Fáilte curtha ag McConalogue roimh thionól Fhóram Páirtithe Leasmhara TB bólachta den 10ú uair
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá fáilte curtha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., roimh chruinniú Fhóram Páirtithe Leasmhara TB bólachta inné, an chéad chruinniú a tionóladh i ndiaidh fhoilsiú na straitéise díothaithe TB bólachta nua an tseachtain seo caite.
I dtús a chuid cainte, ghlac an tAire buíochas le Cathaoirleach an Fhóraim, Michael Cronin, agus leis na páirtithe leasmhara ar fad as a ndícheall i gcomhar an Straitéis díothaithe TB bólachta nua a thabhairt chun fíre.
Ina dhiaidh sin, dúirt an tAire McConalogue,
“Tacófar leis an Straitéis a chur i bhfeidhm trí mhaoirseacht leanúnach an Fhóraim chomh maith le tacaíocht ó thrí ghrúpa oibre - grúpa eolaíochta, grúpa feidhmiúcháin agus grúpa airgeadais. Tá ról tábhachtach ag gach grúpa oibre lena chinntiú go dtugtar aghaidh ar gach gné den Straitéis. Beidh comhairliúchán fada le páirtithe leasmhara mar bonn taca leis an rath."
Dúirt sé chomh maith,
"Leagtar clár oibre uaillmhianach amach leis an straitéis seo, agus i ndeireadh na dála rachaidh sé sin chun tairbhe feirmeoirí na hÉireann. Níl feirmeoir ar bith ag iarraidh srian TB a sheasamh agus faraor, tá srian fós á chur ar thuairim is 90 feirm nua in aghaidh na seachtaine. Ba mhaith liom go dtitfeadh an líon seo go mór sna blianta atá romhainn amach."
"Bhí na rátaí TB níos airde in 2020 ná mar a bhí le deich mbliana anuas agus bhain an méadú ar chaiteachas Cláir leis sin. Baineann ualach ollmhór intinne agus airgeadais le TB, mar sin, ní mór torthaí a bheith á sheachadadh ina leith. Bím seasta ag leagan béime ar gur cúis mhór imní dom é treochtaí TB bólachta, treochtaí atá ag déanamh dochar d'fheirmeoirí na hÉireann. Gheall mé, nuair a ceapadh i m'Aire mé, go rachainn i mbun oibre le páirtithe leasmhara maidir le TB agus is é foilsiú na Straitéise an tseachtain seo caite toradh na hoibre sin. Níl ansin ach an chéad chéim ar an mbóthar chun cinn. Táim ag iarraidh anois práinn níos mó a bheith ann i dtaobh na mbeartas a dtugtar achoimre orthu sa Straitéis a chur i bhfeidhm agus mholfainn do ghrúpaí éagsúla oibre teacht le chéile chomh luath agus is féidir chun tús a chur leis sin. Ní mór dúinn oibriú as lámh a chéile chun rátaí TB a laghdú agus an t-ualach atá ar fheirmeoirí agus ar an Stát a mhaolú."
Nótaí d'eagarthóirí:
Is féidir an straitéis TB bólachta, sonraí eile maidir leis an bhFóram TB agus eolas a bhaineann leis an gclár díothaithe TB a fháil anseo www.bovinetb.ie
CRÍOCH