Buaileann an tAire Sláinte le comhpháirtithe an AE sa Bhruiséil chun soláthar vacsaíní COVID-19 a phlé agus an Rialachán maidir le Feistí Leighis a chur i bhfeidhm
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an tAire Sláinte Stephen Donnelly TD ag déanamh ionadaíochta ar Éirinn inniu ag cruinniú d'Airí Sláinte an AE sa Bhruiséil. Tionóltar an cruinniú foirmiúil seo den Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí (EPSCO) faoi Uachtaránacht na Seice ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh (Iúil go Nollaig 2022). Déanfaidh na hAirí tuairimí a mhalartú maidir le soláthar vacsaíní COVID-19 agus gheobhaidh siad nuashonruithe tráthúla ón gCoimisiún Eorpach maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin um Fheistí Leighis (MDR) chomh maith leis an athbhreithniú ar reachtaíocht chógaisíochta.
Cuireadh tús le seisiún na maidine seo le malartú tuairimí maidir le soláthar COVID-19; bhí Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí Emer Cooke agus Stiúrthóir an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú an Dr Andrea Ammon i láthair freisin.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Chuir rannpháirtíocht i straitéis vacsaíne COVID-19 an AE ar ár gcumas an clár imdhíonta is mó i stair ár dtíre a dhéanamh, beatha daoine a shábháil agus gnáthshaol sóisialta agus eacnamaíoch a chur ar bun arís."
Ag tnúth le comhoibriú leanúnach torthúil i leith soláthair, dúirt an tAire Donnelly:
“Fáiltímid roimh go bhféachann ár nAontas Sláinte Eorpach atá ag teacht chun cinn le haghaidh a thabhairt ar raon leathan cásanna féideartha maidir le hullmhacht agus freagairt do bhagairtí aitheanta agus bagairtí nach bhfuil ar eolas fós. Tacaíonn Éire le hiarrachtaí leanúnacha an Choimisiúin na comhaontuithe soláthair vacsaíní COVID atá ann cheana agus an straitéis amach anseo a oiriúnú, chun an staid eipidéimeolaíoch atá ag athrú a léiriú agus chun tógáil ar na ceachtanna a foghlaimíodh le linn na paindéime."
Ghlac na hAirí Moladh ón gComhairle maidir le cosc a neartú trí luathbhrath: Cur chuige nua AE maidir le scagthástáil ailse, agus d'fhaomh siad Conclúidí ón gComhairle maidir le vacsaíniú mar cheann de na huirlisí is éifeachtaí chun galar a chosc agus sláinte phoiblí a fheabhsú. Thug na hairí ar aird freisin tuarascálacha ar dhul chun cinn i ndáil le rialacháin atá beartaithe maidir le Spás Sonraí Sláinte na hEorpa agus maidir le caighdeáin cháilíochta agus sábháilteachta do shubstaintí de bhunús daonna. Ina dhiaidh sin bhí lón oibre maidir le meabhairshláinte.
San iarnóin, thug Stella Kyriakides, Coimisinéir an AE um Shláinte agus Sábháilteacht Bia, an t-eolas is deireanaí i ndáil le cur chun feidhme an Rialacháin maidir le Feistí Leighis (MDR) agus thug sí breac-chuntas ar leasú reachtach a raibh súil leis chun ganntanas suntasach feistí leighis a chosc. Agus fáilte á cur aige roimh an bhfreagra a mhol an Coimisiún, leag an tAire Donnelly béim air:
“Go gcaithfear an beart seo a ghlacadh agus dul i bhfeidhm gan mhoill chun a chinntiú go mbeidh na gléasanna a mbíonn ár saoránaigh agus ár gcórais sláinte ag brath orthu fós ar fáil”. Agus aird á tabhairt aige ar an ngá atá ann aghaidh a thabhairt freisin ar bhunchúiseanna dúshláin sheasmhacha, bhunúsacha, dúirt an tAire Donnelly, “Teastaíonn creat rialála iontaofa agus inbhuanaithe ón AE chun ardleibhéal sábháilteachta agus sláinte a chinntiú, lena n-áirítear trí nuálaíocht a éascú."
Tá an Coimisiún ag tabhairt an eolais is déanaí do na hAirí maidir leis an athbhreithniú ar reachtaíocht chógaisíochta an AE. Tugann míreanna AOB eile aghaidh ar na Caibidlíochtaí le haghaidh Comhaontú Paindéime idirnáisiúnta agus leasuithe ar na Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta (2005); straitéis Sláinte Domhanda an AE; Tuarascáil Ullmhachta Staid na Sláinte; Tairseach na dTrialacha Cliniciúla CTIS; Comhdhálacha faoi Uachtaránacht na Seice; agus clár Oibre Uachtaránacht na Sualainne atá ag teacht isteach.