Seolann an tAire Ryan comhairliúchán poiblí ar Bhuiséid Charbóin
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sheol an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamon Ryan TD, comhairliúchán poiblí inniu ar an gclár buiséid carbóin atá beartaithe. D'fhoilsigh an Chomhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide (CCAC) an comhairliúchán seo den chéad uair ar an 25 Deireadh Fómhair 2021.
Cinntíonn an tAcht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú), 2021 go dtabharfaidh Éire gealltanas chun sprioc, atá ceangailteach ó thaobh an dlí de, a bhaineann le geilleagar aeráidneodrach a bhaint amach tráth nach déanaí ná 2050 agus go laghdófar astaíochtaí faoi 51% faoi 2030 (i gcomparáid le leibhéil 2018).
Mhol an Chomhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide (CCAC) don Aire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide clár de thrí bhuiséad carbóin a leanfaidh a chéile agus a mbainfidh tréimhse 5 bliana le gach ceann acu, don Aire Comhshaoil, chun na geallúintí seo a chomhlíonadh. Sonraítear leis na buiséid bheartaithe uasteorainn ar mhéid iomlán na ngás ceaptha teasa a d'fhéadfaí a astú sa Stát le linn gach tréimhse 5 bliana. Déantar na huasteorainneacha astaíochtaí a thomhas i dtonaí de choibhéis dé-ocsaíde carbóin agus na gáis ceaptha teasa san áireamh. Beidh buiséid charbóin do na tréimhsí thíos sa chéad chlár buiséid charbóin: 2021-2025; 2026-2030 agus 2031-2035. Is é 4.8% an meánlaghdú bliantúil atá beartaithe sna chéad chúig bliana, agus meán de 8.3% don dara tréimhse agus 3.5% don tréimhse deiridh idir 2031 agus 2035.
Beidh ar an Aire, agus na buiséid bheartaithe á mbreithniú aige, dul i gcomhairle le hAirí iomchuí eile agus leis an bpobal. Sula gcuirfidh sé na buiséid faoi bhráid an Rialtais, féadfaidh an tAire an buiséad carbóin beartaithe a leasú más cuí tar éis an chomhairliúcháin.
Tá ionchur an phobail á lorg ag an Aire i leith chlár beartaithe an bhuiséid charbóin chun eolas a thabhairt do mholtaí an Aire ar bhuiséid charbóin atá ag feitheamh le faomhadh an Rialtais.
Is féidir leat cur leis an gcomhairliúchán agus tuairimí agus tráchtaireacht a sholáthar i dtaobh litir CCAA maidir leis an mbuiséad carbóin, a cuireadh chuig an Aire Ryan, agus/nó an Tuairisc Theicniúil CCAA ar Bhuiséid Charbóin, a foilsíodh ar an 25 Deireadh Fómhair 2021. Is féidir na doiciméid a fheiceáil/a íoslódáil ag: www.climatecouncil.ie/carbonbudgets.
Dúirt an tAire Ryan:
"Nuair a ritheamar an tAcht um Ghníomhú Aeráide i mí Iúil leabaíodh an próiseas buiséadaithe carbóin sa dlí. Is é seo an chéad uair a leagfaimid síos, mar thír, teorainneacha ar astaíochtaí gáis ceaptha teasa i gcomhair tréimhsí socraithe ama. Garspriocanna tábhachtacha is ea na chéad bhuiséid charbóin seo – inár gcomhiarracht náisiúnta chun dul i ngleic leis an athrú aeráide. Tugann an comhairliúchán seo deis don phobal agus do na páirtithe leasmhara ionchur a bheith acu sa phróiseas ríthábhachtach seo."
Is é am scoir gnó an 8 Feabhra 2022 an spriocdháta don chomhairliúchán seo.
CRÍOCH
Bunaíodh le hAlt 8 den Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin 2015 an Chomhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide (CCAC) ar bhonn reachtúil ar an 18 Eanáir 2016. Cuireann an Chomhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide (CCAC) comhairle neamhspleách agus eolaíochtbhunaithe ar an rialtas agus lucht déanta beartas maidir leis na céimeanna is féidir le hÉirinn a thogáil chun geilleagar seasmhach ó thaobh na haeráide de, saibhir ó thaobh na bithéagsúlachta de, inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus neodrach ó thaobh na haeráide de, a ghnóthú faoi 2050. Tá sé de dhualgas an Chomhairle measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta chun an sprioc seo a bhaint amach.
Bhunaigh an tAcht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú) 2021 córas buiséadaithe carbóin le trí bhuiséad, a mhairfidh 5 bliana as a chéile agus a chuimseoidh an geilleagar ar fad, i ngach clár buiséid charbóin. Léiríonn gach buiséad carbóin an méid iomlán astaíochtaí gáis ceaptha teasa a bheidh ceadaithe sa Stát le linn gach tréimhse 5 bliana, tomhaiste i dtonaí de choibhéis dé-ocsaíde carbóin. Beidh de chuspóir ag na buiséid charbóin éacht an chuspóra náisiúnta aeráide a chur chun cinn agus gáis ceaptha teasa san áireamh iontu. Beidh buiséid charbóin do na tréimhsí thíos sa chéad chlár buiséid charbóin: 2021-2025; 2026-2030 agus 2031-2035, agus an buiséad carbóin do 2031-2035 fós sealadach.
Is ionann teorainn astaíochtaí earnála agus an t-uasmhéid gás ceaptha teasa ceadaithe in earnáil áirithe den gheilleagar le linn gach 5 bliana de bhuiséad carbóin. A luaithe is a bheidh an buiséad carbóin foriomlán glactha, déanfaidh an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide teorainn astaíochtaí earnála do gach earnáil ábhartha laistigh de gach buiséad 5 bliana a fhorbairt i gcomhairle le hAirí ábhartha eile.
Tabharfaidh an fardal bliantúil ar ghás cheaptha teasa agus tuairiscí réamh-mheastacháin, de chuid an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil agus tuarascáil bhliantúil Chomhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide eolas ar mhonatóireacht ar chomhlíonadh le dul chun cinn náisiúnta agus earnála i dtaca le gach buiséad carbóin agus teorainn astaíochtaí earnála.
Ní mór don Comhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide (CCAC) tuairisc a thabhairt gach bliain roimh 30 Deireadh Fómhair. Beidh dualgas ar na hAirí ábhartha cur síos a thabhairt do Choiste Oireachtais ar na hábhair seo a leanas: dul chun cinn araon, i dtaca le cur i bhfeidhm ghníomhartha Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide agus ag cloígh le teorainn astaíochtaí a n-earnála laistigh don tréimhse buiséad carbóin. Nuair nach bhfuil Airí ag cloígh le na spriocanna seo, ní mór dóibh cuntas a thabhairt ar na bearta ceartaitheacha atá a mheas acu. Ní mór d'Airí freastail ar an gCoiste agus freagair d'aon mholtaí atá déanta ag an gCoiste laistigh de thrí mhí. Cinnteoidh an cur chuige 'cloígh le nó mínigh' seo go bhfuil tuilleadh iniúchta agus freagrachta curtha ar fáil.
Feidhmíonn an leasú bliantúil ar an bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide mar mheicníocht athbhreithnithe sa bhreis agus deis chun bearta a athchoigeartú nó a athdhíriú lena chinntiú go baintear spriocanna amach.
Leanfaidh na meicníochtaí rialachais reatha, a cuireadh ar bun ar bhonn riaracháin leis an bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2019, ar aghaidh chomh maith. Déanfaidh Roinn an Taoisigh maoirseacht ar chur i bhfeidhm na gníomhartha mar chuid de Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide agus foilseoidh sí tuairiscí ráithiúil ar an bhforbairt.