Ceadaíonn an Chomh-aireacht bearta chun úsáid fuinnimh a chiorrú ar fud na hearnála poiblí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cheadaigh an Chomh-aireacht sraith beart éifeachtúlachta fuinnimh ar fud na hearnála poiblí. Ó mhí Mheán Fómhair i leith, glacfaidh gach comhlacht earnála poiblí príomhról ina n-úsáid fuinnimh agus a gcostais fuinnimh a ísliú sa chéad chéim den fheachtas 'Úsáid Níos Lú', ar feachtas nua éifeachtúlachta fuinnimh fómhair é.
Tá an feachtas éifeachtúlachta fuinnimh 'Úsáid Níos Lú' deartha chun spriocdhíriú ar laghduithe in úsáid fuinnimh. Áirítear leis sin laghduithe spriocdhírithe in úsáid fuinnimh ag comhlachtaí earnála poiblí trí bhearta atá simplí agus furasta le cur chun feidhme, ar a nós seo:
Ceanglófar ar chomhlachtaí earnála poiblí teochtaí a shocrú go 19 gcéim Celsius mar threoirlíne nuair is cuí, an téamh a chur as i bhfoirgnimh oifige uair amháin nó dhá uair an chloig ar a laghad roimh dhúnadh na bhfoirgneamh agus a chinntiú nach mbíonn aon soilse nach soilse slándála/sábháilteachta in úsáid tar éis 8:00pm. Mar sin féin, éascaítear leis an gceanglas sin an tseirbhís phoiblí atá á soláthar ar an láthair sin agus cé chomh hoiriúnach is atá sé teochtaí a laghdú in imthosca áirithe a chur san áireamh – mar shampla, ní cheanglófar ar ospidéil teochtaí a laghdú go 19 gcéim Celsius.
Táthar ag súil go mbeidh an feachtas seo in ann fuinneamh a laghdú faoi chéatadán idir 5% agus 10% ar an iomlán ar fud na hearnála agus faoi 15% i bhfoirgnimh.
Sa bhliain 2020, bhain an earnáil phoiblí amach an sprioc uaillmhianach atá aici chun feabhsú 33% a bhaint amach in éifeachtúlacht fuinnimh, i gcomórtas le sprioc 20% don gheilleagar ar an iomlán. Is amhlaidh anois a dhéanfar iarracht chomhbheartaithe ar fud na hearnála poiblí leanúint leis an ról ceannaireachta sin ó thaobh úsáid fuinnimh a laghdú de.
Tabharfar tacaíocht d’eagraíochtaí earnála poiblí trí acmhainní feasachta fuinnimh, lena n-áireofar seimineáir ar líne, seimineáir Ghréasáin bheo agus seisiúin faisnéise fuinnimh ar líne ar bhonn aghaidh ar aghaidh.
Mar thoradh ar thionchar an chogaidh san Úcráin, tá bearta suntasacha déanta ag roinnt de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh cheana féin chun bearta éigeandála sábhála fuinnimh a chur chun feidhme ar fud a gcomhlachtaí poiblí agus a ngeilleagair.
Is é atá i meamram an lae inniu ná an chéad cheann de shraith gníomhartha a bhfuiltear ag súil go ndéanfar iad maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, le slándáil fuinnimh agus le soláthar fuinnimh sna seachtainí atá le teacht. Dé hAoine, freastalóidh an tAire Ryan ar chruinniú d’Airí Fuinnimh an Aontais Eorpaigh chun plé a dhéanamh ar dhóigheanna ar féidir dul i ngleic leis an mborradh ar phraghsanna fuinnimh. Ina theannta sin, tabharfar bearta suntasacha isteach i mBuiséad 2023 chun a chinntiú go bhfaighidh teaghlaigh agus gnólachtaí cabhair agus iad ag iarraidh a gcostais mhéadaitheacha fuinnimh a sheasamh.
CRÍOCH
Sa Chreat Náisiúnta um Shlándáil Fuinnimh , rud ar cheadaigh an Rialtas é agus a foilsíodh i mí Aibreáin 2022, tugtar breac-chuntas ar fhreagairt na hÉireann dár riachtanais slándála fuinnimh (i gcomhthéacs an chogaidh Rúisigh san Úcráin) agus ar ár n-imthosca náisiúnta ar leith.
Bhunaigh an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide Grúpa Éigeandála um Shlándáil Fuinnimh (atá faoi chathaoirleacht an Ard-Rúnaí), mar atá leagtha amach sa Chreat Náisiúnta um Shlándáil Fuinnimh. Déanann an grúpa sin comhordú agus formhaoirseacht ar ghníomhaíocht agus ar fhreagairtí – ar an leibhéal náisiúnta – i ndáil le tionchar an chogaidh Rúisigh san Úcráin ar shlándáil fuinnimh. Ar áireamh sa ghrúpa atá ionadaithe ón Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, ón gCoimisiún um Rialáil Fóntais (CRF), ó Líonraí Gáis Éireann, ó EirGrid, ón nGníomhaireacht Chúltaca Ola Náisiúnta (NORA) agus ó Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (UFIÉ).
Is é atá san fheachtas náisiúnta 'Úsáid Níos Lú' ná príomhchuid den mhórchur chuige atá á ghlacadh ag an Rialtas faoin gCreat Náisiúnta um Shlándáil Fuinnimh. Leis an bhfeachtas faisnéise poiblí, déantar éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn agus a spreagadh, agus béim á leagan ar an raon tacaí Rialtais atá ar fáil do theaghlaigh agus do ghnólachtaí chun cabhrú leo a gcostais mhéadaitheacha fuinnimh a sheasamh.
Seolfar an feachtas ina chéimeanna, agus iad in oiriúint do shéasúir dhifriúla, do ghníomhaíochtaí difriúla agus d’éilimh dhifriúla ar fhuinneamh. Leagfar béim ann ar conas atá an cogadh agus coimhlintí ag dul i bhfeidhm ar chostais fuinnimh ar fud na hEorpa agus ar conas is gá dúinn anois, thar am ar bith riamh, bheith aireach ar an dóigh a n-úsáidimid fuinneamh inár ngnáthshaol laethúil. Leis an bhfeachtas, tugtar de chumhacht do dhaoine a n-úsáid fuinnimh a laghdú agus iompraíocht a bheidh inbhuanaithe san fhadtéarma a spreagadh.
Faightear comhairle éifeachtúlachta fuinnimh laistigh den fheachtas ó shaineolaithe in Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (UFIÉ). Tá sí praiticiúil agus bunaithe ar fhianaise, agus mionsonraí á dtabhairt faoi na gníomhartha ar féidir leo an t-airgead is mó agus an fuinneamh is mó a shábháil.