Tá glao ar aighneachtaí á bhfógairt ag an Aire Meabhairshláinte agus Daoine Aosta, Mary Butler maidir le dúshláin fhórsa saothair in earnálacha na tacaíochta baile agus na dtithe altranais.
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Meabhairshláinte agus Daoine Aosta, Mary Butler TD, glao ar aighneachtaí inniu chun príomhcheisteanna a shainaithint maidir le hearcú agus coinneáil róil cúramóirí i dtacaíocht baile agus i dtithe altranais. Tabharfaidh an próiseas comhairliúcháin seo eolas agus tacaíocht do bhunú Ghrúpa Comhairliúcháin Straitéiseach don Fhórsa Saothair ar an gceist bhunúsach seo.
Dúirt an tAire Butler:
“Tá mé i dteagmháil le go leor páirtithe leasmhara tionscail chun na dúshláin atá rompu ó thaobh acmhainn foirne a phlé agus chun réitigh fhéideartha a aithint chun freastal ar riachtanais reatha agus fadtéarmacha sláinte agus cúraim shóisialta na ndaoine a úsáideann tacaíocht baile agus seirbhísí tithe altranais”.
“Cé go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta maidir le huaireanta breise tacaíochta baile a sholáthar trí infheistíocht mhéadaithe agus laghdú ar liostaí feithimh le haghaidh faomhadh maoinithe, tuigim go maith go bhfuil moilleanna ag teacht chun cinn maidir le tacaíocht baile a sholáthar mar gheall ar easpa cúramóirí a bheith ar fáil.”
Dúirt an tAire Butler:
“Beidh an glao ar aighneachtaí seo ina chleachtadh scóipe ríthábhachtach chun tuilleadh faisnéise agus fianaise a bhailiú ar na saincheisteanna a mbíonn tionchar acu ar an earnáil agus tabharfaidh sé deis luachmhar do pháirtithe leasmhara náisiúnta ionchur a bheith acu sa phróiseas seo. Is iad oifigigh i mo Roinnse a thabharfaidh faoin gcomhairliúchán seo agus is céim thábhachtach í an chéad chéim i mbunú Grúpa Comhairleach Straitéiseach um Fhórsa Saothair agus socrú na dtéarmaí tagartha agus rannpháirtíochta don Ghrúpa seo”.
Beidh an Roinn i dteagmháil le páirtithe leasmhara sna laethanta amach romhainn, lena n-áirítear eagraíochtaí soláthraithe seirbhíse agus ionadaithe fostaithe sna hearnálacha poiblí, príobháideacha agus deonacha. Tugaim spreagadh do na páirtithe leasmhara ábhartha go léir dul i ngleic leis an bpróiseas seo, chun na sonraí agus an fhaisnéis riachtanach a sholáthar chun tacú le breithniú fianaise-bhunaithe ar na dúshláin agus na freagairtí féideartha, agus go ríthábhachtach, go n-éistfear lena gcuid tuairimí”.
Seolfar an glao ar aighneachtaí le ríomhphost chuig na páirtithe leasmhara ábhartha agus is é an 22 Nollaig 2021 an dáta deiridh chun aighneachtaí a fháil. Déanfaidh foireann tionscadail na Roinne anailís ar na haighneachtaí a gheofar chun bonn eolais a chur faoi bhunú Grúpa go luath in 2022.
Anuraidh fuarthas maoiniú breise de €150 milliún do thacaíocht baile chun forbairt mhúnla leasaithe seachadta seirbhíse a chur chun cinn mar thaca don scéim reachtúil chun seirbhísí tacaíochta baile a mhaoiniú agus a rialáil agus chun 5 mhilliún uair breise de thacaíocht baile a sholáthar. Leagann Plean Seirbhíse Náisiúnta FSS amach sprioc 24 milliún uair an chloig de thacaíocht baile a sholáthar i mbliana agus meastar go raibh thart ar 15 milliún uair an chloig curtha ar fáil do bhreis is 53,000 duine ag deireadh mhí Mheán Fómhair. Tá sé seo thart ar 2.2 milliún uair sa bhreis i gcomparáid leis an tréimhse chéanna anuraidh.
Coinníodh an maoiniú a daingníodh i mBuiséad 2021 chun na 5 mhilliún uair breise sin a sholáthar do 2022.
Tá dul chun cinn suntasach bainte amach maidir le liostaí feithimh le haghaidh faomhadh maoinithe do sheirbhís nua nó bhreise a laghdú ó níos mó ná 7,800 i mí Eanáir 2020 go dtí díreach faoi bhun 400 i mí Mheán Fómhair seo caite. Baineadh é seo amach trí mheascán de bhailíochtú ar an liosta feithimh agus infhaighteacht maoinithe chun aghaidh a thabhairt orthu siúd atá ag feitheamh.
Mar sin féin, tá moill idir ceadú an mhaoinithe agus seachadadh uaireanta tacaíochta baile agus tá méadú seasta ag teacht ar líon na ndaoine sa chatagóir seo i mbliana. Ag deireadh mhí Mheán Fómhair 2021, bhí 4,933 duine measúnaithe agus ag fanacht le cúramóir a bheith ar fáil, i mí Eanáir 2020 bhí thart ar 1,300 duine sa chatagóir seo. Cuirtear isteach go háirithe ar réimsí áirithe a bhfuil brú méadaithe orthu, mar gheall ar infhaighteacht an lucht oibre.
In ainneoin an mhéadaithe, tá sé tábhachtach a thabhairt ar aird go bhfuil laghdú tagtha ar líon iomlán na ndaoine atá ag fanacht ar thacaíocht baile ar fud an dá chatagóir ó níos mó ná 9,000 ag tús 2020 go timpeall 5,300 ag deireadh mhí Mheán Fómhair.
Is eol do FSS go bhfuil méadú ar shaincheisteanna acmhainne ar fud an tsoláthair dhírigh agus indírigh, agus leanann sé ag fógairt ar bhonn leanúnach do Chúntóirí Cúraim Sláinte agus earcaíonn sé an oiread iarrthóirí oiriúnacha, nuair is féidir. Déanann FSS a earcú trí bhealaí éagsúla go háitiúil agus go náisiúnta.
De bharr nádúr post na gCúntóirí Tacaíochta Cúraim Sláinte, déantar an earcaíocht seo de ghnáth ar leibhéal an-áitiúil agus leanann sé ar aghaidh go leanúnach ar fud FSS. Leanann Soláthróirí Faofa Tacaíochta Baile freisin ag earcú oibrithe tacaíochta baile.