Fógraíonn na hAirí Sláinte ceadú an rialtais chun an Bille Meabhair-Shláinte 2024 a fhoilsiú
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chuir an tAire Sláinte, Stephen Donnelly agus an tAire Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta, Mary Butler, fáilte inniu roimh cheadú na Comh-Aireachta an Bille Meabhair-Shláinte a fhoilsiú.
Tiocfaidh an Bille Meabhair-Shláinte seo in áit na nAchtanna Meabhair-Shláinte 2001 – 2022 atá ann cheana agus tá sé bunaithe go príomha ar Scéim Ghinearálta Bille chun an tAcht Meabhair-Shláinte 2001 a leasú, a bhí foilsithe ag an rialtas i mí Iúil 2021.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Tá lúcháir orm go bhfuil an píosa reachtaíochta tábhachtach seo ceadaithe lena fhoilsiú ag an gComh-aireacht. Tá roinnt beart tábhachtach sa Bhille, lena n-áirítear rialáil seirbhísí meabhairshláinte sa phobal, lena n-áirítear CAMHS sa phobal, den chéad uair.
"Is deis é an Bille seo reachtaíocht mheabhairshláinte níos láidre, dírithe ar an duine a chur i bhfeidhm a dhéanfaidh cearta na ndaoine le deacrachtaí meabhairshláinte acu a nuachóiriú, a leasú agus a chosaint tuilleadh sna blianta amach romhainn."
Dúirt an tAire Butler:
“Bhí forbairt agus foilsiú an Bhille Meabhair-Shláinte ina thosaíocht ag rialtais as a chéile agus ina thosaíocht phearsanta agam le linn mo thréimhse mar Aire. Is cloch mhíle thábhachtach é an scéal go bhfuil foilsiú an Bhille faofa ag an gComh-aireacht. Tá forbairt an Bhille tagtha anois tar éis uaireanta fada taighde, dréachtaithe agus comhairliúcháin ag oifigigh ar fud an Rialtais, i gCoimisiún Meabhair-Shláinte, i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, in éineacht le príomhpháirtithe leasmhara eile.
"Tá na cosaintí a thabharfaidh an Bille seo thar a bheith tábhachtach do dhaoine a bhfuil deacrachtaí meabhairshláinte tromchúiseacha agus seasmhacha acu i suíomhanna ospidéil, agus pobail. Táim ag súil le foilsiú an Bhille an tseachtain seo chugainn agus len é a thabhairt trí Thithe an Oireachtais san fhómhar."
Déanfar foráil sa Bhille, i measc nithe eile: