D’fhógair an tAire Humphreys síneadh ar an Sochar Linbh do dhaoine 18 mbliana d’aois ón 1ú Bealtaine
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, inniu go gcuirfear síneadh leis an Sochar Linbh do dhaoine 18 mbliana d’aois ón 1 Bealtaine.
Rachaidh an beart chun tairbhe do thart ar 60,000 leanbh atá in oideachas lánaimseartha nó atá faoi mhíchumas.
D’éirigh leis an Aire Humphreys comhaontú a fháil chun Sochar Linbh a shíneadh mar chuid de Cháinaisnéis 2024 chuig daoine atá 18 mbliana d’aois agus tá an beart le cur i bhfeidhm i mí Mheán Fómhair.
Fuair an tAire cead ón gComh-aireacht inniu, áfach, na hathruithe a thabhairt isteach ceithre mhí roimhe sin ar 1 Bealtaine.
Ciallaíonn sé seo go n-íocfar Sochar Linbh le haon duine atá 18 mbliana d’aois agus atá in oideachas lánaimseartha, nó atá faoi mhíchumas, suas go dtí a 19ú breithlá.
Íoctar Sochar Linbh ag ráta €140 in aghaidh na míosa.
Agis í ag labhairt i ndiaidh chruinniú na Comh-Aireachta, dúirt an tAire Humphreys:
“Tá ríméad orm inniu go bhfuil comhaontú faighte agam ó mo chomhghleacaithe sa Chomh-aireacht chun Sochar Linbh a shíneadh chuig daoine 18 mbliana d’aois ar 1 Bealtaine.
“Rachaidh sé seo chun tairbhe na mílte teaghlach ar fud na tíre, ar tháinig deireadh lena Sochar Linbh a luaithe a bhí 18 mbliana d’aois slánaithe ag a leanbh.
“I dtosach, bhí an beart seo le teacht i bhfeidhm ar dtús i mí Mheán Fómhair. Chuir mé in iúl don Chomh-aireacht inniu, áfach, go bhfuil mo Roinn in ann an t-athrú a chur i bhfeidhm i mí na Bealtaine.
“Táimid ag súil go mbainfidh thart ar 60,000 páiste tairbhe as de bharr na n-athruithe atá á bhfógairt agam inniu.”
Lean an tAire Humphreys léi:
“Is cúnamh ríthábhachtach é Sochar Linbh don oiread sin teaghlach atá ag obair. Is maith is eol dom, ó na laethanta a chaith mé ag obair i gComhar Creidmheasa, chomh spleách is atá teaghlaigh ar Sochar Linbh.
“Léirítear leis an athrú áirithe seo atá á fhógairt agam inniu nach gcríochnaíonn go leor páistí sa lá atá inniu a gcuid meánscolaíochta go dtí go bhful 18 mbliana d’aois slánaithe acu.
“Thiocfadh dó gur tharla sé seo toisc gur thosaigh páistí ar scoil nuair a bhí siad cúig bliana d’aois, nó b’fhéidir toisc gur roghnaigh siad páirt a ghlacadh san Idirbhliain.
“Sin an fáth go bhfuil tábhacht nach beag ag baint leis an mbeart seo mar a bhaineann sé leis an gcúnamh a thugtar do na mílte teaghlach breise leis an gcostas maireachtála agus le tuilleadh airgid a chur ar ais ina bpócaí.”
Beidh an Roinn Coimirce Sóisialaí i dteagmháil le faighteoirí uile an tSochair Linbh le linn na míonna amach romhainn le comhairle a sholáthar i dtaca leis na chéad chéimeanna eile.
I gcás linbh a bhfuil 18 mbliana d’aois slánaithe aige/aici tar éis mhí na Bealtaine 2023 agus atá fós in oideachas lánaimseartha, beidh sé/sí incháilithe arís ó mhí na Bealtaine 2024 go dtí go bhfuil 19 bliana d’aois slánaithe aige/aici.
De réir mar a thiocfaidh an beart i bhfeidhm i mí na Bealtaine, ní ghearrfar aon íocaíocht ar aon idirthréimhse suas go dtí mí na Bealtaine 2024.
Ní gá don tuismitheoir/caomhnóir athiarratas a dhéanamh má tá an leanbh in oideachas lánaimseartha agus má tá deimhniú oideachais reatha ag an Roinn. Déanfar an íocaíocht a chur i bhfeidhm arís ó mhí na Bhealtaine 2024 fad is atá an deimhniú bailí agus leanfar leis an íocaíocht go dtí go mbeidh deimhniú oideachais bailí i bhfeidhm nó go mbeidh 19 mbliana d’aois slánaithe ag an leanbh, cibé acu is túisce.
I gcásanna ina mbeidh an deimhniú oideachais as feidhm roimh an 19ú breithlá, eiseofar deimhniú oideachais nua don tuismitheoir/caomhnóir sula rachaidh sé as feidhm. Ní mór é seo a chomhlánú agus a sheoladh ar ais ionas gur féidir íocaíocht an tSochair Linbh a atosú.
Má tá 18 mbliana d’aois slánaithe ag an leanbh tar éis mhí na Bealtaine 2024, síneofar an Sochar Linbh go huathoibríoch go dtí an 19ú breithlá nó dáta éaga an deimhnithe reatha.
Beidh an Roinn i dteagmháil dhíreach le tuismitheoir/caomhnóir más gá di deimhniú oideachais nuashonraithe a chur ar fáil.
I gcás na ndaoine sin ar gá dóibh a gcuid sonraí íocaíochta a nuashonrú, is é an bealach is tapúla agus is éasca chun sonraí íocaíochta a athrú ná ar líne ag MyWelfare.ie.