D’oscail an tAire Cosanta agus Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney, T.D., Ionad Tacaíochta agus Brú Iarshaighdiúirí O.N.E. ag an Cóbh, Contae Chorcaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’oscail an tAire Cosanta agus Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney, T.D., Ionad Tacaíochta agus Brú Iarshaighdiúirí O.N.E. ag 8 Harbour Row, an Cóbh, Contae Chorcaí, Dé Domhnaigh, an 3 Deireadh Fómhair 2021 agus 12:30 p.m.
D’oscail an tAire Cosanta agus an tAire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney, T.D., Ionad Tacaíochta agus Brú Iarshaighdiúirí na hEagraíochta Pearsanra Iarsheirbhíse Náisiúnta (O.N.E.) sa Chóbh, Contae Chorcaí go hoifigiúil inniu. Cuideachta theoranta é O.N.E. a bhfuil stádas carthanúil aige atá tiomnaithe do leas phearsanra iarsheirbhíse Óglaigh na hÉireann trí chóiríocht agus comhairle a sholáthar do bhaill gan dídean, baill aosta nó baill faoi mhíchumas atá i ngátar.
Rinne an tAire Coveney comhghairdeas le O.N.E. ar oscailt na saoráide nua, agus dúirt sé: “Is bródúil an lá é i measc bhaill uile Óglaigh Náisiúnta na hÉireann tar éis gur críochnaíodh an tionscadal chun seanfhoirgneamh Leasa Shóisialaigh a thiontú ina shaoráid ina bhfuil cóiríocht agus ionad comhairle buail isteach d’iarshaighdiúirí.”
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Coveney go ndearna O.N.E. difear an-mhór do shaol iarshaghdiúirí fir agus mná ar ghá dóibh a sheirbhísí a chur ar fáil dóibh. Ghuigh sé gach rath ar O.N.E. leis an tsaoráid sa Chóbh agus amach anseo.
[CRÍOCH]
Nótaí d’Eagarthóirí
Oibríonn O.N.E. roinnt áiteanna cónaithe eile faoi láthair i mBaile Átha Cliath, Baile Átha Luain agus Leitir Ceanainn. Is ionann oscailt Bhrú na Farraige agus an chéad saoráid den sórt sin a sholáthair an eagraíocht i réigiún na Mumhan, agus tá sé mar chuid de phleananna O.N.E. líonra cúig Ionad Tacaíochta d’Iarshaighdiúirí dhéag a bhunú timpeall na tíre. Thug an Rialtas gealltanas foirmiúil chun tacú leis an eagraíocht ina leith seo trí ghealltanas i gClár an Rialtais. D’oibrigh an Roinn Cosanta le O.N.E. le cistiú Cuntas Díomhaoin a fháil chun cabhrú leis an tsaoráid sa Chóbh a fhorbairt, agus cuireadh leithdháileadh iomlán €210,000 ar fáil i dtreo an tionscadail.