Fáilte curtha ag an Aire roimh rannpháirtíocht thairbheach Pháirtithe Leasmhara sa phlé ar thogra an Choimisiúin Eorpaigh maidir le Deiseanna Iascaireachta don bhliain 2021
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Bhí Charlie McConalogue T.D., an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, ina chathaoirleach inniu ar chruinniú Ghrúpa Idirghabhála Iascaigh Mhara Pháirtithe Leasmhara na nIascaigh chun togra an Choimisiúin Eorpaigh maidir le Deiseanna Iascaireachta don bhliain 2021. Bhí comhlachtaí ionadaíochta ar thionscal na hiascaireachta agus NGOnna timpeallachta i láthair ag an gcruinniú.
Tionóltar an cruinniú seo gach bliain sula gcuirtear tús leis an idirbheartaíocht ag Comhairle Iascaigh mhí na Nollag an AE chun gur féidir leis an Aire tuairimí na bpáirtithe leasmhara iascaigh go léir ar thograí an Choimisiúin maidir leis an nGabháil Iomlán is Incheadaithe (TACanna) agus cuótaí don bhliain seo chugainn a fháil. Is cuid thábhachtach den Mheasúnú Tionchair Inbhuanaitheachta é seo i dtogra an Choimisiúin, agus áirítear ann chomh maith comhairliúchán poiblí agus tuairimí saineolaithe ó Fhoras na Mara (MI) agus ó Bhord Iascaigh Mhara (BIM).
Dúirt an tAire McConalogue
"Bhí rannpháirtíocht mhaith ag cruinniú an lae inniu. Is deis thábhachtach í seo domsa tuairimí na bpáirtithe leasmhara a fháil agus muid ag fáil faoi réir leis an nGabháil Iomlán is Incheadaithe maidir le Stoic Éisc don bhliain 2021 a shocrú.
"Dúirt an tAire chomh maith
"Is bliain dhúshlánach agus bliain nach bhfacthas a leithéid riamh cheana a bhí sa bhliain 2020 mar gheall ar an méid a chuir paindéim COVID-19 agus an neamhchinnteacht a bhaineann leis na tionchair a bheidh ag an mBreatimeacht ar na hIascaigh isteach ar chúrsaí. Ag an am neamhchinnte seo, tá sé níos tábhachtaí ná riamh go n-oibreoimis le chéile d'fhonn an toradh is fearr agus is féidir a bhaint amach do Phobal Iascaireachta na hÉireann agus inbhuanaitheacht an stoic éisc a chinntiú ag an am céanna.
Cuirfidh an tAire McConalogue an Measúnú Tionchair Inbhuanaitheachta faoi bhráid an Chomhchoiste Talmhaíochta agus Mara Dé Máirt an 1 Nollaig.
CRÍOCH