Fáilte curtha ag an Aire Pippa Hackett roimh shíneadh atá á chur le cúnamh Stáit don Clár Náisiúnta Foraoiseachta
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá fáilte curtha ag an Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara a bhfuil freagracht uirthi as cúrsaí foraoiseachta, an Seanadóir Pippa Hackett roimh an scéal go bhfuil sé aontaithe ag an gCoimisiúin Eorpach síneadh a chur le ceadú cúnaimh stáit do Chlár Náisiúnta Foraoiseachta na hÉireann don bhliain 2021.
Dúirt an tAire, agus an tábhacht a bhaineann leis an síneadh á chur in iúl aici,
"Is dea-scéal é seo a chuirfidh dearbhú ar fáil dóibhsean ar mhaith leo iarratas a dhéanamh ar dheontais faoin gclár foraoiseachta reatha. Bhí an síneadh de dhíth ó tharla moill a bheith ann treoirlínte nua AE maidir le cúnamh stáit a eisiúint san earnáil talmhaíochta agus foraoiseachta, ach tugann sé seo cinnteacht dlí go leanfar den chlár. Táim sásta go bhfuil sé faighte agam don bhliain 2021, agus ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúil don Choimisiún as aontú le m'iarraidh don síneadh."
Labhair an tAire chomh maith ar an deis a thugann an síneadh di maidir le múnla nua a sheachadadh d'fhoraoiseacht.
"Tugtar deis dúinn leis an síneadh breisithe seo, deis a bhí ag teastáil go géar, cur chuige as an nua a ghlacadh maidir le foraoiseacht in Éireann," a dúirt sí. Tuigimid nach mór dúinn cur leis an múnla atá ann agus é a fheabhsú chun seirbhísí éiceachórais, ioncam, jabanna agus deiseanna earcaíochta a chur ar fáil chomh maith le maitheas a dhéanamh i dtaobh aghaidh a thabhairt ar spriocanna timpeallachta dúshlánacha na hÉireann. Ba mhaith liom féin maoirseacht a dhéanamh ar leagan amach an mhúnla sin agus táim tiomanta go huile agus go hiomlán do dhul i mbun comhairliúcháin le páirtithe leasmhara, rud a chuideoidh linn eolas a dhéanamh do Straitéis Foraoiseachta nua agus clár inbhuanaithe foraoiseachta a chur ar fáil."
Dúirt sí chomh maith,
"Ón gcéad lá a ceapadh san oifig seo mé, tá saincheisteanna a bhaineann le foraoiseachta ar cheann de na tosaíochtaí polaitíochta is mó atá agam. Is léir go bhfuil roinnt mhaith le dhéanamh againn chun an uaillmhian a leagamar romhainn féin a shásamh ach tá sé beartaithe agam cur leis an dlús atá eascartha againn go dtí seo, sa chaoi is nach méadú ar líon na gceadúnas a eisítear d'úinéirí talún agus foraoise sna míonna amach romhainn amháin a bheidh déanta ach go ndéanfaimid múnla a leagan amach chun coillearnacha a chruthú atá chun leasa gach duine."
Dúirt an tAire chomh maith, agus an t-eolas is déanaí á thabhairt aici ar an staid reatha maidir le cur agus ceadúnais foraoiseachta,
"Is ionann córas ceadúnaithe a fheidhmíonn go maith agus bunchloch chlár foraoiseachta rathúil agus leanaimid d'infheistíocht mhór a dhéanamh sa phróiseas ceadúnaithe chun go mbeimid ábalta an tseirbhís a mbíonn páirtithe leasmhara ag súil léi a chur ar fáil. Tuigim gur bliain dheacair a bhí in 2020 do go leor daoine san earnáil mar gheall ar na dúshláin a bhain leis an gcóras reatha agus tá a fhios agam go bhfuil go leor le déanamh againn leis an gcóras reatha ach is údar misnigh í an treocht agus tá sí ag leanúint uirthi sa bhliain nua. Creidim, i bhfianaise na bhfeabhsúchán a rinneadh le déanaí mar aon leis an síneadh bliana eile atá dearbhaithe do scéimeanna na Roinne go bhfuilimid ábalta súil chun cinn níos dearfaí a chaitheamh ar an mbliain 2021 maidir le foraoiseacht in Éirinn. Leanfaidh mé de bheith i mbun rannpháirtíochta go mion le gach páirtí leasmhar maidir leis na saincheisteanna seo."
Nótaí d'Eagarthóirí:
Is mar a leanas atá na nuashonraithe a thug an tAire maidir leis an staid reatha i dtaobh cur foraoisí agus ceadúnais foraoiseachta:
• Bhí 4,832 n-iarratas ar lámh ag an DAFM an 1 Deireadh Fómhair 2020 le próiseáil. Tá 1,045 ceadúnas nua eisithe ó shin agus tá 4,453 ceadúnas ar lámh lena bpróiseáil nuair a bheidh na hiarratais nua a bhfuarthas ó shin curtha san áireamh. Tugtar miondealú ar na bhfigiúirí sin thíos.
• Ba ionann an líon ceadúnas a eisíodh sa bhliain 2020 agus 2,593. Tá 1,045 ceadúnas nua eisithe ón 1 Deireadh Fómhair ar ionann sin agus léargas ar an bhfeabhas atá tagtha ar aschur ceadúnas i R4 de 2020. Tá an treocht dhearfach sin fós ann in Eanáir agus 177 ceadúnas nua a eisíodh sa chéad choicís;
• Maidir le crainn a leagan:
o Ba ionann líon na gceadúnas in 2020 agus díreach sa bhreis ar 5 mhilliún m3. Is ionann sin agus laghdú ar an 6.5 milliún m3 a ceadaíodh in 2019.
o Ceadaíodh 40% den aschur sin nó 2 mhilliún m3 idir Deireadh Fómhair agus mí na Nollag. Lean an ráta dul chun cinn seo ar aghaidh in Eanáir agus 444,000m3 ceanúnaithe sa chéad choicís den bhliain nua.
o Tá 2,760 iarratas chun crainn a leagan ar lámh i láthair na huaire. Tá sin síos ón 3,230 iarratas a bhí ar lámh amhail an 1 Deireadh Fómhair seo caite;
o Ón 1 Deireadh Fómhair, tá achomharc déanta ar 29 ceadúnas chun crainn a leagan maidir le 474ha/124,803m3.
• Maidir le foraoisiú,
o Eisíodh ceadúnais chun 4,300ha d'fhoraoisiú nua a chur ar fáil in 2020, agus is ionann sin agus figiúr na bliana 2019. Cuireadh 2,433 ha nua sa bhliain 2020.
o Bhí 960 iarratas foraoisithe ar lámh an 1 Deireadh Fómhair 2020, 1,009 ceadúnas foraoisithe atá ar lámh i láthair na huaire. Tá 172 suíomh ceadúnaithe ón 1 Deireadh Fómhair ag 1,639 heicteár.
o Bíonn ceadúnais foraoisithe bailí ar feadh trí bliana agus tá 4,900ha ar an iomlán ann i gcónaí ceadúnaithe agus ar fáil lena phlandáil le ceadúnas foraoisithe bailí agus níl sé faoi réir achomhairc. Tá an tAire ag moladh d'úinéir talún ar bith a bhfuil ceadúnas foraoisithe bailí aige smaoineamh go géar ar é a úsáid mar gheall ar an leas mór eacnamaíochta agus timpeallachta a bhaineann le cuid dá gcuid talún a úsáid chun crainn a phlandáil.
o Ba ionann crainn leathanduilleacha agus 34% den phlandáil nua uilig a rinneadh in 2020. Sin ardú ó 21% trí bliana ó shin agus ciallaíonn sin go bhfuil an sprioc 30% maidir le plandáil leathanduilleach a leagadh amach sa Chlár Foraoiseachta sáraithe den chéad uair ó cuireadh tús leis an gClár;.
o Ón 1 Deireadh Fómhair, rinneadh achomharc ar 23 cheadúnas bóthair arbh ionann iad agus 306ha
• Maidir le Bóithre Foraoise
o 129km de bhóithre foraoise a ceadaíodh in 2020. Sin i gcomórtas le 195km in 2019 agus tá an dá fhigiúr sin os cionn na sprice 125km sa bhliain a bhí sa Phlean Gníomhaíochta ar son na hAeráide.
o Ón 1 Deireadh Fómhair, rinneadh achomharc ar 10 gceadúnas bóthair arbh ionann iad agus 5.2km
o Bhí 642 iarratas ar bhóithre foraoise ar lámh an 1 Deireadh Fómhair 2020, 684 ceadúnas bóthair atá ar lámh i láthair na huaire
CRÍOCH