Togra AE le haghaidh rialacháin maidir le hÁbhar Atáirgthe Plandaí a tháirgeadh agus a mhargú oscailte faoi choinne comhairliúchán poiblí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D., inniu go mbeidh próiseas comhairliúcháin phoiblí náisiúnta ann i dtaca le togra Choimisiún an Aontais Eorpaigh le haghaidh Rialacháin maidir le hÁbhar Atáirgthe Plandaí (PRM) a Tháirgeadh agus a Mhargú. Beidh an próiseas comhairliúcháin oscailte ar feadh trí seachtaine, idir an 27 Feabhra 2024 agus an 20 Márta 2024. Thug Coimisiún an Aontais Eorpaigh faoi chomhairliúchán roimh an gcomhairliúchán poiblí náisiúnta seo. Cabhróidh an comhairliúchán le bonn eolais a chur faoi sheasamh na hÉireann ar an togra.
Dúirt an tAire, agus é ag tagairt don chomhairliúchán poiblí:
“Fearaim fáilte roimh an gcomhairliúchán poiblí seo faoi Ábhar Atáirgthe Plandaí (PRM), agus roimh an gcomhairliúchán leathan a ndeachaigh an Coimisiún ina bhun cheana féin maidir leis an togra seo. Is é PRM an túsphointe don uile phlanda úr agus is tábhachtach go rachaimid i dteagmháil le páirtithe leasmhara agus leis an bpobal chun a gcuid tuairimí faoin ábhar tábhachtach seo a fháil”.
Cuimsítear le PRM síolta, tiúbair, gearrthóga, fréamhacha, etc. a úsáidtear chun plandaí a atáirgeadh. D’éirigh go maith le reachtaíocht an Aontais Eorpaigh atá ann faoi láthair i dtaca le PRM, lena gcuimsítear deich dTreoir mhargaíochta, chun aitheantas, feidhmíocht, caighdeán agus sláinte an uile Ábhar Atáirgthe Plandaí a dheimhniú. Ós rud é go dtéann roinnt de na Treoracha siar go dtí na 1960idí, áfach, tá Coimisiún an Aontais Eorpaigh, i ndiaidh dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara, tar éis glacadh le togra le haghaidh Rialacháin maidir le hÁbhar Atáirgthe Plandaí a Tháirgeadh agus a Mhargú. Tá sé i gceist leis an togra go dtabharfar cothrom na Féinne d’oibreoirí ar fud an Aontais Eorpaigh, go dtacófar leis an nuálaíocht agus leis an iomaíochas agus go rachfar i ngleic le dúshláin inbhuanaitheachta, bhithéagsúlachta agus aeráide, rud atá fíorthábhachtach.
Ghlac Coimisiún an Aontais Eorpaigh a thogra an 5 Iúil 2023 agus is iad na príomhaidhmeanna atá aige ná:
1. Soiléireacht agus comhleanúnachas an chreata dhlíthiúil a mhéadú.
2. Glacadh na bhforbairtí eolaíocha agus teicniúla nua a chumasú, go háirithe próisis táirgthe nuálacha, teicnící bithmhóilíneacha agus réitigh dhigiteacha.
3. Infhaighteacht PRM a bheidh oiriúnach do dhúshláin amach anseo a áirithiú.
4. Tacú le caomhnú agus le húsáid inbhuanaithe na n acmhainní géiniteacha planda.
5. An creat maidir le rialuithe oifigiúla ar PRM a chomhchuibhiú.
6. Feabhas a chur ar chomhleanúnachas na reachtaíochta maidir le PRM leis an reachtaíocht maidir le sláinte plandaí.
Dúirt an tAire freisin:
D’fhóin na Treoracha ón Aontas Eorpach maidir le PRM atá ann faoi láthair go maith dúinn. Chuir infhaighteacht na gcineálacha a fheileann d’ithir agus do dhálaí aeráide na hÉireann, agus an rochtain ar na cineálacha sin, go mór le hinbhuanaitheacht eacnamaíoch agus chomhshaoil ár dtáirgeachta talmhaíochta. Chomh maith leis sin, tuigeann feirmeoirí luach an tsíl dheimhnithe agus na caighdeáin arda a bhaineann lena tháirgeadh agus lena mhargú. Cuireann an togra seo le Treoracha atá ann cheana agus tá sé de chuspóir aige caighdeán ard agus éagsúlacht roghanna a chinntiú d’úsáideoirí uile PRM atá oiriúnaithe do dhálaí aeráide atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo. Ar an dóigh sin, cuirfear le slándáil bia, cosnófar ár mbithéagsúlacht agus feabhsófar inbhuanaitheacht ár gcóras táirgthe”.
Ba chóir aighneachtaí scríofa a chur ar ríomhphost chuig prmconsultation@agriculture.gov.ie agus “Togra PRM” a chur i líne an ábhair.
Ba cheart go mbeadh achoimre ghearr nach mó ná 300 focal i ngach aighneacht ina leagtar amach na príomhphointí. Maidir le haighneachtaí ó eagraíochtaí nó ó ghrúpaí, ba cheart go mbeadh cuntas gairid ar bhallraíocht, ar aidhmeanna agus ar chuspóirí na heagraíochta nó an ghrúpa sin san áireamh.
Ba cheart go gcuirfí an uile aiseolas scríofa faoin togra isteach faoi 4.00 p.m. an 20 Márta 2024. Ní chuirfear aighneacht ar bith a gheofar i ndiaidh an spriocdháta sin san áireamh.
Foilseofar fógra faoin gcomhairliúchán ar shuíomh gréasáin na Roinne ón 27 Feabhra 2024 ag an seoladh seo a leanas: gov - Comhairliúchán Poiblí i dtaca le Togra Choimisiún an Aontais Eorpaigh le haghaidh Rialacháin maidir le hÁbhar Atáirgthe Plandaí (PRM) a Tháirgeadh agus a Mhargú (www.gov.ie)