Fáilte curtha ag an Aire McConalogue roimh mholadh don Chúlchiste Náisiúnta in 2021
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá fáilte curtha inniu ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., roimh an moladh atá déanta ag an gCoiste Comhairleach um Íocaíochtaí Díreacha maidir le leanúint den Chúlchiste Náisiúnta in 2021.
I ndiaidh comhairliúchán ar bhí ar siúl idir an Roinn agus an Coiste Comhairleach um Íocaíochtaí Díreacha, ina gcuimsítear baill ó na príomhchomhlachtaí feirmeoireachta agus ó na seirbhísí comhairliúcháin talmhaíochta, déanfar soláthar anois chun iarratais a dhéanamh ar an gCúlchiste Náisiúnta in 2021. Faoi Rialacháin an AE trína gcuirtear taca faoi oibriúchán an Chúlchiste Náisiúnta, tugtar rochtain tosaíochta do na catagóirí éigeantacha 'Feirmeoir Óg' agus 'Iontrálaí Nua san Fheirmeoireacht'.
Faigheann iarratasóirí a n-éiríonn lena n-iarratas don Chúlchiste Náisiúnta leithdháileadh teidlíochtaí de réir luach an Mheáin Náisiúnta nó breisiú suas chuig luach an Mheáin Náisiúnta ar theidlíochtaí atá faoi bhun an mheáin náisiúnta.
Ag labhairt dó i ndiaidh chomhaontú an Choiste Comhairliúcháin Íocaíochtaí Díreacha dúirt an tAire McConalogue,
"Fáiltím roimh chomhaontú an ghrúpa inniu maidir le maoiniú don Chúlchiste Náisiúnta. Céim thar a bheith tábhachtach atá inti an Cúlchiste Náisiúnta a bhaint amach don bhliain 2021 chun tacú leis na feirmeoirí is táirgiúla agus is uaillmhianaí sa tír. Cinntíonn rochtain tosaíochta a thabhairt d'Fheirmeoirí Óga agus d'Iontrálaithe Nua go leanfaimid do thacaíocht agus spreagadh a thabhairt don athnuachan ó ghlúin go glúin inár n-earnáil.
Cuirfear na sonraí ar fad maidir le hoibriú na scéime, na Téarmaí agus Coinníollacha san áireamh, ar fáil nuair a osclófar an scéim d'iarratais ar líne i mí Feabhra 2021 an tráth céanna a mbeifear ag oscailt na n-iarratas ar líne do Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí. Is an 17 Bealtaine 2021 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais faoin Scéim.
Cé nach gcuirfear Téarmaí agus Coinníollacha mionsonraithe an Chúlchiste Náisiúnta don bhliain 2021 ar fáil go dtí go seolfar na scéimeanna d'iarratais ar líne i mí Feabhra, táthar ag súil go mbeidh na téarmaí agus coinníollacha ag teacht leis na cinn a cuireadh i bhfeidhm le blianta beaga anuas.
Nótaí d'Eagarthóirí:
Sainmhíniú ar 'Feirmeoir Óg'
Ní mór d'iarratasóir na coinníollacha seo a leanas a shásamh le bheith cáilithe mar 'feirmeoir óg':
• Tá sé/sí rannpháirteach i Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí sa bhliain ina gcuireann sé/sí iarratas isteach;
• Níl sé/sí os cionn 40 bliain d'aois i rith na bliana féilire ina gcuirfidh sé/sí an chéad iarratas isteach faoi Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí.
• Tá sé/sí ag cur gabháltas talmhaíochta ar bun den chéad uair nó tá gabháltas talmhaíochta curtha ar bun aige/aici le linn na chéad chúig bliana sular ndearnadh an chéad iarratas ar Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí.
Sainmhíniú ar 'Iontrálaí Nua san Fheirmeoireacht'.
Sainmhínítear 'Iontrálaí Nua san Fheirmeoireacht' mar:
• Tá sé/sí rannpháirteach i Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí sa bhliain ina gcuireann sé/sí iarratas isteach;
• Ní mór dó/di tús a bheith curtha aige/aici leis an ngníomhaíocht talmhaíochta atá ar bun faoi láthair le linn na bliana féilire 2019 nó ina dhiaidh sin;
• Ní raibh aon ghníomhaíocht talmhaíochta ar bun ina ainm/ ina hainm agus faoina phriacal/priacal féin sna cúig bliana sular cuireadh tús leis an ngníomhaíocht talmhaíochta faoi láthair.
CRÍOCH