Aithnítear ceithre Chleachtas Cultúir mar chuid d’Oidhreacht Doláimhsithe na hÉireann
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
• Aitheantas Stáit á Fhógairt ag an Aire Martin don Rince Seite Gaelach, Fíodóireacht Chrois Naomh Bríd, Peil Ghaelach agus Peil Ghaelach na mBan, Traidisiún Drámaíochta Amaitéarach na hÉireann
• Tugann an fógra líon na gcleachtas cultúrtha ar an bhFardal Náisiúnta maidir le hOidhreacht Chultúrtha Doláimhsithe go 42
D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, aitheantas foirmiúil Stáit do cheithre chleachtas breise mar chuid d’oidhreacht chultúrtha bheo na hÉireann.
Ag ócáid i bPáirc an Chrócaigh le linn Cluiche Leathcheannais Chraobhchomórtas Peile Sinsear na hÉireann idir Dún na nGall agus Gaillimh inné, d’fhógair an tAire Martin aitheantas don Rince Seite Gaelach, Peil Ghaelach agus Peil Ghaelach na mBan, Fíodóireacht Chrois Bhríde, agus Traidisiún Drámaíochta Amaitéarach na hÉireann.
Tar éis moltaí a fháil ó Choiste Comhairleach Saineolaithe na hÉireann ar Oidhreacht Chultúrtha Doláimhsithe, rachaidh na ceithre chleachtas cultúrtha seo le chéile le 38 cleachtas cultúrtha eile atá aitheanta cheana féin ar Fhardal Náisiúnta na hÉireann maidir le hOidhreacht Chultúrtha Doláimhsithe.
Coinníonn Éire an Fardal Náisiúnta seo ar aon dul le Coinbhinsiún 2003 UNESCO um Chosaint na hOidhreachta Cultúrtha Doláimhsithe , a dhaingnigh Éire in 2015. Is é aidhm an Fhardail Náisiúnta maidir le hOidhreacht Chultúrtha Doláimhsithe cleachtais oidhreachta chultúrtha bheo na hÉireann a chosaint, a chur chun cinn agus a cheiliúradh mar aon le nósanna, ceardaíocht agus traidisiúin.
Dúirt an tAire Martin:
“Is cuid lárnach dár gcultúr í ár n-oidhreacht bheo. Tá áthas orm aitheantas stáit a fhógairt do cheithre chleachtas eile trí Fhardal Náisiúnta na hÉireann maidir le hOidhreacht Chultúrtha Doláimhsithe. Tá gach ceann de na cleachtais seo lárnach do chultúr agus d’aithint na bpobal a chleachtann iad, agus dár sochaí níos leithne. Mar chuid d’oibleagáidí leanúnacha mo Roinne faoi Choinbhinsiún UNESCO 2003, tá sé mar aidhm againn oidhreacht chultúrtha na hÉireann a aithint, a chosaint agus a chur chun cinn. Leanann na cleachtais a aithnítear inniu ag dul chun cinn trí na pobail thiomanta a chothaíonn agus a chuireann a gcuid scileanna ar aghaidh tríd na glúine.”
Dúirt Iarlaith Ó Broin, Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael:
“Is mór an onóir dúinn an pheil Ghaelach a chur go foirmiúil le liosta oidhreachta cultúrtha doláimhsithe na hÉireann. Díreach mar a d’aithin UNESCO an iomáint agus an chamógaíocht in 2018, tá an t-aitheantas seo tábhachtach mar is cuid bhunúsach de cé muid féin iad peil Ghaelach agus Peil Ghaelach na mBan. Tá siad uathúil dúinne agus is léir a dtábhacht do mhuintir na hÉireann sa tóir atá orthu i níos mó ná 1,600 club ar fud an oileáin seo agus sna 500 club CLG atá ann in áiteanna eile ar domhan. Táimid thar a bheith bródúil as na scileanna agus an ealaín a tháinig chun cinn inár gcluichí náisiúnta leis na céadta bliain, agus tá lúcháir orainn go bhfuil aitheantas agus tacaíocht tugtha ag an Rialtas do chluichí Gaelacha, agus gabhaimid buíochas leis an Aire Catherine Martin agus lena comhghleacaithe as a dtacaíocht leanúnach.”
Dúirt Ard-Stiúrthóir Chumann Peil Gael na mBan, Eibhlín Ní Ruairc:
“Tá lúcháir orainn Peil Ghaelach na mBan a bheith aitheanta ar an liosta seo. Is fógra tráthúil é seo agus muid réidh le ceiliúradh a dhéanamh ar 50 bliain de Chumann Peile na mBan Déardaoin seo chugainn, 18 Iúil. Táimid tar éis teacht ar bhealach fada i gceann leathchéad bliain, le beagnach 200,000 ball inár gCumann, agus os cionn 1,000 club ar fud na hÉireann agus na Breataine. Is cúis mhór bróid dúinn ár spórt a bheith inscríofa ar liosta ionadaíoch Oidhreacht Chultúrtha Doláimhsithe na Daonnachta. Bhí ról lárnach ag ár mbonn ballraíochta iomlán chun a chinntiú go bhfuil sé seo tagtha chun críche agus ba mhaith linn aitheantas a thabhairt don Aire Catherine Martin agus dá comhghleacaithe, a leanann ar aghaidh ag soláthar cúnaimh agus tacaíochta luachmhar. Fáiltím go mór roimh an bhforbairt thábhachtach seo agus is iontach an rud é freisin Peil Ghaelach na bhfear a fheiceáil aitheanta go foirmiúil ar an gcuma chéanna.”
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir:
Is tionscadal leanúnach agus atá ag fás é Fardal Náisiúnta na hÉireann d’Oidhreacht Chultúrtha Doláimhsithe. Tá áthas ar an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán glacadh le Léirithe Suime ó ghnéithe beo den oidhreacht chultúrtha. Is féidir foirmeacha iarratais a íoslódáil anseo agus a chur isteach trí ríomhphost chuig nationalich@tcagsm.gov.ie
Faoi na próisis atá i bhfeidhm faoi láthair, tá cead ag aon gheallsealbhóir Léiriú Suime a chur isteach chun cleachtas cultúrtha a chur ar an liosta náisiúnta. Tá Coiste Comhairleach Saineolaithe (CCS) i bhfeidhm, a athbhreithníonn na hiarratais seo agus a dhéanann moltaí don Aire.
Ar leithligh, is féidir le cleachtais ICH aitheantas a lorg ar Liosta Ionadaíoch UNESCO d’Oidhreacht Chultúrtha Doláimhsithe na Daonnachta. Chun iarratas a dhéanamh ar an aitheantas seo, ní mór cleachtais a inscríobh ar an bhFardal Náisiúnta ar dtús sula ndéantar iarratas ar aitheantas UNESCO.
Oibríonn an R/TCEGSM agus an CCS le cleachtóirí le haghaidh míreanna ar an bhfardal náisiúnta ar mian leo inscríbhinn a lorg ar an liosta ionadaíoch domhanda.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach le do thoil: nationalinventoryich.tcagsm.gov.ie