Fáilte curtha ag Airí roimh fhionraí 5 bliana taraifí i ndíospóid sheanbhunaithe aerárthaí AE-SAM
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fháiltigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., roimh an bhfógra a rinne Coimisiún na hEorpa agus Oifig Ionadaí Trádála na Stát Aontaithe inné go bhfuil siad i ndiaidh teacht ar chomhaontú i ndáil leis an díospóid sheanbhunaithe faoi aerárthaí sibhialta.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag Aire i ndiaidh an fhógra:
“Dea-scéala é an fógra maidir le díospóid na n-aerárthaí sibhialta, ó tharla tionchar a bheith aige ar thrádáil agraibhia agus deochanna na hÉireann-SAM ar feadh tréimhse fhada. Ábhar dóchais freisin go ndearnadh an fógra anois i bhfianaise na ndúshlán a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar an ‘comhaontú trádála i bprionsabal’ a d’fhógair an Ríocht Aontaithe agus an Astráil inné."
Cuirfear taraifí forchurtha ag an AE agus SAM sa díospóid seo, atá ar fionraí go dtí an 11 Iúil faoi láthair, ar fionraí de réir an fhógra a rinneadh inné le haghaidh tréimhse cúig bliana eile.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire McConalogue freisin:
“Tríd an ualach taraife seo a bhaineann le díospóid na n-aerárthaí sibhialta a chur ar fionraí, a raibh tionchar luach €95 milliún aige ar easpórtálacha agraibhia na hÉireann luach €380 milliún in 2020, cabhrófar le heaspórtálaithe agraibhia na hÉireann chuig SAM de réir mar a thagann deireadh le paindéim Covid. Os a choinne sin, trí na taraifí seo a chur ar fionraí le haghaidh cúig bliana, soláthraítear cinnteacht d’iompórtálaithe Éireannacha i ndáil le conarthaí fadtéarmacha – agus tá mé ag smaoineamh go háirithe ar ár n-iompórtálaithe beatha ainmhithe a raibh orthu déileáil le taraifí breise ar mholás cána agus laíon biatais mar thoradh ar an díospóid seo.”
Bhí an méid seo a leanas le rá ag Martin Heydon T.D., Aire Stáit atá freagrach as Forbairt Margaí Nua, le linn dó fáiltiú roimh an dea-scéala:
“Is geilleagar beag oscailte é Éire atá i mbun trádála le breis is 180 tír ar fud an domhain. Dá réir sin, is bac ar ár rochtain agus iomaíochas margaidh é aon bhacainn ar thrádáil, ar chúrsaí airgeadais nó teicniúla. Ní bhíonn an lámh in uachtar ag aon taobh i ndíospóidí trádála agus is céim thábhachtach é fógra an lae inné i ndáil le hathbhunú an chaidrimh dhéthaobhaigh idir an AE agus SAM. Tá deis anois ag ár n-earnáil bia agus deochanna tuilleadh forbairt a dhéanamh sna Stáit Aontaithe áit a gceannóidh na tomhaltóirí géarchúiseacha ár dtáirgí bunaithe ar inbhuanaitheacht, sábháilteacht, caighdeán agus blas.”