Fáilte curtha ag Creed roimh fhógraí an Choimisiúin maidir leis na Rialacha a bhaineann le Cúnamh Stáit d'fheirmeoirí agus do ghnónna agraibhia na hÉireann
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chuir an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD, fáilte inniu roimh fhógra an Choimisiúin Eorpaigh go bhfuil méadú curtha ar na huasteorainneacha tairsí faoi rialachán de minimis talmhaíochta ó €15,000 suas go €25,000.
Maidir le fógra an Choimisiúin Eorpaigh, dúirt an tAire Creed:
“Tá sé ráite cheana agam nach mbeidh easpa ar bith ar an Stát i dtaobh tacú le hearnáil agraibhia na hÉireann ná le feirmeoirí i dtaobh an Bhreatimeachta. Is céim thábhachtach chun cinn an méadú ar theorainneacha de minimis agus táim an-bhuíoch don Choimisinéir as an bhfreagra atá tugtha aige ar an gceist seo.”
Tá an gá atá le solúbthacht i Rialacha Cúnaimh Stáit ar chlár oibre an Aire Creed le tamall anois agus chas sé leis an gCoimisinéir Hogan chun é seo agus ceisteanna eile a bhaineann le cúnamh stáit a phlé, chomh maith le gá a bheith le tacaíocht dhíreach ón gCoimisiún i gcomhthéacs an Bhreatimeachta. Dheimhnigh an Coimisinéir go raibh an Coimisiún réidh chun freagra a thabhairt de réir mar is cuí.
Chuir an tAire Creed fáilte roimh fhógra an Choimisiúin Eorpaigh go bhfuil ceadú tugtha do Chúnamh Stáit le hinfheistíocht náisiúnta a dhéanamh i Carbery Food Ingredients Ltd, cuideachta táirgíochta cáise.
Maidir leis an bhfógra, dúirt an tAire Creed:
"Tá ríméad orm gur cuireadh an infheistíocht seo ar aghaidh tríd an Ard-Stiúrthóireacht um Thalmhaíocht i ndiaidh rannpháirtíocht chuimsitheach arna stiúradh ag mo Roinn i gcomhar leis an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta, Fiontar Éireann agus an Coimisiún Eorpach. Is fasach tábhachtach an ceadú seo agus leis beidh teimpléad ann chun cúnamh a chur ar fáil do chuideachtaí san earnáil agraibhia laistigh de rialacha agus rialacháin a bhaineann le cúnamh stáit.”
CRÍOCH