear maoiniú ar fáil den chéad uair riamh chun seastáin don lucht féachana a uasghrádú agus a fhorbairt ag páirceanna CLG agus ag páirceanna spóirt eile i gCeantair Thuaithe na hÉireann.Tá a fhios agam go bhfuil go leor clubanna áitiúla CLG ann a bhainfeadh tairbhe mhór as maoiniú chun tacú le rochtain feabhsaithe don lucht féachana a fhreastalaíonn ar chluichí ina bpáirceanna. Mar sin, molaim do na clubanna seo cur isteach ar mhaoiniú faoi thionscnamh na bliana seo.”
Lean an tAire Humphreys ar aghaidh, agus dúirt:
“Ón am ar athsheoladh an clár CLÁR in 2016, chuir sé go mór le cuid de na pobail is iargúlta agus is tuaithe atá againn. Thug an tionscnamh tacaíocht do bhreis is 2,100 tionscadal le maoiniú de bhreis is €57 milliún trí raon de bhearta éagsúla. I mbeagnach gach baile ar a dtugaim cuairt, tá daoine iontacha ag déanamh obair iontach chun pobail a thabhairt le chéile agus ba mhaith liom na hiarrachtaí seo a ghríosú agus a thacú le CLÁR.”
Le Clár CLÁR 2023 táthar ag cur leis an bhfreagra ar Chiste Infheistíochta na nIonad Pobail anuraidh (CCIF) a cheadaigh breis is €45 milliún do 858 tionscadal. Beidh an Ciste sin spriocdhírithe ar fhoirgnimh nua in 2023. Cuirfidh CLÁR 2023 maoiniú ar fáil le haghaidh oibreacha athchóirithe ar mhionscála ar ionaid phobail atá ann cheana féin nach bhfuair maoiniú faoin CCIF.
Lean an tAire léi, ag rá:
“Tá áthas orm freisin, ar ndóigh, leanúint le tionscnaimh fhiúntacha eile faoi CLAR a thacú, freisin. Leanfar leis an gclár tacaíocht a thabhairt do ghrúpaí deonacha áitiúla feithiclí a cheannach a éascaíonn an t-ualach atá ar othair ailse agus ar a ngaolta. Leis na feithiclí seo, déantar an saol beagán níos éasca freisin do dhaoine scothaosta ar gá dóibh taisteal chuig seirbhísí cúraim lae. Leanfaimid freisin le maoiniú chun feithiclí a cheannach do Chéad Fhreagróirí Pobail agus d’Eagraíochtaí Cuardaigh agus Tarrthála, chomh maith le tacaíocht a thabhairt do phobail ar na hOileáin amach ón gcósta, atá ina gcuid lárnach den tionscnamh ‘Ár dTodhchaí Tuaithe’.”
Tá na sonraí go léir ar fáil anseo
CRÍOCH
Nótaí do na heagarthóirí:
CLÁR 2023
Leis an gclár CLÁR (Ceantar Laga Ard-Riachtanais). cuirtear maoiniú ar fáil le haghaidh tionscadail bhonneagair ar mhionscála i gceantair thuaithe ainmnithe a bhfuil méid suntasach den bhánú feicthe iontu.
Athosclaíodh an scéim in 2016 chun tacú le forbairt limistéar iargúlta tuaithe trí thionscadail chaipitil ar scála beag a bhaineann le comhoibriú idir údaráis áitiúla (ÚÁanna) agus pobail, chomh maith le heagraíochtaí pobail eile.
Tá na ceantair a bhfuiltear ag díriú orthu faoin gClár CLÁR lonnaithe sna contaetha seo a leanas: Ceatharlach, an Cabhán, an Clár, Corcaigh, Dún na nGall, Gaillimh, Ciarraí, Cill Chainnigh, Laois, Luimneach, Longfort, Lú, Maigh Eo, an Mhí, Muineachán, Uíbh Fhailí, Ros Comáin, Sligeach, Tiobraid Árann, agus Port Láirge, an Iarmhí, Cill Mhantáin, agus gach áit i gContae Liatroma. Tá léarscáil náisiúnta de cheantair CLÁR, mar aon le léarscáileanna contae aonair ar fáil anseo.
Seo a leanas na bearta atá á maoiniú faoi chlár CLÁR 2023:
Tá sonraí go léir scéim CLAR foilsithe ar gov.ie/drcd