Maoiniú chun athfhorbairt a dhéanamh ar shuíomh gréasáin Ghaillimh le Gaeilge ceadaithe ag Aire Stáit na Gaeltachta, Patrick O’Donovan T.D.
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé fógartha ag Aire Stáit na Gaeltachta, Patrick O’Donovan T.D., inniu, 6ú Deireadh Fómhair 2023, go bhfuil deontas de €9,255 á chur ar fáil aige do Ghaillimh le Gaeilge le cumasú dóibh atógáil a dhéanamh ar shuíomh gréasáin na heagraíochta.
Tá Gaillimh ainmnithe mar cheann de na Bailte Seirbhíse Gaeltachta faoi Acht na Gaeltachta 2012 agus plean teanga ullmhaithe don chathair, a ceadaíodh in 2020. Is é príomhchuspóir an Phlean Teanga cur le húsáid na Gaeilge mar theanga phobail na cathrach ar bhonn incriminteach. Oibríonn Gaillimh le Gaeilge i gcomhar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Cumann Tráchtála na Gaillimhe agus grúpaí eile chun an dátheangachas a fhorbairt agus a threisiú sa chathair.
Tuigtear go bhfuil sé mar aidhm ag Gaillimh le Gaeilge iniúchadh iomlán a dhéanamh ar shuíomh gréasáin reatha na heagraíochta. Feicfear sa dearadh úr go mbeidh cuma tharraingteach ar an suíomh agus cosán soiléir á sholáthar chun an t-úsáideoir a threorú isteach i sruthanna éagsúla den suíomh.
Bhí an méid seo le rá ag an Aire Stáit O’Donovan agus an deontas á fhógairt aige:
“Is éacht í an obair atá déanta ag Gaillimh le Gaeilge le blianta fada agus iad ag cur lena gcumas an Ghaeilge a scaipeadh go forleathan trí bhun an tsaoil eacnamaíochta, sóisialta agus cultúrtha na cathrach. Leis an dearadh nua atá beartaithe ar shuíomh gréasáin na heagraíochta, beidh gach úsáideoir idir óg agus aosta in ann teacht ar eolas trí mheán na Gaeilge go héasca."
“Chuige sin, tá áthas orm, mar Aire Stáit, go bhfuil sé ar chumas mo Roinne deontas a chur ar fáil do Ghaillimh le Gaeilge chun brú ar aghaidh leis an obair seo. Tréaslaím leis an eagraíocht as a cuid iarrachtaí ar son na teanga agus beidh mé ag súil le toradh na hoibre a fheiceáil amach anseo.”
Tá tuilleadh eolais le fáil faoi Phlean Teanga Chathair na Gaillimhe anseo .