Glacann an tAire Hackett páirt i roinnt imeachtaí ag an bhFóram Domhanda Bia 2023
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chríochnaigh an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett, inniu clár ilghnéitheach coinní sa Róimh, dírithe ar an bhFóram Domhanda Bia 2023. Chuaigh an tAire Hackett in éineacht leis an Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn an tseachtain seo ag roinnt imeachtaí iltaobhacha leis na gníomhaireachtaí atá bunaithe sa Róimh de chuid na Náisiún Aontaithe (NA), agus ag coinní déthaobhacha le Poblacht na hIodáile agus leis an Suí Naofa.
Agus í ag machnamh ar a gealltanais ag an bhFóram Domhanda Bia, dúirt an tAire Hackett:
“Tá an t-ocras, an t-athrú aeráide agus an caillteanas bithéagsúlachta idirnasctha, tá nádúr domhanda acu, agus tá iarmhairtí ollmhóra acu don ghlúin seo agus don chéad ghlúin eile. Is imeacht ríthábhachtach é an Fóram Domhanda Bia, toisc go dtugann sé saineolaithe ó gach cearn den domhan le chéile, le béim ar rannpháirtíocht na hóige, chun plé a dhéanamh ar conas gur féidir linn córais bia a athrú chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin seo.”
Chomh maith le freastal ar chruinnithe le ceannairí na dtrí ghníomhaireacht bia de chuid na NA atá bunaithe sa Róimh an tseachtain seo - an Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta (FAO), an Clár Domhanda Bia, agus an Ciste Idirnáisiúnta um Fhorbairt Talmhaíochta - labhair an tAire Hackett ag roinnt imeachtaí le linn an Fhóraim Dhomhanda Bia.
Lean an tAire Hackett:
“Beidh rannpháirtíocht na n-óg i dtáirgeadh talmhaíochta inbhuanaithe ríthábhachtach chun féachaint an éireoidh linn dul i ngleic le hathrú aeráide agus neamhshlándáil bia, agus lenár gcomhshaol nádúrtha a chosaint. Mhaoinigh mo Roinn 91 toscaire óige ó 46 tír i mbéal forbartha chun freastal ar Fhóram Domhanda Bia i mbliana, lena n-áirítear seachtar Éireannach óg ó earnáil agraibhia na hÉireann, agus sílim gur chuir a rannpháirtíocht go mór leis an tseachtain. Labhair mé ag ócáid ina raibh plé painéil idir ár dtoscaireacht óige Éireannach agus a gcomhghleacaithe sa Chéinia, agus is léir go bhfuil an chéad ghlúin eile gafa agus ag iarraidh páirt a ghlacadh i múnlú polasaí bia, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.”
Thug an tAire Hackett an t-eochairaitheasc ag imeacht de chuid Fhóram Eolaíochta agus Nuálaíochta an FAO ar an mbithgheilleagar, agus leag sí béim ar fhoilsiú Phlean Gníomhaíochta Bithgheilleagair náisiúnta na hÉireann don tréimhse 2023-2025 an tseachtain seo. Dúirt an tAire freisin:
“Ní féidir áibhéil a dhéanamh d’acmhainneacht an bhithgheilleagair a bheith ina dheis chinniúnach: má éiríonn linn é sin a chur i gceart, cruthóimid deiseanna nua eacnamaíochta d’fheirmeoirí agus fostaíocht nua i gceantair thuaithe. Beimid in ann táirgí bithbhunaithe níos inbhuanaithe a thairiscint do thomhaltóirí seachas táirgí a dhéantar as breoslaí iontaise. Tríd an mbithgheilleagar a chur i ngníomh, déanfar dramhaíl agus taobh-sruthanna a athúsáid ar bhealach ciorclach, athghiniúnach, agus cabhróidh sé go mór linn astuithe a laghdú agus bithéagsúlacht a athbhunú.”
Mar chuid dá gealltanais FAO, rinne an tAire Hackett comóradh ar na naisc idir Éire agus an Náisiún Choctaw as Oklahoma, a chuir airgead chuig muintir na hÉireann in 1847 chun bia agus beatha a cheannach don bheostoc le linn an Ghorta Mhóir. D’fhógair an tAire Hackett ag an bhFóram Domhanda Bia go rachaidh Éire isteach i nGrúpa Cairde na nDaoine Dúchasacha de chuid FAO na NA.
Chríochnaigh an tAire Hackett a cuairt le caidreamh le hoifig Bhord Bia san Iodáil chun suíomh táirgí agraibhia na hÉireann i margadh na hIodáile agus na deiseanna chun an trádáil seo a fhás, go háirithe táirgí orgánacha, a phlé.
D'fhreastail an tAire freisin ar shearmanas deiridh an Fhóraim Dhomhanda Bia tráthnóna, nuair a thug an tUachtarán Ó hUigínn an t-eochairaitheasc.
Cuireadh tús leis an bhFóram Domhanda Bia ar Lá Domhanda an Bhia, Dé Luain 16 Deireadh Fómhair 2023, ag ceanncheathrú Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe sa Róimh, agus tagann sé chun críche inniu, Dé hAoine 20 Deireadh Fómhair 2023. Tá an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara i gceannas ar chaidreamh na hÉireann leis an FAO.
Fotheideal an Ghrianghraif:
[íomha ar neamhní]
Ag labhairt ag an bhFóram Domhanda Bia sa Róimh bhí: (C-D) Teresa Cadogan, Ceannaire Thoscaireacht Óige na hÉireann, an tAire Stáit, an Seanadóir Pippa Hackett agus Noel Banville, a dhéanann ionadaíocht thar ceann U.C.D agus Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann.
Nóta d'Eagarthóirí:
FAO: Is sainghníomhaireacht de chuid na Náisiún Aontaithe í an Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta (FAO) a stiúrann iarrachtaí idirnáisiúnta an t-ocras a shárú. Is é an sprioc atá acu ná slándáil bia a bhaint amach do chách agus a chinntiú go mbíonn rochtain rialta ag daoine ar a ndóthain bia ardchaighdeáin chun saol gníomhach, sláintiúil a chaitheamh. Le 195 ball - 194 tír agus an tAontas Eorpach, oibríonn FAO i níos mó ná 130 tír ar fud an domhain.
Fóram Domhanda Bia:
Is líonra neamhspleách, faoi stiúir an aosa óig de chomhpháirtithe é an Foram Domhanda Bia (WFF) arna éascú ag Eagraiocht Bhia agus Talmhaiochta na Naisiun Aontaithe (FAO). Tá sé mar aidhm aige gluaiseacht dhomhanda a spreagadh a thugann cumhacht do dhaoine óga i ngach áit córais agraibhia a mhúnlú go gníomhach chun cabhrú leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFI) a bhaint amach agus todhchaí bia níos fearr do chách.
Feidhmíonn an WFF mar phríomhfhóram domhanda chun leas a bhaint as paisean agus cumhacht na hóige chun réitigh a aithint agus chun gníomh dearfach a spreagadh do chórais agraibhia. Tá sé ar chomhréim le Cruinniu Mullaigh Corais Bia na Naisiun Aontaithe 2021 , feidhmíonn sé mar ardán óige mór i rialachas domhanda bia, agus feidhmíonn sé mar mheitheal smaointe domhanda a chothaíonn réitigh faoi stiúir an aosa óig sa nuálaíocht, san eolaíocht agus sa teicneolaíocht. Tá sé mar aidhm ag an WFF tacú le tionscnaimh óige agus iad a mhéadú san earnáil agraibhia i gcomhréir le moltaí beartais óige dhomhanda, ag díriú in 2023 ar an téama, “Cuireann claochlú córais agraibhia dlús le gníomhaíocht aeráide.”
Fóram Domhanda Bia https://www.world-food-form.org/en