Faigheann McConalogue tuarascáil sealadach ar Thascfhórsa an Earnála Bia Mara
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Fuair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Muirí Charlie McConalogue anois an tuarascáil sealadach ar Thascfhórsa an Earnála Bia Mara. Shocraigh an tAire Tascfhórsa an Earnála Bia Mara chun measúnú a thabhairt ar impleachtaí do thionscal Iascaireachta na hÉireann agus pobail an chósta a bhraitheann go háirithe air ag eascrú ó Mhargadh na Breaitimeachta agus Comhaontú Comhoibrithe, aontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe.
Bhí dualgas ag an Tascfhórsa, faoi Chathaoirleach Aiden Cotter, tionscnaíochtaí a mholadh ar féidir a ghlacadh chun tacaíochtaí a sholáthar chun forbartha agus athstruchtúrtha, chun flít iascaireachta brabúsach inbhuanaithe a chinntiú agus chun deiseanna a aithint do phoist agus gníomhaireacht eacnamaíoch i bpobail an chósta a bhraitheann ar iascaireacht.
D’iarr an Aire gur chóir do thuarascáil sealadach díriú ar shocrúcháin i gcomhair scéime scoir flít chun dul i ngleic le tionchar an laghdaithe i gcuótaí, agus ina dhiaidh sin, tuarascáil iomlán ar Thascfhórsa an Earnála Bia Mara. Iarradh ar an Tascfhórsa freisin athbhreithniú a dhéanamh ar na roghanna agus bearta a mholadh a d’fhéadfaí a thapú chun cuidiú le ualach a laghdú ar Éirinn ó aistrithe scaireanna cuóta iascaireachta chuig an UK.
Dhéileáil Tuarascáil Sealadach Tascfhórsa, le tacaíocht ó gach Ball an Tascfhórsa, le ceist an ualaidh roinnte idir Ballstáit agus molann sé raon tionscnaíochtaí chun dul i ngleic le laghduithe i gcuóta sa Chomhaontú Trádála agus Comhoibrithe. Mhol an Tascfhórsa sraith gníomhartha dírithe ar chuótaí peiligeacha agus gníomhartha dírithe ar chuótaí grinneallach. Léiríonn an Tuarascáil Sealadach go mbeidh gníomhartha molta, i ndiaidh breithniúcháin ag an Tascfhórsa, leagtha síos go mionsonraithe sa Phríomh-thuarascáil. Molann Tuarascáil Sealadach an Tascfhórsa freisin gur chóir don scéim scoir deonach ar feadh mí a chur ar fáil do timpeall 200 bád éisc gheal a fuair tionchar ó na laghduithe cuóta sa tréimhse ó Mheán Fómhair go dtí Nollaig.
Dúirt an tAire
“ba mhaith liom mo bhuíochas a léiriú do bhaill Tascfhórsa an Earnála Bia Mara as a gcuid idirghníomhaíochta cabhrach faoi threoir an ghrúpa stiúrtha (Aidan Cotter, Margaret Daly agus Micheál O’Cinneide) chun dréacht a dhéanamh ar an tuarascáil sealadach seo, a d’iarr mé go mbeadh béim aige ar cheist roinnte ualaigh agus ar shocrúcháin i gcomhair scéime scoir don flít sealadach deonach a théann i ngleic le tionchar ó laghdú i gcuótaí iascaireachta faoin gcomhaontú Trádála na Breaitimeachta agus Comhoibríochta. Tá áthas orm an tuarascáil sealadach sin a fháil anois.”
Leanfaidh Tascfhórsa an Earnála Bia Mara ag obair chun tuarascáil deiridh a dhéanamh i gcomhair aighneachta chuig an Aire. Iarrann na téarmaí tagartha ar an Tascfhórsa socrúcháin a lua i gcomhair scéime díchoimisiúnaithe deonaigh nó tionscnaíochtaí eile chun dul i ngleic le impleachtaí an Chomhaontaithe Trádála agus Comhoibrithe agus breac-chuntas ar straitéisí forbartha eile chun pobail an chósta a neartú agus a fheabhsú a bhraitheann go háirithe ar an tionscal bia mara. Déanfaidh an Tascfhórsa freisin athbhreithniú ar na roghanna agus bearta a mholadh a d’fhéadfaí a thapú chun cuidiú le ualach a laghdú ar Éirinn ó aistrithe scaireanna cuóta iascaireachta chuig an UK.
Leis sin, dúirt an Aire
“d’iarr mé ar an Tascfhórsa smaoineamh ar conas gach sruthanna maoinithe ar fáil a úsáid chun dul i ngleic leis, chomh mór agus is féidir, tionscnaíochtaí chun tionchar a mhaolú ó chuótaí aistrithe chuig an UK faoin gComhaontú Trádála agus Comhoibríochta. Cé go mbeidh an Cúlchiste Coigeartaithe Breaitimeachta agus Ciste Iascaigh Muirí agus Uisceshaothraithe na hEorpa mar eilimintí an-tábhachtacha i gcur i bhfeidhm moltaí ar an Tascfhórsa, ba chóir gan smaoineamh orthu mar an t-aon fhoinse maoinithe agus, sa chéad uair, is ábhar don Tascfhórsa foinsí maoinithe cuí a chur san áireamh do na moltaí a dhéanann siad.”
Tá Tascfhórsa an Earnála Bia Mara ag leanúint leis ag obair, agus go dtí seo, chas siad le chéile seacht n-uair agus fuair siad ar iomlán 57 aighneacht óna mbaill agus tríd an bpróiseas comhairleoireachta poiblí.
Is féidir teacht ar Thuarascáil Sealadach Tascfhórsa Iascaireachta anseo: BIM - Tascfhórsa an Earnála Bia Mara
Is gníomh é bunaíocht Tascfhórsa an Earnála Bia Mara i bPlean Gníomhaíochta 2021 na Roinne faoin Aidhm Straitéiseach chun earnáil bia mara inbhuanaithe, iomaíoch agus nuálaíoch a sheachadadh, tiománaithe ag fórsa oibre oilte, a sheachadaíonn táirgí breisluacha i gcomhréir le éileamh an tomhaltóra’.
Nótaí d’Eagraitheoirí
Is féidir rochtain a fháil ar Phlean Gníomhaíochta 2021 na Roinne ar shuíomh gréasáin na Roinne: www.gov.ie/en/publication/a9d51-statement-of-strategy-2021-2024/
DEIREADH