Margadh nua pá do Mhaoirseoirí na Scéimeanna Tacaíochta Fostaíochta fógartha ag an Aire Humphreys agus ag an Aire Joe O’Brien
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, agus an tAire Stáit, Joe O’Brien TD, inniu méadú pá de chúig faoin gcéad do mhaoirseoirí agus ceannairí foirne na Scéimeanna Tacaíochta Fostaíochta.
Rachaidh an socrú pá chun tairbhe do bhreis is 1,600 fostaí d’eagraíochtaí a bhainistíonn Fostaíocht Pobail (CE), Tús, Scéim Shóisialta Tuaithe (RSS) agus Tionscnamh Post.
Feicfidh na fostaithe sin méadú pá 3% ón 1 Aibreán 2023, a bheidh siardhátaithe, agus 2% eile ón 1 Samhain 2023.
Chuir an tAire Humphreys a comhghleacaithe Comh-Aireachta ar an eolas faoi shonraí an chomhaontaithe ar maidin.
Ag labhairt di i ndiaidh chruinniú na Comh-Aireachta inniu, dúirt an tAire Humphreys:
“Mar Aire Coimirce Sóisialta agus Forbartha Tuaithe agus Pobail, aithním go hiomlán an ról ríthábhachtach atá ag na scéimeanna seo i bpobail áitiúla ar fud na tíre.
“Tacaíonn siad le raon seirbhísí áitiúla ríthábhachtacha i réimsí amhail cúram leanaí, béilí ar rothaí agus cothabháil agus cúram áiseanna áitiúla.
“Is mian liom aitheantas a thabhairt don tseirbhís luachmhar agus thiomnaithe a chuireann na maoirseoirí agus na ceannairí foirne sin ar fáil chun na scéimeanna seo a reáchtáil ar fud na tíre. Ní fhéadfaimis a lán dár seirbhísí pobail áitiúla a chothú gan a gcuid oibre.
“Tá mé ar an eolas faoi na saincheisteanna a d’ardaigh na fostaithe seo tríd an rannpháirtíocht rialta a bhí agam leo le blianta beaga anuas, agus tá áthas orm a fhógairt go bhfuil an maoiniú ceadaithe do na méaduithe seo inniu.”
Dúirt an tAire Stáit Joe O’Brien:
“Tá an-áthas orm gur féidir linn an nuacht iontach seo a fhógairt inniu. Bainfidh breis agus 1,600 fostaí atá ag obair chun seirbhísí a chur ar fáil do phobail áitiúla tairbhe as na méaduithe seo.
“Is feabhas suntasach é an méadú iomlán ar phá 5% do na hoibrithe ríthábhachtacha seo agus íocfar é sna seachtainí amach romhainn chomh maith le riaráistí siardhátaithe go dtí an 1 Aibreán.”
Is cláir ghníomhacha sa mhargadh saothair iad Fostaíocht Pobail (CE) agus Tús a ceapadh chun deis a thabhairt do dhaoine atá dífhostaithe go fadtéarmach agus do dhaoine eile atá faoi mhíbhuntáiste obair úsáideach a dhéanamh laistigh dá bpobail ar bhonn sealadach, seasta.
Is scéim tacaíochta ioncaim í an Scéim Shóisialta Tuaithe (RSS) a chuireann deiseanna fostaíochta páirtaimseartha ar fáil d’fheirmeoirí agus d’iascairí agus do mhná a bhfuil íocaíochtaí leasa shóisialaigh sonraithe á bhfáil acu, agus atá tearcfhostaithe ina ngairm bheatha phríomhúil.
Tá RSS deartha agus seachadta go sonrach do dhaoine cáilithe áirithe in aois oibre a bhfuil a n-ioncam faoi bhun teorainneacha áirithe. Baineann an obair luachmhar a dhéanann na rannpháirtithe leas as na scileanna atá acu cheana féin, scileanna a d’fhéadfaí a fhorbairt agus a chomhroinnt tuilleadh le linn a rannpháirtíochta.
Is scéim tacaíochta fostaíochta é Tionscnamh Fostaíochta (JI) a ceapadh chun deis a thabhairt do dhaoine atá dífhostaithe go fadtéarmach agus do dhaoine eile atá faoi mhíbhuntáiste obair úsáideach a dhéanamh laistigh dá bpobail. Tháinig deireadh le hearcaíocht do JI in 2004.
I measc na gcineálacha oibre a mbíonn baint ag rannpháirtithe FP, Tús, RSS agus JI leo tá bainistíochta áiseanna áitiúla, tionscadail chomhshaoil, ealaíon agus cultúr, spóirt, cúram leanaí, Bailte Slachtmhara, seirbhísí a bhaineann le sláinte, béilí ar rothaí agus scéimeanna athshlánaithe drugaí.