Vitimín C: An tionchar dearfach atá ag cruthaitheacht ar fholláine daoine níos sine i láthair
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá ríméad ar Chlár Éire Ildánach i gcomhar le hÉire Shláintiúil agus Clár Meabhairshláinte agus Folláine an HSE seimineár gréasáin don Chomhrá Cruthaitheach a fhógairt ina bhfiosrófar an tionchar atá ag gníomhaíocht chruthaitheach ar fholláine mheabhrach daoine níos sine.
Trí chás-staidéir ar leith a bhí rannpháirteach le daoine níos sine ar thionscadail chruthaitheacha éagsúla chomh maith le samplaí den dea-chleachtas a scrúdú, fiosróidh painéal Vitimín C: An tionchar dearfach atá ag cruthaitheacht ar fholláine daoine níos sine na dearcthaí éagsúla atá ag daoine faoin luach atá le gníomhaíochtaí cruthaitheacha amach sa saol i ndáil le cúrsaí meabhairshláinte agus folláine, agus molfaidh riachtanais phraiticiúla agus beartais a d'fhéadfadh cuidiú le forbairtí amach anseo.
Is é is mian le gach duine atá páirteach sa phlé tábhachtach seo go n-aithneoidh sé na dúshláin is mó ó thaobh na sláinte agus na cruthaitheachta de chomh maith le deiseanna le haghaidh obair i gcomhar amach anseo agus cuidiú le tús a chur le comhrá ar réimsí áirithe gnímh maidir leis na healaíona agus daoine níos sine.
Dúirt Catherine Martin, An tAire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta: “Ag croí Chlár Éire Ildánach tá an creideamh go dtacaíonn a bheith páirteach i ngníomhaíocht chruthaitheach lenár bhfolláine aonair agus go bhfeabhsaíonn sí í. Thugann an Comhrá Cruthaitheach seo – agus an comhpháirtíocht leanúnach idir Clár Éire Ildánach mo Roinne, an HSE agus Éire Shláintiúil – deis iontach ar fáil ar mar atá sé cruthaithe go mbíonn tionchar ag a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí cruthaitheacha ar an meabhairshláinte i ndaoine níos sine sa tsochaí seo, agus mar is féidir linn bealaí nua a fhorbairt le cur leis na hidirghabhálacha sin agus iad a fheabhsú.”
Dúirt an tAire Stáit Frank Feighan, ar a bhfuil freagracht as Sláinte Phoiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Drugaí: “Tá sé cur i gcuimhne dúinn ag paindéim COVID-19, go gcuireann a bheith folláin agus an fholláine sin a fheabhsú lenár gcumas dul i ngleic leis an strus leanúnach a bhaineann leis an saol seo ó lá go lá. Creidim go mór go dtuigimid anois, níos mó ná riamh, an tábhacht a bhaineann le haire a thabhairt don fholláine mheabhrach. Mar an tAire a bhfuil freagracht orm as Folláine, creidim gur tionscnamh thar barr é an comhoibriú seo idir Éire Shláintiúil, an HSE agus Éire Ildánach faoina bhféachtar le mar is féidir leis na healaíona cruthaitheacha an meabhairshláinte agus folláine a chur chun cinn agus sin a choinneáil ag an am tábhachtach seo.
Tá an t-imeacht seo a bheidh dírithe ar dhaoine níos sine tráthúil agus cuí, mar is daoine den phobal, cairde agus daoine muinteartha linn iad tar éis an tsaoil, agus tá a fhios againn go raibh tionchar orthu sin go háirithe le linn na paindéime seo. Tá níos mór fianaise ag teacht chun cinn go bhfuil na healaíona cruthaitheacha ábalta cur le cur chuige iomlánaíoch d'fhonn sláinte mhaith a chur chun cinn agus an caighdeán saoil a fheabhsú do dhaoine de gach aois. Táim ag súil lena fháil amach mar atá ár gcomhghleacaithe sa réimse sláinte agus cruthaitheachta ag obair i gcomhar agus táim ag súil leis an gceangal idir an dá chlár a neartú.”
Is í Jennifer O’Connell iriseoir leis an Irish Times a bheidh i gceannas ar an bplé painéil agus beidh na daoine seo a leanas iad féin ar an bpainéal:
• An Dr David Robinson, Geiriatraí Comhairleach, Ospidéal San Séamas
• Kate O’Flaherty, Ceann Sláinte agus Folláine, An Roinn Sláinte
• An Dr Denise Rogers, Síceolaí Cliniciúil Sinsearach, HSE
• Bridget Deevy, An Clár Ealaíon, Age & Opportunity
• Dominic Campbell, Comhbhunaitheoir, Creative Ageing International
Tá an t-imeacht bunaithe ar imeacht a d'éirigh go maith leis a bhí ar siúl ag Clár Éire Ildánach agus Éire Shláintiúil i mí Márta faoinar fiosraíodh luach na cruthaitheachta sa tsláinte chomh maith leis an toradh a bhíonn ar fholláine mheabhrach go ginearálta.
Beidh Vitimín C: An tionchar dearfach atá ag cruthaitheacht ar fholláine daoine níos sine ar siúl ar an 21 Iúil 2020 10.30-12.00. Chun clárú, téigh chuig:
undefined Vitamin C