Tuairimí á Lorg ar Thodhchaí Thurasóireacht na hÉireann
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Fógraíonn an tAire Martin comhairliúchán poiblí faoi Chreat Beartais Turasóireachta nua
Inniu, sheol Catherine Martin, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, suirbhé ar líne chun tuairimí ón bpobal a lorg maidir le Creat a fhorbairt do Chreat Beartais Turasóireachta nua don tréimhse suas go 2030. Beidh an comhairliúchán ar oscailt ar líne go dtí an Aoine 26 Aibreán 2024.
Cé go bhfuil dúshláin dochreidte roimh earnáil na turasóireachta le blianta beaga anuas, bhí ról lárnach aici i dtéarnamh eacnamaíoch na hÉireann. Beidh sé mar aidhm ag an gCreat Beartais nua na bunchlocha a sholáthar chun a chinntiú go leanfar leis an bhfeidhmíocht láidir seo sna blianta amach romhainn ach chomh maith leis sin go mbunófar an turasóireacht ar phrionsabail inbhuanaithe agus go nglacfar ról san earnáil i mbaint amach spriocanna náisiúnta aeráide.
Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Martin:
“Tá an turasóireacht ar cheann de na hearnálacha is tábhachtaí sa gheilleagar agus tacaíonn sé le fostaíocht i ngach pobal ar fud na tíre. Sna míonna amach romhainn, foilseoidh mé Creat Beartais Turasóireachta nua chun forbairt a dhéanamh ar ár dtionscal turasóireachta sa tréimhse go dtí 2030. Maidir leis seo, cé gur mhaith liom an earnáil a fheiceáil ag fás, ba mhian liom go ndéanfaidh sí amhlaidh ar bhealach atá ag teacht lenár spriocanna inbhuanaitheachta níos leithne agus ina gcinnteofar go mbeidh Éire ina ceannaire branda i gcleachtais turasóireachta inbhuanaithe. Sa Chreat Beartais nua féachfar le tacú le forbairt inbhuanaithe turasóireachta i bpobail ar fud na tíre, ár n-acmhainní nádúrtha a chosaint agus ag an am céanna laghdófar astuithe carbóin na hearnála turasóireachta ar an iomlán. Molaim do gach duine a dtuairimí a chur in iúl maidir leis seo, iad siúd a bhfuil baint dhíreach acu leis an earnáil ina measc.”
Cuireann an comhairliúchán poiblí seo le comhairliúcháin dírithe ar earnála agus páirtithe leasmhara a rinneadh cheana ar fud earnáil na turasóireachta. Tá an ceistneoir féin bunaithe go príomha ar threoirphrionsabail thuarascáil an Ghrúpa Oibre um Thurasóireacht Inbhuanaithe, a bunaíodh faoin bPlean Gníomhaíochta Turasóireachta 2019-2021 ach tugtar deis ann freisin don phobal aon tuairimí eile a thabhairt ar cad ba cheart a chur san áireamh sa Chreat Beartais nua. I measc na n-ábhar a chlúdaítear sa cheistneoir, tá conas turasóirí a mhealladh chun cuairt a thabhairt ar láithreacha nach bhfuil sean-bhunaithe, taisteal lasmuigh de bhuaic an tséasúir, agus conas lorg carbóin na hearnála a laghdú chomh maith. Lorgaítear tuairimí freisin maidir le hacmhainní nádúrtha agus oidhreachta na hÉireann a chosaint.
Is féidir an suirbhé iomlán a léamh ag: https://ec.europa.eu/eusurvey/runner/TourismPolicy2024
Is é 5 i.n. ar an 26 Aibreán 2024 an dáta deiridh a nglacfar le tuairimí.