Iarrann an Taoiseach agus an tAire O’Gorman Comhrá Náisiúnta ar fheachtas LADTI+ ‘'Looking Back, Moving Forward Together'
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tháinig an Taoiseach Leo Varadkar agus an tAire Roderic O'Gorman le chéile i dtithe an Rialtais inné chun plé a dhéanamh ar an bhfeachtas feasachta poiblí LADTI+ ar líne 'Looking Back, Moving Forward Together’', feachtas atá ag iarraidh ar dhaoine tús a chur le comhrá náisiúnta faoi cé chomh fada is atá Éire tagtha chun comhionannas a bhaint amach don phobal LADTI+ agus cad eile is gá a dhéanamh.
Ag trácht dó ar an bhfeachtas, dúirt an Taoiseach:
"Mar thír, tá sé chomh tábhachtach machnamh a dhéanamh ar cé chomh fada agus a tháinig muid chun cúis na gceart LADTI+ a chur chun cinn, ó chomhionannas pósta go labhairt amach ar son cearta LADTI+ ar fud an domhain ina bhfuil siad faoi ionsaí. Ach ní mór dúinn cuimhneamh nár éirigh linn ach na rudaí seo a bhaint amach toisc gur tháinig an oiread sin daoine le chéile, gur thosaigh siad comhrá, agus gur bhunaigh muid gluaiseacht athchóirithe.
"Níl an comhrá thart – níl sé ach tosaithe. Faraor, tá an pobal LADTI+ in Éirinn agus ar fud an domhain fós ag tabhairt aghaidh ar fhoréigean, éadulaingt agus homafóibe, trasfóibe agus défóibe. Go deimhin, léirigh toradh ILGA Eoraip gurb í 2022 an bhliain is foréigní le deich mbliana don phobal. Anseo in Éirinn, bhí taithí dhíreach ag dhá thrian de dhaoine LADTI+ ar chiapadh nó ar fhuath. Tabharfaidh an feachtas seo ardán dúinn leanúint ar aghaidh leis an gcomhrá, agus déileáil leis na ceisteanna atá fós os comhair an phobail sa lá atá inniu ann."
Dúirt an tAire O’Gorman:
"De réir mar a thosaíonn an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige ag obair ar réimsí tosaíochta a shainaithint lena gcuimsiú sa Straitéis LADTI+ nua a thiocfaidh i gcomharbacht uirthi, tá an comhrá seo níos tábhachtaí ná riamh. Táimidne, mar rialtas, tiomanta i gcónaí do chur chun cinn agus do chosaint chearta daoine LADTI+.
"Agus mé ag breathnú ar fhíseáin daoine eile a tháinig isteach sa chomhrá, feicim go bhfuil sé in am anois bogadh ar aghaidh le chéile arís mar Thír, agus oibriú chun comhionannas ceart a bhaint amach do chách."
Léigh tuilleadh faoin bhfeachtas seo anseo. (Leithscéal nach bhfuil an nasc seo i nGaeilge.)
Íomhánna ar fáil ó Maxwells Photography ag office@maxwellphotography.ie