Fáilte curtha ag Airí Talmhaíochta roimh fhaomhadh an Rialtais don Bhille um Ghníomhaíocht Aeráide agus Ísealcharbóin (Leasú) 2021
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chuir an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue T.D. agus Airí Stáit: an Seanadóir Pippa Hackett agus Martin Heydon T.D. fáilte inniu roimh fhaomhadh an Rialtais don Bhille um Ghníomhaíocht Aeráide agus Ísealcharbóin (Leasú) 2021.
Dúirt an tAire McConalogue, “Is é an Bille seo an t-ardán a ligfidh d’Éirinn ceannaireacht straitéiseach a léiriú maidir le cúrsaí athraithe aeráide. Tá feirmeoirí agus an earnáil úsáide talún ag cur leis an iarracht náisiúnta cheana féin chun dul i ngleic leis an dúshlán aeráide. Tá ceannaireacht léirithe ag ár bhfeirmeoirí cheana féin sa réimse seo agus táim muiníneach go leanfaidh siad orthu ag déanamh amhlaidh. "
Thrácht an tAire Hackett nach mbeidh sé éasca ‘geilleagar neodrach aeráide’ a bhaint amach faoi 2050. Dúirt sí, áfach, “Caithfimid a bheith uaillmhianach maidir le ceist chomh tábhachtach le gníomhú aeráide. Níl an dara rogha againn. Agus creidim ag deireadh thiar thall go bhfuil go leor le buachan ag earnáil na talmhaíochta agus a hiliomad páirtithe leasmhara trí ghlacadh leis an gconair seo. "
Minister Hackett noted that achieving a ‘climate neutral economy’ by 2050 will not be easy. However she said, “We have to be ambitious with something as important as climate action. We have no choice. And I believe that ultimately the agriculture sector and its many stakeholders can only gain by embracing this path.”
Chuir an tAire Heydon béim ar ról na taighde agus na bhfeabhsuithe teicneolaíochta i dtacú aistrithe seo. Dúirt sé, “Tá an Roinn déanamh infheistíocht shuntasach i dtaighde d’fhonn nuálaíochtaí den sórt sin a úsáid i gcomhthéacs na hÉireann, lena chinntiú go bhféadfaidh an earnáil a huaillmhianta a mhéadú go suntasach sa tréimhse iar-2030.”
Chuir an tAire McConalogue fáilte freisin roimh fhoilsiú na hIarscríbhinne Gníomhartha Eatramhaí mar mheicníocht lena chinntiú go ndéantar dul chun cinn ar gníomhú aeráide agus an Plean Gníomhaíochta ar son na hAeráide 2021 á ullmhú.
Dúirt sé, “D’fhoilsigh mé an Treochlár AgClimatise le déanaí a thugann an comhthéacs do na gníomhartha atá molta ag na hearnálacha talmhaíochta agus úsáide talún don Iarscríbhinn Eatramhach. Creidim gur léiriú iad na gníomhartha seo ar thiomantas agus ar uaillmhian na hearnála maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú chomh maith le ról suntasach a imirt i ndícharbónú phríomearnálacha eile an gheilleagair, lena n-áirítear fuinneamh. "
CRÍOCH