Statement from the Department of Housing, Local Government and Heritage
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
**Reifrinn
An Bille um an Naoú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (An Teaghlach), 2023
An Bille um an Daicheadú Leasú ar an mBunreacht (Cúram), 2023**
Tá ordú déanta inniu ag an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh Ó Briain, TD, lena gceaptar Dé hAoine an 8 Márta, 2024 ar lá na vótála sna reifrinn ar an togra go ndéanfaí leasú ar an mBunreacht mar atá sa Bhille um an Naoú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (An Teaghlach), 2023 agus sa Bhille um an Daicheadú Leasú ar an mBunreacht (Cúram), 2023.
Beidh vótáil ar siúl idir 7 am agus 10 pm. 3.3 milliún duine an t-iomlán a bhfuil vóta acu faoi láthair. “Beag beann ar do chuid tuairimí ar thograí an reifrinn, ba mhaith liom an deis seo a thapú chun vótálaithe a spreagadh dul chuig an ionad vótála le linn na tréimhse 15 uaire seo an 8 Márta chun a gcuid tuairimí a chur in iúl i leith thoradh sna reifrinn seo”, a dúirt an tAire.
Chun vótáil sa reifreann, ní mór duit a bheith i do shaoránach Éireannach a chomhlíonann na coinníollacha cáilitheacha, lena n-áirítear ceanglas a bheith 18 mbliana d’aois nó os a chionn ar lá na vótála agus gnáthchónaí a bheith ort ag an seoladh sa toghlach inar mian leat vótáil. Ní mór duit a bheith ar Chlár na dToghthóirí freisin.
Tá athrú tagtha ar an bpróiseas clárúcháin ó bhí an reifreann deireanach ann agus mholfainn do gach duine a sheiceáil go bhfuil a gcuid sonraí ceart agus cothrom le dáta ag www.checktheregister.ie
Is féidir le vótálaithe incháilithe nach bhfuil ar an gclár, nó ar gá dóibh a gcuid sonraí a nuashonrú, é sin a dhéanamh trí iarratas ar líne a chur isteach ag checkthereigster.ie nó trí fhoirm a chur isteach chuig a n-údarás áitiúil. Tá foirmeacha iarratais ábhartha ar fáil ó Chomhairlí Cathrach, Contae nó Cathrach agus Contae (is iad seo na húdaráis chlárúcháin) nó ar líne ag www.checktheregister.ie
Ní mór iarratais chomhlánaithe a bheith faighte ag údarás clárúcháin an limistéir ina bhfuil cónaí ort faoin Máirt, an 20 Feabhra 2024.
Má tá duine i dteideal vóta a chaitheamh tríd an bpost, nó mura bhfuil sé/sí in ann vóta a chaitheamh go pearsanta mar gheall ar bhreoiteacht nó míchumas agus má tá cónaí air nó uirthi in ospidéal, i dteach altranais, i saoráid mheabhairshláinte nó in institiúid dá samhail, agus mura bhfuil siad ar Liosta na bPostvótálaithe nó ar Liosta na Vótálaithe Speisialta, de réir mar is cuí, is féidir leo iarratas a dhéanamh suas go dtí Dé Luain, 12 Feabhra 2024 lena n-áireamh ar na liostaí sin. Tá foirmeacha iarratais ar fáil ó Chomhairlí Cathrach, Contae nó Cathrach agus ó Chomhairlí Contae agus Cathrach agus ar líne ag www.checktheregister.ie
Tá Barry Ryan, Príomhoifigeach sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, ceaptha ag an Aire ina cheann comhairimh reifrinn don reifreann.