Faigheann an tAire McConalogue uasdátú ón nGrúpa Curaíochta de chuid Fís don Bhia
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Fuair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue T.D, uasdátú inniu ar obair leanúnach an Ghrúpa Curaíochta de chuid Fís don Bhia óna Chathaoirleach, Matt Dempsey. Tugadh an t-uasdátú mar chuid den ochtú cruinniú an Choiste Feidhmiúcháin Ard Leibhéal Fís don Bhia.
Dúirt an tAire McConalogue:
“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Matt Dempsey agus baill den Ghrúpa Curaíochta de chuid Fís don Bhia mar gheall ar a n-obair leanúnach, agus tá mé ag tnúth lena dtuarascáil dheireanach in am trátha. Is céim thábhachtach í sa phróiseas chun an earnáil curaíochta a fhás go hinbhuanaithe go 400,000h faoi 2030, fad is go bhfuil deiseanna eile don earnáil á n-aithint ag an am céanna. Bhí an grúpa ag plé an dóigh chun an earnáil a fhorbairt chun leas a bhaint as acmhainneacht fáis i margaidh ardluacha bia agus deochanna, leathadh curaíocht orgánach san áireamh; chun méadú breise a dhéanamh ar tháirgeadh intíre gráin agus barra próitéine le húsáid sa tionscal bia ainmhithe agus chun comhtháthú níos mó ar na hearnálacha go ginearálta. Chomh maith leis sin bhí an grúpa ag iarraidh deiseanna a aithint chun a éifeachtúlacht agus a iomaíochas a fheabhsú, agus chun a lorg comhshaoil a fheabhsú níos mó.
Thug an tAire le fios chomh maith,
“Tá sé ríthábhachtach go n-aimsímid conair chun an earnáil thábhachtach seo a fhás agus a fhorbairt. Tá sé soiléir go bhfuil an grúpa á threorú ag Matt Dempsey, ag déanamh dul chun cinn iontach agus tá mé ag tnúth lena dtuarascáil”.
I measc na n-ábhar eile a pléadh ag an gCoiste Feidhmiúcháin Ard Leibhéal Fís don Bhia, bhí Straitéis Náisiúnta nua don Ghairneoireacht 2023-2027, agus a cuid chéad chéimeanna eile, agus an tAire Stáit le freagracht speisialta as Gairneoireacht, Pippa Hackett a bhí ina bun.
Dúirt an tAire Stáit Hackett;
“Léiríonn an Straitéis seo go bhfuil féidearthacht ag an earnáil Ghairneoireachta ról tábhachtach a imirt i mbaint amach ár bhfíse d'earnáil agraibhia na hÉireann, ó thaobh an gheilleagair agus an chomhshaoil araon. Tá mé ag tnúth le bheith ag obair leis na páirtithe leasmhara chun an Straitéis seo a chur i bhfeidhm chun gur féidir linn an acmhainneacht ollmhór seo a sholáthar.
Fuair an coiste uasdátú fosta ar obair an fhoghrúpa Comhshaoil de chuid Fís don Bhia, cuir i láthair ar Bhunachar Sonraí Náisiúnta Leasacháin nua a lainseáladh le déanaí san áireamh. D'admhaigh iad siúd a bhí i láthair ag an gcruinniú buntáistí an Bhunachar Sonraí Náisiúnta Leasacháin mar atá soiléir ón 120,000 agus níos mó feirmeoir a chlárú leis.
CRÍOCH
Nóta d’Eagarthóirí
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach ar: