Ceapadh Chathaoirleach nua agus beirt chomhaltaí nua ar Bhord Ard-Mhúsaem na hÉireann
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ceapadh an tOllamh Cathal O’Donoghue mar Chathaoirleach nua ar Bhord Ard-Mhúsaem na hÉireann; agus Rowena Neville agus Suzanne Costello mar chomhaltaí Boird.
Inniu (25 Eanáir 2024), d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, T.D. gur ceapadh an tOllamh Cathal O’Donoghue mar Chathaoirleach nua ar Bhord Ard-Mhúsaem na hÉireann. Mairfidh an ceapachán ar feadh na tréimhse suas go dtí mí Iúil 2026.
Ceapadh an tOllamh O’Donoghue ar an mBord ar dtús in 2021 agus tá an-taithí aige mar eacnamaí agus staitisteoir. Ó 2016 i leith tá an tOllamh O’Donoghue ina Chathaoirleach Aitheanta ar Bheartas Sóisialta agus Poiblí in Ollscoil na Gaillimhe. Idir 2016 agus 2020, bhí ról aige mar Dhéan na nEalaíon agus na nEolaíochtaí Sóisialta. Roimhe sin bhí sé ina Cheannaire ar an gClár Geilleagair agus Forbartha Tuaithe atá ag Teagasc, an comhlacht náisiúnta a sholáthraíonn taighde comhtháite, seirbhísí comhairleacha agus oiliúna don tionscal talmhaíochta agus bia agus pobail tuaithe. Bhí sé ina bhall de Chomhairle Ciste CGIAR, eagraíocht Idirnáisiúnta Taighde Agraibhia $1 bhilliún sa bhliain, idir 2014 agus 2016.
Ó 2021 i leith tá sé ina Chathaoirleach ar Bhord Fondúireachta an RDS. Tá sé ina Chathaoirleach ar Burren Lowlands CLG, agus ina bhall de Bhord Ceoil na Gaillimhe, Burren Beo agus an Cumann Idirnáisiúnta Micri-Ionsamhlúcháin.
Tá iarchéimeanna aige ó Oxford, COBÁC, Warwick agus Scoil Eacnamaíocht agus Eolaíocht Pholaitiúil Londain. Tá a PhD i mBeartas Sóisialta ó Scoil Eacnamaíochta agus Eolaíocht Pholaitiúil Londain.
Cheap an tAire beirt ghnáthchomhaltaí nua don Bhord le déanaí, Rowena Neville agus Suzanne Costello.
Tá Rowena Neville i gceannas ar Blue Line Consulting, ag obair le cliaint ar fud na n-earnálacha gnó, poiblí, ealaíon agus cultúir, acadúil agus neamhbhrabúis. D'oibrigh Rowena le heagraíochtaí go háitiúil agus go hidirnáisiúnta chun réitigh a shocrú agus a chur i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar raon dúshláin ghnó lena n-áirítear éagsúlacht a leathnú, cuimsiú sóisialta, inbhuanaitheacht institiúideach agus eagraíochtúil, agus tionchar a thomhas.
Tá Suzanne Costello ina Príomhfheidhmeannach ar Institiúid Sláinte Poiblí na hÉireann ó 2018 i leith. Ar feadh a saoil, ghlac Suzanne páirt in obair straitéise, cumarsáide agus forbartha beartais in Éirinn agus sa RA sna hearnálacha neamhbhrabúis agus poiblí.
Tá bunchéim ag Suzanne san Eolaíocht Shóisialta ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, Máistreacht sa Staidéar Gnó, agus Dioplóma sa Straitéis, Nuálaíocht agus Athrú, ó Scoil Ghnó Iarchéime Michael Smurfit, COBÁC.
Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Martin:
“Déanaim comhghairdeas le Cathal as a cheapachán agus guím gach rath air agus é ag tabhairt faoin ról iontach seo. Tá sé ar an mBord cheana féin agus cuirfidh a thaithí shuntasach ar cheannaireacht, eacnamaíocht agus beartas sóisialta go mór lena ról mar Chathaoirleach. Creidim go dtabharfaidh sé ceannaireacht éifeachtach don Bhord agus é ag tabhairt maoirseachta ar Ard-Mhúsaem na hÉireann agus a fhoireann feidhmiúcháin, faoi cheannas Lynn Scarff. Táim ag súil le hArd-Mhúsaem na hÉireann a fheiceáil ag leanúint ar aghaidh ag fás mar fhoras náisiúnta cultúir agus staire mór le rá.”
Dúirt an tAire, chomh maith:
“Déanaim comhghairdeas le Rowena agus Suzanne as a gceapacháin mar chomhaltaí Boird chomh maith. Tugann an bheirt acu eolas agus taithí shaibhir chuig a róil agus cuirfidh siad go mór le Bord Ard-Mhúsaem na hÉireann.”
NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR
Tá Ard-Mhúsaem na hÉireann freagrach as réada agus eolas a bhaineann le stair agus cultúr na hÉireann agus a háit sa domhan mór a bhailiú agus a chaomhnú.
Bunaíodh Ard-Mhúsaem na hÉireann mar fhoras neamhspleách ar an 3 Bealtaine 2005 faoi fhorálacha an Achta um Fhorais Náisiúnta Cultúir, 1997 le Bord agus Stiúrthóir (Príomhfheidhmeannach).
Is é cuspóir Ard-Mhúsaem na hÉireann:
• Gach sampla d’oidhreacht ábhar iniompartha agus de stair nádúrtha na hÉireann a bhailiú, a chaomhnú, a chur chun cinn agus a chur ar taispeáint.
• Na bailiúcháin a léirmhíniú agus a chur chun cinn agus iad a chur ar fáil do lucht féachana sa bhaile agus thar lear.
• Príomhról a choinneáil in oideachas, taighde agus scoláireacht a bhaineann leis na bailiúcháin agus lena gcomhthéacsanna.
Soláthraítear sna bailiúcháin atá i seilbh Ard-Mhúsaem na hÉireann nasc ríthábhachtach leis an stair chomhroinnte agus aonair, ag cruthú, ag tacú agus ag neartú bród aonair agus náisiúnta, agus ag an am céanna ag soláthar acmhainn uathúil agus bharántúil chun foghlaim, cruthaitheacht agus eispéiris spéisiúla cuairteoirí a spreagadh.
Is féidir tuilleadh eolais a léamh faoi Ard-Mhúsaem na hÉireann ar www.museum.ie .