Cuireann an Scéim um Chlárú Léirithe Beo Áitiúla borradh faoi imeachtaí i mí an Mheithimh 2022
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an Scéim, a sheol an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán i lár 2021 tar éis tacú leis na céadta imeacht ar fud na tíre trí na húdaráis áitiúla. Bhain breis agus 5,500 ealaíontóir, taibheoir agus oibrí aonair leas as an Scéim seo go dtí seo.
In 2021, thacaigh na scéimeanna seo leis na mílte duine aonair agus gnólacht a oibríonn in earnáil na n-imeachtaí beo agus na mílte uair an chloig fostaíochta d’ealaíontóirí agus do chriúnna a chuir imeachtaí ar stáitse. In 2022, chuir €5m i maoiniú breise borradh faoi athoscailt na hearnála siamsaíochta, a mbainfear úsáid as chun imeachtaí beo a reachtáil agus chun tallann áitiúil a chur ar stáitse os comhair lucht féachana ar fud na tíre.
Dúirt an tAire Catherine Martin:
"Táim thar a bheith sásta gur éirigh chomh maith sin leis an Scéim um Chlárú Léirithe Beo Áitiúla d’údaráis áitiúla. Tá an scéim seo mar chuid de shraith tacaíochtaí €50 milliún dóibh siúd atá a oibríonn in earnáil na siamsaíochta beo agus chuir sí tacaíocht ar fáil do dhaoine a oibríonn san earnáil léirithe beo. Chabhraigh an scéim le pobail áitiúla a athbheochan agus le borradh a chur faoina ngeilleagar. Táim ag súil go mbainfidh pobail sult as an raon leathan imeachtaí atá ar siúl i mí an Mheithimh."
Óstálfar clár spreagúil imeachtaí i mí an Mheithimh a bhuíochas don Scéim agus táthar ag súil go mbeidh an-tóir orthu ar fud na tíre. Áirítear leis seo ceolchoirmeacha faoin aer, imeachtaí teaghlaigh, léirithe sorcais, imeachtaí scéalaíochta, féilte áitiúla, amharclannaíocht, filíocht agus imeachtaí ceoil.
Féach ar leathanaigh ghréasáin agus meáin shóisialta na nÚdarás Áitiúil le haghaidh tuilleadh sonraí faoi imeachtaí i do cheantar.
Scéim Chláraithe Feidhmíochta Beo Áitiúil: Imeachtaí i mí an Mheithimh 2022