Fáilte curtha ag an Aire Stáit le Freagracht as Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta roimh Thuarascáil NPIRS an Bhoird Taighde Sláinte a bheith foilsithe
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu, chuir Mary Butler TD, an Aire Stáit le Freagracht as Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta fáilte roimh Thuarascáil ar Ghníomhaíochtaí 2019 an Chórais Náisiúnta Tuairiscithe um Othair Síciatrach (NPIRS) de chuid an Bhoird Taighde Sláinte (HRB) a bheith foilsithe.
Tá béim curtha ar roinnt treochtaí dearfacha atá ann i dTuarascáil ar Ghníomhaíochtaí an HRB, agus ina measc siúd áirítear an laghdú atá tagtha ar an líon daoine atá curtha isteach in aonaid shíciatracha agus ospidéil shíciatracha in Éirinn, síos ó 17,000 in 2018 go dtí 16,710 othar isteach in 2019, agus laghdú suntasach ar fhad na tréimhse feithimh thar na deich mbliana is deireanaí, síos ó 82.7 lá ar an meán in 2010 go dtí 64.2 lá in 2019. Anuas air sin, tá an méadú atá tagtha ar an líon leanaí agus déagóirí atá curtha isteach in aonaid tiomnaithe síciatracha leanaí agus déagóirí léirithe sa Tuarascáil ar Ghníomhaíochtaí, agus laghdú comhfhreagrach sa líon leanaí agus déagóirí atá curtha isteach in aonaid agus ospidéil shíciatracha aosacha freisin. As an líon 497 leanbh ar cuireadh isteach in aonaid shíciatracha agus in ospidéil shíciatracha in 2019, ligeadh isteach 54 díobh chuig aonaid agus oispidéil shíciatracha aosacha, laghdú ó 84 in 2018.
Dúirt an tAire Stáit le freagracht as Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta, Mary Butler, TD:
"Cé go bhfuilim ag gabháil fáilte roimh an laghdú seo ar an líon leanaí agus déagóirí atá curtha isteach i suíomhanna síciatracha aosacha, fós féin tá gá ann níos mó oibre a dhéanamh chun a chinntiú go leanfaimis orainn an líon seo a laghdú amach anseo. Caithfimid cur leis an dul chun cinn suntasach atá déanta go dtí seo, d’fhonn an líon leanaí atá curtha isteach i suíomhanna síciatracha aosacha a laghdú tuilleadh agus chun a chinntiú go bhfaigheann ár leanaí an cúram a theastaíonn uathu i suíomhanna atá oiriúnach dóibh. Anuas air sin, tá fáilte mhór le thabhairt don laghdú atá tagtha ar an meánfhad feithimh le blianta beaga anuas, is ionann sin agus fianaise ar an dul chun cinn suntasach atá bainte amach maidir leis an aistriú ón gcúram institiúideach go cúram atá lonnaithe sa phobal."
Tá méadú sa líon daoine faoi 18 mbliana d’aois atá curtha isteach in aonaid shíciatracha agus in ospidéil shíciatracha in Éirinn le braith sa Tuarascáil ar Ghníomhaíochtaí freisin, ag dul i méid ó 408 othar isteach in 2018 suas go dtí 497 cheann in 2019. Admhaíonn an HRB go bhfuil an fhéidearthacht ann gurb éard atá le braith sa mhéadú sin ná an méadú atá curtha leis an líon láithreán atá ann, fíor-mhéadú ar an líon othar isteach nó meascán den dá rud sin.
Tá an líon baineann a ghlactar leo fós ard ar bhonn buanseasta i gcomparáid lena gcomhghleacaithe fireanna, agus othar baineann atá i gceist le 65% de na othair isteach atá faoi 18 mbliana d’aois.
Cé gur leanadh leis an dúlagar a bheith mar an diagnóis is coitianta a dhéantar i measc leanaí, tháinig méadú ar an líon othar isteach le haghaidh neamhord itheacháin, suas ó 33 in 2018 go dtí 54 in 2019. Tá an méadú seo suntasach go háirithe i measc an phobail bhaineann; cailíní agus mná óga a bhí i gceist le 96% d’othair isteach a raibh neamhord itheacháin acu. Is ionann é sin agus méadú suas ó 80%, mar a bhí ann in 2018.
Dúirt an tAire Butler:
"Tá sonraí thar a bheith tábhachtach chun na dúshláin iomadúla maidir leis an Meabhairshláinte atá amach romhainn a mhapáil amach. Tá an tuarascáil seo an-áisiúil ar fad, ní amháin toisc go bhfuil béim leagtha ann ar réimsí ina bhfuil dul chun cinn á bhaint amach, ach toisc go léirítear ann dúinn na réimsí ina bhfuil gá le feabhsú iontu freisin. Ábhar mór imní amháin atá ann nach mór tosaíocht a thabhairt dó is ea an t-ardú suntasach faoi bhreis is 15% atá tagtha ar othair isteach síciatracha atá gaolmhar le neamhoird itheacháin. Ina theannta sin, is ábhar imní dúinn an treocht atá le feiceáil sa líon díréireach cailíní agus mná óga atá curtha isteach in aonaid síciatracha agus in ospidéil síciatracha atá ann ar bhonn comhsheasmhach, treocht nach mór díriú uirthi agus aghaidh a thabhairt uirthi amach anseo."
Tá ról tábhachtach ag an HRB tacaíocht a thabhairt don mhonatóireacht, don mheastóireacht agus don taighde ar ardchaighdeán lena chinntiú go mbíonn na beartais agus na cleachtais bunaithe ar an fhianaise.
CRÍOCH
Tá tús áite tugtha don fhorbairt leanúnach a bheith curtha le gach gné den CAMHS i bPlean Seirbhíse an FSS 2020, lena n-áirítear an rochtain fheabhsaithe, liostaí feithimh laghdaithe agus comhtháthú níos fearr leis an gCúram Sláinte Príomhúil nó le cláir nó gníomhaireachtaí cúraim ábhartha eile dála an Mhíchumais.
In ainneoin an éilimh mhéadaithe ar an iomlán ar CAMHS, tugtar tosaíocht do chásanna aonair a bhfuil measúnú gairmiúil déanta ina leith go dteastaíonn rochtain phráinneach ar sheirbhísí.
Tá méadú 25% tagtha ar atreoruithe CAMHS idir 2012 agus 2019. Tháinig méadú 4% ar an Liosta Feithimh CAMHS sa tréimhse sin - suas ó thart ar 2,400 go dtí 2,500. Tá na cásanna tar éis éirí níos casta le blianta beaga anuas, de réir mar atá feabhas curtha leis na bealaí iontrála atá ann. In 2008, bhí 16 leaba Géarmhíochaine d’Othair Chónaitheacha CAMHS. Amhail deireadh 2019, bhí 74 leaba Géarmhíochaine d’Othair Chónaithe CAMHS. In 2008 bhí 49 bhfoireann CAMHS ann; agus 71 díobh in 2019.
Tá dul chun cinn suntasach déanta ar an nglacadh isteach othair atá oiriúnach don aois ó 2008 i leith, tráth a raibh 263 othar isteach dá leithéid in aonaid d'aosaigh (lena n-áirítear othair isteach ar chuireadh in ospidéil phríobháideacha iad). Tháinig laghdú ar an líon sin síos go dtí 84 othar isteach in 2018, agus 54 in 2019 go hionaid fhormheasta d'aosaigh (ospidéil phríobháideacha san áireamh). Is ionann sin agus laghdú ar líon na leanaí atá curtha isteach in aonaid aosach ó thart ar 75% suas go dtí 25.
(Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach ionann líon na n-othar isteach agus an fiorlíon leanaí a chuirtear isteach iad, toisc go bhféadtar leanbh aonair a ligean isteach níos mó ná aon uair amháin in aon bhliain ar leith.)
Tá roinnt tionscnamh sain-oiriúnaithe do dhaoine óga tugtha isteach le déanaí, lena n-áirítear:
Osclófar aonad nua CAMHS fóiréinseach 10 leaba in 2021 ag an tSeirbhís Náisiúnta Meabhairshláinte Fóiréinseach (NFMHS) i bPort Reachrann, tar éis an príomhospidéal a bheith oscailte ann déanach in 2020. Tá 20 leaba CAMHS eile beartaithe don Ospidéal Náisiúnta Leanaí (lena n-áirítear 8 leaba le haghaidh an neamhoird itheacháin). Déanfar an soláthar foriomlán náisiúnta leapa a méadú dá bharr suas ó 74, mar atá ann faoi láthair, go dtí 104.
Seoladh an beartas náisiúnta meabhairshláinte, Sharing the Vision – A Mental Health Policy for Everyone [An Fhís a Roinnt – Beartas Meabhair-Shláinte do Chách] i mí an Mheithimh. Rinneadh an beartas seo, lena gcuirtear leis an mbeartas A Vision for Change [Fís don Athrú] a fhorbairt, tar éis próiseas taighde ar an nuálaíocht idirnáisiúnta agus ar an dea-chleachtas sa mheabhair-shláinte agus tar éis comhairliúchán fairsing náisiúnta a bheith déanta i gcomhar le breis is 1,000 úsáideoir seirbhíse, baill teaghlaigh, cairde agus cúramóirí agus geallsealbhóirí eile.
Is éard atá mar chuspóir in Sharing the Vision ná córas meabhairshláinte ina dtabharfar aghaidh ar riachtanais an phobail trí bhéim a bheith curtha ar riachtanais an duine ar leith.
Is iad na príomhthorthaí arna sainaithint iad ná:
Tá cur chuige saolré glactha sa bheartas agus féachann sé leis an meabhairshláinte dhearfach a bheith curtha chun cinn agus an athléimneacht a bheith curtha leis ag gach aois agus céim i saol an duine, ag leagan amach go sonrach moltaí chun an meabhairshláinte dhearfach agus an fholláine dhearfach a chur chun cinn i measc leanaí agus daoine óga araon.
Ina theannta sin, féachann an beartas le rochtain thráthúil ar thacaíochtaí agus ar sheirbhísí fianaise-bhunaithe a fheabhsú d’úsáideoirí seirbhíse, agus tacaíonn sé le córas a oibríonn i gcomhpháirtíocht le húsáideoirí seirbhíse. Dá bhrí sin, tá moltaí le fáil sa bheartas maidir le conas seirbhísí CAMHS a fheabhsú, go sonrach maidir le tacaíochtaí iomchuí a sholáthar dóibhsean atá ag aistriú ó CAMHS chuig seirbhísí ginearálta d'aosaigh, agus athscrúdú a dhéanamh ar an aois a ndéantar a leithéid d’aistriú, chomh maith le pacáistí tacaíochta aonair a fhorbairt do riachtanais shonracha leanaí agus daoine óga a bhfuil riachtanais chasta acu.
Thairis sin, maidir le treochtaí atá le feiceáil i measc gcailíní agus mná óga, tá sé molta in Sharing the Vision go ndéanfadh an Coiste Náisiúnta Feidhmithe agus Monatóireachta agus Tascfhórsa um Mná na Roinne Sláinte comhthionscadal chun cur chuige éifeachtach a leagan amach maidir le meabhairshláinte na mban agus na gcailíní óga.
Mar fhocal scoir, tá Sharing the Vision go hiomlán i bhfábhar an taighde atá bunaithe ar an fhianaise, dála an taighde a dhéanann an HRB d’fhonn na cuntasachta agus an fheabhsaithe leanúnaigh a chinntiú thar shaolré an bheartais, chomh maith leis an mhonatóireacht a bheith curtha i bhfeidhm, agus ina theannta sin moltar gur cheart go ndéanfaí Straitéis Taighde agus Meastóireachta Náisiúnta um Sheirbhísí Meabhairshláinte a fhorbairt agus acmhainní a chur ar fáil don straitéis sin chun tacú le punann gníomhaíochta taighde agus meastóireachta a d’fhéadfadh cur i gcrích.