Glacann an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála páirt sa seachtú heagrán de Cyber Europe
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ghlac an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála páirt an tseachtain seo caite sa seachtú heagrán de Cyber Europe, arb é ceann de na cleachtaí cibearshlándála is mó san Eoraip é. Eagraíonn ENISA, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil, an cleachtadh, atá dírithe ar a thástáil cé chomh hathléimneach agus atá an earnáil fuinnimh Eorpach agus soláthraithe seirbhíse ionad sonraí.
Tagann an díriú ar an earnáil fuinnimh as a ról mar sholáthraí bonneagair chriticiúil náisiúnta. Imríonn sí ról ríthábhachtach i ngnáthshaol laethúil na saoránach ar fud na hEorpa agus i ngeilleagar na hEorpa agus, mar thoradh air sin, tá sí soghabhálach go háirithe i leith cibearbhagairtí agus cibirionsaithe. Chuir ENISA in iúl gur spriocdhíríodh breis agus 200 teagmhas cibearshlándála tuairiscithe ar an earnáil sa bhliain 2023.
Ba é aidhm an chleachtaidh ná tástáil a dhéanamh ar ullmhacht na n-eagraíochtaí agus ar na nósanna imeachta agus na prótacail atá bunaithe acu le haghaidh teagmhas den sórt sin. Tríd an gcleachtadh, bhí an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála in ann a acmhainní a thástáil agus scrúdú a dhéanamh ar an bPlean Náisiúnta Cibiréigeandála agus ar ár línte cumarsáide laistigh de struchtúr Eorpach uileghabhálach. Cabhraíonn cleachtadh mórscála den sórt sin lena chinntiú go bhfuil an rialtas, gníomhaireachtaí stáit agus geallsealbhóirí iomchuí ullmhaithe do fhreagairt go héifeachtach do theagmhas cibearshlándála mórscála a dhéanfadh difear do bhonneagar náisiúnta criticiúil.
Tá cleachtaí cibearshlándála den sórt sin (lena n-áirítear cleachtaí náisiúnta bliantúla agus cleachtaí mórscála amhail Cyber Europe agus Locked Shields) mar chuid den ghnáthphleanáil leanúnach teagmhais ar leibhéal an Rialtais, agus tá siad ríthábhachtach maidir lena chinntiú go mbeadh freagairt chomhordaithe ann do theagmhais. Ghlac comhghleacaithe ó Líonraí Gáis Éireann, ó BT, ó BSL agus ón gCoimisiún um Rialáil Fóntais (i measc eagraíochtaí eile) páirt sa chleachtadh freisin. Ar an mbealach sin, bhí siad in ann tástáil a dhéanamh ar na nósanna imeachta láidre dá gcuid a tionscnaíodh mar fhreagairt don chleachtadh laistigh dá n-eagraíocht faoi seach.
Sa chleachtadh Cyber Europe i mbliana, díríodh ar chás lenar bhain cibearbhagairtí a bhí ag spriocdhíriú ar bhonneagar fuinnimh an Aontais Eorpaigh agus a d’eascair as achrann arbh é teannas geopholaitiúil idir an tAontas Eorpach agus náisiún eachtrach bréige ba chúis leis. Ós rud é go raibh an bholscaireacht ag dul i bhfeidhm ar thuairimí an phobail agus go raibh ábhair imní ann go ndéanfadh grúpaí ardbhagairtí seasmhacha dúshaothrú ar leochaileachtaí, tháinig an earnáil fuinnimh chun bheith ina príomhsprioc. Chun a chinntiú nach dtarlódh ionsaí mórscála ar dá dheasca a mhillfí geilleagar na hEorpa agus a chuirfí an chothromaíocht pholaitiúil trína chéile, ba ghá do gheallsealbhóirí a ngníomhartha agus a bhfreagairt a chomhordú go tapa. Cuireadh dúshlán comhchoiteann ar na mílte rannpháirtithe ar fud an Aontais Eorpaigh, agus treoraíodh iad le taithí phraiticiúil ar dhéileáil le cásanna casta cibearshlándála.
Ag labhairt dó tar éis an cleachtadh a chur i gcrích, dúirt Ossian Smith, an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht as Cibearshlándáil:
"Tá lúcháir orm go raibh an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála in ann páirt a ghlacadh in Cyber Europe i mbliana an athuair. Tá cleachtaí mórscála den sórt sin ina n-uirlisí tábhachtacha maidir le hathléimneacht an náisiúin agus athléimneacht ár bpróiseas a thástáil ar bhonn comhsheasmhach. Leagadh amach sa chás sin sraith teagmhas cibearshlándála géaraitheach san earnáil fuinnimh, ar teagmhais iad a rinne difear do sholáthraithe seirbhíse ionad sonraí freisin. Ba mheabhrúchán casta dúshlánach é ar na deacrachtaí a bhaineann le freagairt d’ionsaithe den sórt sin agus le hiad a bhainistiú.
"Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leo sin a ghlac páirt sa chleachtadh linn, mar a bhí BSL, BT, Líonraí Gáis Éireann, an Coimisiún um Rialáil Fóntais agus eagraíochtaí eile san earnáil fuinnimh agus san earnáil soláthair ionad sonraí. A bhuí leis an gcomhar sin, bhíomar in ann tástáil agus comhordú a dhéanamh lenár gcomhpháirtithe san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach agus fiosrú a dhéanamh ar a athléimní atá an Plean Náisiúnta Cibiréigeandála uainn. Toradh eile atá air is ea go bhfuilimid níos ullmhaithe do dhul i mbun comhoibrithe le linn aon staideanna fíorshaoil."
CRÍOCH
Bunaíodh an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála sa bhliain 2011 agus is aonad oibríochtúil cibearshlándála é laistigh den Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.
Tá trí phríomhról ag an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála. Is iad sin: