Fáilte curtha ag McConalogue roimh chinneadh an Choimisiúin maidir le BEAM
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá fáilte curtha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., inniu roimh chinneadh an Choimisiúin Eorpaigh cead solúbthachta a thabhairt d'Éirinn tréimhse laghdaithe a shocrú faoin mBeart Cúnaimh Éigeandála Mairteola (BEAM).
Scríobh an tAire McConalogue chuig an gCoimisiún le déanaí d'fhonn solúbthacht a lorg chun an rogha a thabhairt d'fheirmeoirí an bhliain laghdaithe a athrú ón tréimhse reatha - ón 1 Iúil 2020 go dtí an 30 Meitheamh 2021 - chuig tréimhse nua - ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2021. Beidh feidhm ag an tréimhse nua laghdaithe seo d'fheirmeoirí a roghnaíonn iarratas a dhéanamh ar an athrú agus dóibhsean amháin. Is féidir leis na feirmeoirí atá ar an mbóthar chun spriocanna laghdaithe nítrigine 5% a bhaint amach an tréimhse tagartha tosaigh, a thiocfaidh chun críche an 30 Meitheamh, a úsáid.
Is éard a dúirt an tAire McConalogue agus é ag tagairt don scéal ón gCoimisiún,
"Cuirim fáilte roimh chinneadh an Choimisiúin Eorpaigh cead a thabhairt d'Éirinn an tréimhse laghdaithe seo a leasú faoin scéim BEAM do dhuine ar bith a dteastaíonn sé uathu. Ós rud é go dtugann an Coimisiún Eorpach maoiniú suntasach do BEAM, bhí sé ríthábhachtach go ndeachamar i gcomhairle leo maidir le hathrú beartaithe na hÉireann.
"Ba phríomhthosaíocht a bhí ann dom ó ceapadh i m'Aire mé ó tharla go dtuigim an dúshlán a bhí ar roinnt fheirmeoirí an ghné laghdaithe nítrigine 5% i BEAM a bhaint amach.
"Tugann an tréimhse nua laghdaithe an rogha anois d'fheirmeoirí ar mhaith leo an dara deis a ghlacadh an riachtanas laghdaithe nítrigine sa scéim a bhaint amach."
Dúirt sé chomh maith,
"Ó tharla go bhfuil an tsolúbthacht seo faighte anois, beidh mé ag neartú na rannpháirtíochta le heagraíochtaí feirme agus comhairleoirí talmhaíochta chun a chinntiú go bhfuil a gcomhaltaí agus a gcliaint faoi seach go huile agus go hiomlán ar an eolas i dtaobh riachtanais na scéime agus na tréimhse nua laghdaithe. Beidh mo Roinnse ag scríobh chuig gach rannpháirtí sa scéim go ríghairid chun figiúirí nuashonraithe nítrigine a thabhairt dóibh agus leis an méid a bheidh le déanamh acu chun riachtanais na scéime a shásamh a chur in iúl dóibh go soiléir agus tabharfar comhairle dóibh chomh maith ar mar a bheidh siad ábalta an t-athrú a roghnú agus an uair a mbeidh siad ábalta sin a dhéanamh.
"Bhí an-imní go deo orm faoin toradh a bheadh ar an scéal do go leor feirmeoir faoin tréimhse laghdaithe reatha agus beidh an Roinn ag seoladh nuashonruithe breise agus comhairle bhreise ar bhonn míosúil chun cuidiú leo cinntí eolacha a ghlacadh maidir leis an scéim," a dúirt an tAire McConalogue.
CRÍOCH