Cuireann an tAire Hildegarde Naughton Tuarascáil faoi bhráid Thionól na Saoránach a léiríonn meon daoine óga ar úsáid drúgaí
Ó An Roinn Sláinte; An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Sláinte; An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireann an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí Tuarascáil faoi bhráid Thionól na Saoránach a léiríonn meon daoine óga ar úsáid drúgaí
Gairm ar dhaoine óga tuilleadh aighneachtaí a dhéanamh do Thionól na Saoránach le cinntiú go gcloisfear guth na nÓg i dtaobh úsáid drugaí
D'fhoilsigh an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí Hildegarde Naughton Tuarascáil ar Chomhairliúcháin le Daoine Óga agus thug sí cuireadh do dhaoine óga ón bpobal aighneachtaí a dhéanamh do Thionól na Saoránach nua-bhunaithe ar Úsáid Drugaí roimh an 30 Meitheamh.
Chuir an tAire Naughton an Tuarascáil faoi bhráid an Tionóil roimh a chruinniú an deireadh seachtaine seo. Tugann sé léargas ar a oiread is a théann úsáid drugaí i bhfeidhm go diúltach ar shaoirse phearsanta daoine óga agus an cumas atá acu mothú sábháilte agus taitneamh a bhaint as an saol sna háiteanna ina bhfuil cónaí orthu, na háiteanna ina bhfoghlaimíonn siad agus ina mbíonn siad ag sóisialú.
Cé go bhfuil feasacht ann maidir leis an drochiarmhairt a bhíonn ag úsáid drugaí ar saol, muintir agus pobail i measc daoine óga, léiríonn an tuarascáil go dtéann daoine óga i muinín na ndrugaí ar chúiseanna éagsúla lena n-áirítear brú piarghrúpa, leadrán agus an creideamh gan chiall go gcabhróidh drugaí leo lena n-imní nó le comharthaí eile a bhaineann le meabhairghalar.
Dúirt an tAire Naughton:
"Tá súil agam go dtabharfaidh an tuarascáil seo léargas don Tionól ar thaithí saoil, smaointe agus tuiairimí dhaoine óga na hÉireann ar úsáid drugaí. Beag beann ar an áit ina bhfuil cónaí orthu, téann úsáid drugaí i bhfeidhm go pearsanta ar dhaoine óga, chomh maith le húsáid drugaí a fheiceáil ó chairde, daoine muinteartha agus baill eile den phobal. Creidim go bhfuil sé fíorthábhachtach go n-éisteann an Tíonól lena nglórtha agus lena dtuairimí.
"Creidim go bhfuil freagracht ar leith ar an sochaí chun páistí agus daoine óga a chosaint ó na dochair a bhaineann le húsáid agus soláthar drugaí. Tá an riachtanas seo leagtha amach i gCoinbhinsiún na Naisiún Aontaithe ar chearta an Pháiste. Tacóidh an dlúbhaint gníomhach le daoine óga maidir le tionchar na ndrúgaí ar a saol agus ar saol a gcairde agus a muintir le polasaithe maithe a chur le chéile. Is ionchur luachmhar í an tuarascáil chomhairliúcháin seo i bplé Thionóil an Saoránach ar chearta páistí agus daoine óga maidir le drugaí.
"Cé gur thug daoine óga ó fud fad na tíre ó chulraí agus ceantair éagsúla eolas don tuarascáil seo, molaim d'aon duine óg le tuairim i leith úsáid drugaí in Éirinn teagmháil a dhéanamh le Tionól na Saoránach le cinntiú go bhfuil guth na n-óg mar chuid de mhachnamh an Tionóil agus go deimhin fhéin mar chuid de pholasaí rialtias ar ábhar atá chomh tábhachtach sin i measc an phobail. Dúnfar an comharliúchán poiblí, atá á reáchtáil ag an Tionól, ar an 30 Meitheamh mar sin ta neart ama fós ag daoine óga agus grúpaí óige, beag beann ar aois, deis labhartha a bheith acu le dul i bhfeidhm ar chur chuige na hÉireann i leith úsáid drugaí."
Cuireadh ceist ar na daoine a bhí bainteach leis an gcomhairliúchán freisin moltaí a thabhairt maidir le bearta chun úsáid drugaí agus dochar a bhaineann le drugaí a laghdú, agus léirigh a gcuid freagraí tacaíocht láidir do chóireáil neamhbhreithiúnach, athchóiriú dlíthiúil, oideachas agus feasacht, agus áiseanna óga pobal-bhunaithe níos fearr.
Bhí an tuarascáil stiúrtha ag an Roinn Sláinte agus éascaithe ag an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige. Thacaigh Comhairle na nÓg (comhairlí páistí agus óige sa 31 údáras áiutiúl, a thugann deis do pháistí agus daoine óga páirt a ghlacadh i bhforbairt seirbhísí agus polasaithe áitiúla) leis na caomhairliúcháin chomh maith le Hub na nÓg, an ionad barr feabhais náisiúnta bunaithe faoin Straitéis Náisiúnta ar Rannpháirtíocht Daoine Óga sa chinnteoireacht.
Bhí na comhairliúcháin dírithe ar dhá ghrúpa faoi leith: daoine óga ón bpobal i gcoitinne; agus daoine óga a bhfuil cónaí orthu i gceantair a mbíonn tionchar níos géire acu ar úsáid drugaí. Bhí cur chuige bunaithe ar an sláinte ag na comhairliúcháin, a dhíríonn ar sláinte agus torthaí sóisialta níos fearr a bhaint amach dóibh siúd a bhíonn buailte le mí-úsáid substainte.
Tá an tuarascáil curtha faoi bhráid Thionól na Saoránach ar Úsáid Drugaí agus cuireadh ceist orthu machnamh a dhéanamh ar na hathruithe reachtaíochta, beartais agus oibriúcháin a bhféadfadh an Stát a dhéanamh chun an tionchar díobhálach a bhíonn ag drugaí aindleathacha ar dhaoine aonair, ar theaghlaigh, ar phobail agus ar an tsochaí i gcoitinne a laghdú go suntasach.
Agus é ag cur fáilte roimh an bhfoilseachán inniu dúirt an tAire Leannaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige Roderic O’Gorman:
"Is cúnamh tábhachtacht é an tuarascáil seo ar an gcomhrá maidir le húsáid drugaí. Tá sé riachtanach go léirítear an meas cuí i leith smaointe agus tuairimí ár ndaoine óga i dtaobh na gcinntí beartais a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm ar a saol. Tá súil agam go ndéanfaidh Tionól na Saoránach ar Úsáid Drugaí machnamh ar na torthaí".
Tá an Tuarascáil ar na Comhairliúcháin le Daoine Óga do Thionól na Soaránach ar Úsáid Drugaí ar fáil anseo.
Rinneadh na comhariliúcháin idir Mí na Samhna 2022 agus Mí an Mhárta 2023, éascaithe ag an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige agus Hub na nÓg thar ceann na Roinne Sláinte. Rinneadh comhairliúcháin aghaidh ar aghaidh le 22 duine óg ón bpobal i gcoitinne, agus rinne 33 duine óg atá buailte go díreach ag úsáid drugaí ar leibhéil éagsúla suirbhé scríofa éascaithe ag oibrithe óige i dtrí sheirbhís éagsúla.
Éilíonn cúspóir 5 den Straitéis Náisiúnta ar Rannpháirtíocht Daoine Óga sa chinnteoireacht ar an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige a ról ceannasaíochta a choimeád agus rannpháírtíocht páistí agus daoine óga a mholadh.
Ba é bunú an Mol Rannpháirtíochta Páistí agus Daoine Óga mar ionad barr feabhais an gníomh is mó chun an chuspóir seo a bhaint amach. Bunaíodh agus seoladh ionad barr feabhais Hub na nÓg: Guth na nÓg sa chinnteoireacht i mí na Samhna 2017.
Is achmhainn é Hub na nÓg atá ar fáil anois chun tacú le gach Rannóg Rialtais, Gníomhaireachtaí Stáit agus comhlachtaí eile bainteach le cur chun feidhme na Straitéise Náisiúnta ar Rannpháirtíocht Daoine Óga sa hinnteoireacht.