Fógraíonn an tAire Humphreys cistiú €2 mhilliún chun tacú le Cúramóirí Teaghlaigh
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys, TD inniu cistiú €2 mhilliún chun tacú le agus feabhas a chur ar dheiseanna fostaíochta do chúramóirí teaghlaigh.
Leagfaidh an tionscnamh nua, faoi Chiste na gCuntas Díomhaoin, béim ar leith ar fholláine chúramóirí a fheabhsú, aonrú a laghdú, ullmhacht oibre a fhorbairt agus tacú le cúramóirí óga.
Tacófar freisin le hiarchúramóirí faoin tionscnamh, atá á thabhairt isteach ag an Roinn Coimirce Sóisialaí i gcomhar le Pobal.
Agus an ciste nua €2 mhilliún á fhógairt inniu, dúirt an tAire Humphreys:
“Thug mé chéad tús áite riamh anall, mar Aire Coimirce Sóisialaí, do thacú lenár gcúramóirí teaghlaigh.
“Úsáidfear an cistiú seo chun tacú lenár gcúramóirí teaghlaigh chun tabhairt faoi chúrsaí oideachais agus oiliúna agus feabhas a chur ar dheiseanna fostaíochta.
“Cuirfidh sé an deis ar fáil do chúramóirí teaghlaigh na scileanna uathúla atá acu a aithint agus a fhorbairt agus meas a léiriú orthu.
“Mar sin, mar shampla, cisteoimid rudaí cosúil le cúrsaí meantóireachta agus cóitseála a chuirfidh bealach chomh fada le fostaíocht ar fáil do chúramóirí, a chuirfidh ar a gcumas an mhuinín a athfhorbairt a mbaintear díobh í, amanna, i rith ról cúraim.
“Cabhróimid freisin lenár gcúramóirí i dtaobh feabhas a chur ar scileanna TF, a chabhróidh go mór le fostaíocht a bhaint amach.”
I measc roinnt de na gníomhaíochtaí a chisteofar faoin tionscnamh, beidh an méid seo a leanas:
Agus fáilte á cur roimh an gcistiú freisin, dúirt Liam O’Sullivan le Comhaontas Chúramóirí Éireann:
“A bhuíochas leis an gcistiú ón rialtas, tá réimse tacaíochtaí ar líne á sholáthar againn do chúramóirí teaghlaigh le roinnt blianta anuas anois. Dúradh nach féidir tacaíochtaí a sholáthar i gceart ar líne. Chruthaíomar nach raibh an ceart acu. Trí úsáid a bhaint as modhanna nuálacha ar líne agus trí chumhacht na piarthacaíochta, tá fíordhifríocht á déanamh ag ár dtionscadail d’fholláine chúramóirí teaghlaigh i ngach contae ar fud na hÉireann.
“Spreagaimid gach eagraíocht ar spéis leo tacú le cúramóirí teaghlaigh iarratas a dhéanamh ar an gcistiú faoin scéim seo a osclaítear inniu”
Dúirt an tAire Humphreys freisin:
“Tá gliondar croí orm go bhfuil mo Roinn ag oibriú lenár gcomhaontais chúramóirí lena chinntiú go n-imríonn an cistiú seo tionchar an-dearfach.
“Tá orainn gach iarracht a dhéanamh chun tacú le cúramóirí teaghlaigh le hobair a bhainistiú agus, i gcás cúramóirí óga, oideachas agus freagrachtaí cúraim a bhainistiú.
“D’éist mé le go leor cúramóirí agus iad ag labhairt faoin ngá atá le haitheantas agus cuspóir a bheith acu, ar leith óna ndianról cúraim. Anuas air sin, tá cúramóirí ann a thugann an streachailt le fios a bhaineann le cothromaíocht a bhaint amach idir obair agus cúram.
“Tuigim go ríshoiléir riachtanais chúramóirí óga a bhfuil iarracht á déanamh acu freagrachtaí cúraim a bhainistiú agus a n-oideachas agus a ngairmeacha beatha á gcur chun cinn i gcomhthráth acu, faoi mar a tugadh chun solais ag Fóram Bliantúil na gCúramóirí, a chuir mo Roinn ar siúl i mBealtaine.
“Is mian liom tacú leis na daoine óga seo ar a n-aistear féin saoil – agus níl amhras ar bith orm ach go mbeidh príomhpháirt ag an tionscnamh seo leis an sprioc sin a bhaint amach.”
Tá an próiseas á bhainistiú ag Pobal thar ceann na Roinne Coimirce Sóisialaí. Beidh treoirlínte agus an fhoirm iarratais ar fáil lena n-íoslódáil ó Dé Luain, an 19 Meán Fómhair ar www.pobal.ie . Is é an dáta deiridh chun iarratais a fháil an 12 Deireadh Fómhair.
Tá tús le cur leis na tionscnaimh rathúla in Eanáir 2023 agus beidh siad ar siúl go dtí Meitheamh 2024.
Eagraíocht idirghabhálaí neamhbhrabúsach is ea Pobal a bhainistíonn cláir éagsúla chistithe thar ceann Rialtas na hÉireann agus an AE.
Cuirtear in Achtanna na gCuntas Díomhaoin, 2001-2012, sa mhullach ar an Acht um Polasaithe Árachais Saoil Neamhéilithe, 2003 creat ar fáil chun cuntais neamhéilithe a riar in institiúidí creidmheasa (i.e. bainc, cumainn foirgníochta agus An Post) agus chun polasaithe árachais saoil neamhéilithe a riar i ngnóthais árachais.
Is é príomhchuspóir na reachtaíochta sealbhóirí cuntais nó polasaí a athaontú lena gcistí in institiúidí creidmheasa nó i ngnóthais árachais agus, ina leith seo, tá ar na comhlachtaí seo dul i mbun beart le húinéirí cuntas díomhaoin agus polasaithe árachais saoil nár éilíodh a shainaithint agus teagmháil a dhéanamh leo.
Chun an úsáid is fearr a bhaint as na cistí neamhúsáidte i gcuntais dhíomhaoine agus polasaithe nár éilíodh, tugadh scéim isteach sa reachtaíocht freisin chun cistí a íoc amach nach dóchúil go n-éileofar iad ó chuntais dhíomhaoine agus polasaithe nár éilíodh ar mhaithe le bearta chun cabhrú le:
Líonra 95 eagraíocht neamhbhrabúsach a thacaíonn le cúramóirí teaghlaigh é Comhaontas Chúramóirí Éireann. Tá réimse tacaíochtaí ar líne á sholáthar aige faoi láthair do chúramóirí teaghlaigh, grúpa tacaíochta ar líne do chúramóirí teaghlaigh san áireamh ina bhfuil beagnach 4,000 cúramóir teaghlaigh agus tionscadal atá dírithe ar TF, Return Ready, bainteach. Chun teacht ar bhreis sonraí, déan teagmháil le Liam O’Sullivan, Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar