Fáiltíonn an tAire Foley roimh fhoilsiú 12 ábhar nua agus leasaithe don Ardteistiméireacht agus do chláir na Sraithe Sinsearaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá fáilte curtha inniu ag an Aire Oideachais Norma Foley TD roimh fhoilsiú 12 ábhar nua agus athbhreithnithe don Ardteistiméireacht agus do Chlár na Sraithe Sinsearaí. Tá sé seo mar chuid d'athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí a d'fhógair an tAire i mí an Mhárta 2022 agus ar chuir sí dlús léi i mí Mheán Fómhair anuraidh.
Tá sonraíochtaí curaclaim do naoi n-ábhar don tSraith Shinsearach foilsithe ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM). San áireamh iontu sin tá Bitheolaíocht, Fisic, Ceimic agus Gnó agus dhá ábhar nua, Léann na Drámaíochta, na Scannánaíochta agus na hAmharclannaíochta, agus Gníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe.
Foilsíodh Ráiteas Nua ar Chlár na hIdirbhliana agus sonraíocht nua don Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte (OSPS) don tSraith Shinsearach freisin, chomh maith leis na chéad Chláir Foghlama Leibhéal 1 agus 2 riamh sa tSraith Shinsearach do dhaltaí áirithe a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.
Tabharfar na hábhair nua agus leasaithe isteach i scoileanna an bhliain seo chugainn, do dhaltaí na cúigiú bliana a bheidh ag tosú amach i scoilbhliain 2025/2026. Tá na Cláir Foghlama nua ag Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 agus na modúil ghaolmhara, Ráiteas Leasaithe na hIdirbhliana agus sonraíocht nua don Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte (OSPS) sa tSraith Shinsearach ar fáil ón scoilbhliain seo le cur i bhfeidhm i scoileanna.
Dúirt an tAire Foley:
"Is céim an-dearfach eile chun cinn í seo maidir le hAthchóiriú na Sraithe Sinsearaí a chur chun cinn. Tá naoi n-ábhar nua agus leasaithe ann a mbeidh taithí ag scoláirí orthu ó Lúnasa/Meán Fómhair na bliana seo chugainn. Beidh comhpháirt mheasúnaithe bhreise ag gach ábhar ar fiú 40 faoin gcéad ar a laghad de na marcanna í. Is í an aidhm ná go mbeidh deis ag ár scoláirí a gcuid buanna agus cumais a léiriú agus an strus atá orthu a laghdú agus chuige sin imeacht ó bheith dírithe ar lá scrúdaithe amháin i mí an Mheithimh.
"Is cúis áthais ar leith dom go bhfuil na hábhair nua Léann na Drámaíochta, na Scannánaíochta agus na hAmharclannaíochta agus Gníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe á bhfoilsiú inniu. Tabharfaidh na hábhair sin eispéireas foghlama agus bealach nua do scoláirí chun a gcuid buanna a léiriú agus príomhinniúlachtaí a fhorbairt. Tá na hábhair nua is déanaí – Corpoideachas agus Ríomheolaíocht – an-tarraingteach do scoláirí agus fás tagtha ar líon na ndaoine a roghnaíonn na hábhair sin gach bliain.
"Táim cinnte go n-éireoidh chomh maith céanna leis na hábhair nua is déanaí agus ba mhaith liom gach rath a ghuí ar an 100 scoil ar fud na tíre atá roghnaithe le bheith sa chéad ghrúpa scoileanna chun na hábhair a chur ar fáil ón mbliain seo chugainn ar aghaidh."
Tá na scoileanna roghnaithe le fógairt go luath.
Ghlac an tAire Foley buíochas le Comhairle CNCM, lena Feidhmeannas agus leis na múinteoirí, lucht acadúil agus saineolaithe ábhair ar na Grúpaí Forbartha éagsúla agus le foireann na scoileanna, le scoláirí agus le tuismitheoirí a thug tuairimí le linn na bpróiseas comhairliúcháin phoiblí do na hábhair nua agus athbhreithnithe.
Is é an tiomantas chun Cothromas agus Barr Feabhais a sholáthar do Chách sa tSraith Shinsearach an treoirphrionsabal atá taobh thiar de na hábhair agus na cláir nua agus athbhreithnithe agus tógann sé ar an dúil in Athchóiriú na Sraithe Sinsearaí atá ag scoláirí agus ag na comhpháirtithe oideachais go léir.
Tiocfaidh an Ráiteas nuashonraithe ar Chlár na hIdirbhliana a foilsíodh inniu in ionad an doiciméid reatha maidir le Treoirlínte na hidirbhliana do Scoileanna a tugadh isteach i scoileanna in 1994.
Tacóidh an curaclam nuashonraithe OSPS don tSraith Shinsearach le 60 uair an chloig teagaisc agus foghlama thar dhá bhliain, rud a léiríonn an tábhacht a bhaineann le OSPS do dhaoine óga ag an bpointe seo ina n-oideachas iar-bhunscoile.
Tá na Cláir Foghlama Leibhéal 1 agus 2 do dhaltaí áirithe a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu suas go dtí an tSraith Shóisearach leathnaithe go dtí leibhéal na Sraithe Sinsearaí den chéad uair. Tá na chéad Mhodúil Leibhéal 1 agus 2 sa tSraith Shinsearach ar fáil anois agus clúdaíonn siad réimsí foghlama amhail cumarsáid, teanga, litearthacht agus uimhearthacht.
Is mórnuálaíocht é go gcuirfidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS) deimhniú ar fáil do na cláir T1/T2 do scoláirí a chríochnaíonn na modúil go rathúil.
Mar thoradh ar fhoilsiú an chéad sciar den obair forbartha inniu, féadfaidh CNCM, Coimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS) agus Oide (an tseirbhís chomhtháite tacaíochta do mhúinteoirí) a gcuid oibre tacaíochta forfheidhmithe a chur chun cinn agus bogadh ar aghaidh chun cabhrú le scoileanna agus le múinteoirí ullmhú do theagasc na gcuraclam agus na gclár nua. Tá obair á déanamh freisin ar sciar ina dhiaidh sin d'athbhreithniú ábhair agus modúl agus tá sé beartaithe gach sciar a sholáthar i scoileanna ar bhonn bliantúil ón mbliain seo chugainn ar aghaidh. Tá obair forbartha Sciar 2 faoi lán seoil agus tionólfaidh CNCM Grúpaí Forbartha Ábhar do Sciar 3 ag deireadh na míosa seo.
Tá na sonraíochtaí agus na doiciméid ghaolmhara cláir a ceadaíodh agus a foilsíodh inniu ar fáil anseo agus is mar seo a leans atá siad:
• An tSonraíocht do Bhitheolaíocht na hArdteistiméireachta
• An tSonraíocht do Cheimic na hArdteistiméireachta
• An tSonraíocht d’Fhisic na hArdteistiméireachta
• An tSonraíocht do Ghnó na hArdteistiméireachta
• An Sonraíocht do Léann na Drámaíochta, na Scannánaíochta agus na hAmharclannaíocht san Ardteistiméireacht
• Gníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe na hArdteistiméireachta
• Araibis na hArdteistiméireachta
• Laidin na hArdteistiméireachta
• Sean-Ghréigis na hArdteistiméireachta
• Ráiteas ar Chláir Foghlama Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 agus 14 mhodúl
• Leagan leasaithe de Ráiteas Cláir na hIdirbhliana
• An tSonraíocht do churaclam Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte (OSPS) na Sraithe Sinsearaí
Tá sonraí faoi gach ceann de na sciartha ina dhiaidh sin d'athfhorbairt ábhair agus modúl ar fáil anseo .
Cuirfear na sonraíochtaí do na naoi n-ábhar Ardteistiméireachta a foilsíodh inniu i bhfeidhm i scoileanna don chúigiú bliain ón gcéad scoilbhliain eile (2025/26), ag tosú i mí Lúnasa\Meán Fómhair 2025.
Tugadh an Idirbhliain isteach den chéad uair ar bhonn píolótach i mí Mheán Fómhair 1974 agus tá sí ar fáil do gach iar-bhunscoil ó mhí Mheán Fómhair 1994.
Faoi láthair, cuireann beagnach gach scoil (99%) clár na hIdirbhliana ar fáil agus ní raibh líon na scoláirí a dhéanann an Idirbhliain chomh hard riamh. Bhí beagnach 60,000 dalta cláraithe i gcláir Idirbhliana sa scoilbhliain 2023/2024 agus tá méadú seasmhach tagtha ar chéatadán scoláirí na Sraithe Sóisearaí atá ag dul isteach san Idirbhliain le roinnt blianta anuas go dtí an líon ard reatha de 80% in 2023/2024. Tá an ráta rannpháirtíochta dúbailte ó fiche bliain ó shin nuair nach ndeachaigh ach 40% de na scoláirí ar aghaidh ón Tríú Bliain go dtí an Idirbhliain.
Tiocfaidh an Ráiteas Cláir nuashonraithe a foilsíodh inniu in ionad an doiciméid reatha Treoirlínte idirbhliana do Scoileanna a tugadh isteach i scoileanna in 1994.
Le linn scoilbhliain 2024/25, beidh deis ag gach scoil iniúchadh a dhéanamh ar a soláthar reatha don Idirbhliain agus ba cheart dóibh é a leasú nuair is gá de réir an Ráitis Cláir a foilsíodh inniu. Tabharfaidh Cigireacht na Roinne tacaíocht agus comhairle do scoileanna ina leith seo le linn scoilbhliain 2024/25. Tacóidh Oide, an tseirbhís tacaíochta nua-chomhtháite do mhúinteoirí, le scoileanna freisin agus iad i mbun pleanála.
Cuireann an Ráiteas Cláir creat ar fáil do scoileanna chun a gcláir Idirbhliana féin a fhorbairt laistigh de threoirlínte socraithe agus molann sé ceithre Ghné Scoláirí mar bhunchlocha ar cheart cláir Idirbhliana a dhearadh orthu. Díríonn na ceithre Ghné Scoláire sin ar fhás pearsanta; a bheith i d'fhoghlaimeoir; rannpháirtíocht shibhialta agus phobail, agus forbairt gairme faoi seach. Dearadh na ceithre Ghné Scoláire sin chun idirghlasáil a dhéanamh ar bhealach a thrasnaíonn Príomhinniúlachtaí na Sraithe Sinsearaí.
Tá curaclam OSPS nuashonraithe don tSraith Shinsearach ceadaithe ag an Aire. Dearadh an tsonraíocht mar ghné éigeantach chun tacú le 60 uair an chloig teagaisc agus foghlama thar dhá bhliain, rud a léiríonn an tábhacht a bhaineann le OSPS do dhaoine óga ag an bpointe seo ina n-oideachas iar-bhunscoile.
Aithnítear cé go gcaithfidh gach scoil Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta a chur ar fáil sa tSraith Shinsearach faoi láthair, nach gcuireann mórán scoileanna OSPS ar fáil sa tSraith Shinsearach é agus ciallaíonn sé sin go bhfuil gá le hobair ullmhúcháin shuntasach chun tacú le scoileanna an tsonraíocht a thabhairt isteach agus socruithe a dhéanamh ar an amchlár srl. Ar an gcúis sin, tá go dtí mí Mheán Fómhair 2027 (nó níos luaithe dá rogha féin) ag scoileanna an tsonraíocht a thabhairt isteach do scoláirí atá ag dul isteach sa chúigiú bliain, cé is moite de scoláirí a leanann an Ardteistiméireacht Fheidhmeach (féach thíos). Cuireann sé seo leanúnachas ar fáil le sonraíocht OSPS na Sraithe Sóisearaí don chéad chohórt scoláirí iar-Idirbhliana a bhfuil sé sin déanta acu. Beidh an amlíne faoi réir na hoibre ullmhúcháin is gá maidir le hoideachas agus acmhainní múinteoirí a sholáthar, agus breithniú a dhéanamh ar shaincheisteanna praiticiúla eile lena n-áirítear socruithe tráthchláir.
Tiocfaidh an tsonraíocht nua in áit mhodúil Oideachais Shóisialta I agus II den Ardteistiméireacht Fheidhmeach. Tá sé beartaithe go mbeidh an t-athrú seo i bhfeidhm do gach scoláire ATF a bheidh ag dul isteach sa 5ú bliain in 2025.
D'iarr an tAire ar an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) Cláir Foghlama Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 na Sraithe Sinsearaí (T1/L2LPanna) a fhorbairt do scoláirí i scoileanna príomhshrutha, i scoileanna speisialta agus i suíomhanna eile, a bhféadfadh a riachtanais agus a gcumas cosc a chur orthu rochtain a fháil ar chlár na hArdteistiméireachta Bunaithe (ATF), ar chlár na hArdteistiméireachta Feidhmí (ATF), nó ar Ghairmchlár na hArdteistiméireachta (GCAT).
Cuirfidh tabhairt isteach T1/L2LPanna na Sraithe Sinsearaí roghanna feabhsaithe ar fáil ionas gur féidir le scoláirí na conairí is oiriúnaí dá riachtanais a leanúint. Go háirithe, cuirfidh L1/L2LPanna na Sraithe Sinsearaí roghanna níos fearr ar fáil do scoláirí a leanann Cláir choibhéiseacha na Sraithe Sóisearaí faoi láthair.
Tugadh Isteach Cláir Foghlama Leibhéal 2 (L2LPanna) agus Cláir Foghlama Leibhéal 1 (L1LPanna) sa tSraith Shóisearach in 2015 agus 2018 faoi seach. Mar chuid d'fhógra an Aire maidir le hAthfhorbairt na Sraithe Sinsearaí i mí an Mhárta 2022, d'fhógair an tAire go gcuirfí cláir leantacha ar fáil ionas go mbeadh rochtain ag gach scoláire ar an tSraith Shinsearach chuí.
Tá na réimsí curaclaim tosaigh agus na modúil do Chláir Foghlama Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 na Sraithe Sinsearaí ar fáil anois, agus d'fhéadfadh scoileanna atá in ann é sin a dhéanamh rogha a dhéanamh iad a sholáthar i scoilbhliain 2024/25.
Cuirfidh CNCM tús go luath leis an obair chun forbairt agus treoir a thabhairt do scoileanna maidir le cláir foghlama phearsantaithe a fhorbairt do scoláirí, chomh maith le socruithe praiticiúla chun na cláir a thabhairt isteach, amhail amchlár, measúnú agus bailíochtú (i gcomhar le CSS). Cuirfidh Oide foghlaim ghairmiúil ar fáil chun tacú le tabhairt isteach na gclár.