Síneadh ar an dáta deiridh chun éilimh a fháil faoin gClár Náisiúnta Aoiliúcháin
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá síneadh seachtaine fógartha inniu ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D., leis an dáta deiridh chun éilimh a fháil faoin gClár Náisiúnta Aoiliúcháin.
Laghdaigh aimsir fhliuch an tsamhraidh agus an fhómhair go mór na deiseanna atá ag go leor feirmeoirí aol a scaipeadh i mbliana. Mar fhreagra air seo ar an 06 Deireadh Fómhair d’fhógair an tAire McConalogue, ar choinníoll go gcuirfí sonrasc marcáilte íoctha isteach leis an éileamh íocaíochta, go bhféadfaí an t-aol a sholáthar agus a scaipeadh suas go dtí an 31 Márta 2024.
Le cúpla lá anuas tá sé tugtha le fios ag cairéil go bhfuil méadú suntasach tagtha ar líon na bhfeirmeoirí atá ag iarraidh aol a cheannach ar aghaidh le soláthar agus le scaipeadh faoi dheireadh mhí an Mhárta. I gcásanna áirithe is é an toradh a bhí air seo ná gur chuir cairéil díolachán ar fionraí mar níorbh fhéidir leo a chinntiú go bpróiseálfaí íocaíochtaí agus nach n-eiseofaí sonraisc marcáilte chuig a gcuid custaiméirí go léir in am chun an t-éileamh a chur faoi bhráid na Roinne.
Agus é ag freagairt don chás seo dúirt an tAire McConalogue:
“I bhfianaise na gcoinníollacha aimsire deacra, thug mé solúbthacht isteach ag tús mhí Dheireadh Fómhair chun ligean d’fheirmeoirí aol a scaipeadh faoin gClár Aoiliúcháin suas go dtí 31 Márta 2024, ar choinníoll go n-íocfaí as an aol agus go gcuirfí an t-éileamh ar chúnamh faoi bhráid mo Roinne faoin 31 Deireadh Fómhair.
“Roghnaigh líon suntasach feirmeoirí leas a bhaint as an tsolúbthacht thábhachtach seo. Tá an t-éileamh chomh hard sin gur thug roinnt cairéil le fios, toisc nach féidir leo gealltanas a thabhairt dá gcuid custaiméirí go mbeidh sonrasc marcáilte íoctha in am don spriocdháta Dé Máirt seo chugainn, go bhfuil siad ag éirí as orduithe a ghlacadh. I bhfianaise na mbuntáistí comhshaoil a bhaineann le haol a scaipeadh chun pH na hithreach a cheartú, ba mhaith liom a chinntiú gur féidir le gach feirmeoir ceadaithe leas a bhaint as an scéim seo agus aol a cheannach. Tá síneadh seachtaine á cheadú agam mar sin agus an scéim anois ag druidim le haghaidh éileamh ag meán oíche ar 07 Samhain.”
Lean an tAire McConalogue ag rá
“Tacaíonn an Státchiste Náisiúnta leis an gClár mar bheart aonuaire arna mhaoiniú ar son na hÚcráine, ní mór íocaíochtaí feirmeoirí a íoc ó bhuiséad 2023. Chun am a cheadú chun éileamh a phróiseáil, ní dhéanfar aon síneadh breise ar an spriocdháta chun éilimh a fháil.”
CRÍOCH
NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR:
Thug an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara an Clár Aoiliúcháin isteach chun úsáid Aoil, oiriúntóir ithreach nádúrtha, a dhreasú, a cheartaíonn aigéadacht na hithreach trí na haigéid atá san ithir a neodrú. Maoineofar an clár mar bheart aonuaire don Úcráin arna mhaoiniú ón Státchiste Náisiúnta.
Íocfar cúnamh de réir ráta €16 in aghaidh an tonna d'aolchloch mheilte Cailciam/Aolchloch mheilte Mhaignéisiam (dolaimitice) soláthra agus scaipthe.
Chun cáiliú le haghaidh íocaíochta, ní mór do gach aolchloch mheilte a cheannaítear faoin mbeart seo na sonraíochtaí atá leagtha síos in S.I. Uimh. 248/1978 a chomhlíonadh: Ní mór an t-aolchloch mheilte a cheannach go díreach ó chairéal ceadúnaithe. Tá liosta cairéal ceadúnaithe ar fáil ag: Trádáil, Iompórtálacha & Onnmhairí: Leasacháin agus Aolchloch.
Ní gá do chairéil a oibríonn lasmuigh den Stát a bheith ceadúnaithe ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, ach caithfidh an t-aol a sholáthraítear na sonraíochtaí atá leagtha síos faoi S.I. Uimh. 248/1978 a chomhlíonadh. Tá liosta de na cairéil a chomhlíonann an riachtanas seo faoi láthair ar fáil ag: An Clár Náisiúnta Aoiliúcháin 2023.
Ní mór samplaí ithreach bailí a bheith ar fáil chun an gá atá le pH na hithreach a cheartú a thaispeáint (uasmhéid ceithre bliana d’aois ón dáta a ceannaíodh an t-aol). De réir na dTéarmaí agus na gCoinníollacha ní mór tuarascálacha anailíse ithreach a chur ar fáil más gá mar chuid de sheiceálacha riaracháin agus comhlíonta na Roinne.
I gcás feirmeoirí a bhaineann leas as an spriocdháta leathnaithe, déanfar tuilleadh seiceálacha in earrach 2024 chun a fhíorú go bhfuil aol scaipthe. Is éard a bheadh i gceist leis seo ná doiciméid bhreise a iarraidh ar an bhfeirmeoir a thaispeánann go bhfuil aol soláthra.
Chun cáiliú le haghaidh cúnaimh ní mór d’fheirmeoirí sonraisc chearta marcáilte ÍOCTHA a chur isteach.
Tá na Téarmaí agus Coinníollacha don Chlár Aoiliúcháin ar fáil ag: Clár Náisiúnta Aoiliúcháin 2023.