Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - 19 Meitheamh
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte (an IFCS) ar an eolas inniu go bhfuil bás faighte ag 16 dhuine, ar an iomlán, mar gheall ar COVID-19.
Tá 1,561* duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.
Amhail 11am Dé Máirt, an 19 Bealtaine, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 51 cás nua deimhnithe de COVID-19. Tá 24,251 cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.
Tá FSS ag oibriú chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh na hothair a dhéanamh a shainaithint chun eolas agus comhairle a sholáthar dóibh chun cosc a chur ar an víreas a scaipeadh níos mó.
Tugann sonraí an lae inniu ón IFCS amhail meán oíche, Dé Domhnaigh, an 17 Bealtaine (24,176 cás), an méid seo a leanas le fios:
Amhail meán oíche Dé Luain, an 18 Bealtaine, rinneadh 295,626 tástáil.
Le seachtain anuas, rinneadh 36,818 tástáil agus astu seo, bhí toradh dearfach ag 932, a bhronnann ráta dearfachta 2.5%.
Dúirt an Dr Cillian de Gascún, Cathaoirleach Shainghrúpa Comhairleach an FÉSPN: “In ainneoin go bhfuil leathnú tagtha ar shainiú an cháis agus go bhfuil méaduithe tagtha ar atreoruithe, lean an ráta dearfachta ag dul i laghad. Tugann seo le fios go bhfuilimid ag leanúint le COVID-19 a chur faoi chois sa phobal.”
Dúirt an Dr Tony Holohan, an Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte: “Casfaidh an Fhoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta lena chéile arís an tseachtain seo. Nuair a chuirtear san áireamh go bhfuil an ráta dearfachta ag dul i laghad agus go bhfuil leathnú tagtha ar an méid tástálacha is féidir a dhéanamh, beidh scrúdú breise á dhéanamh againn ar shainiú an cháis.”
Dúirt an Dr Ronan Glynn, an Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte: “Lá Domhanda na nDochtúirí Teaghlaigh é an lá inniu. Leanann Dochtúirí Ginearálta le príomhról a ghlacadh i bhfreagairt na hÉireann don phaindéim seo. Tá Cleachtadh Ginearálta ar oscailt agus pointe ríthábhachtach rochtana ar chúram sláinte do chách a bhí ann ó thús na paindéime seo.”
CRÍOCH