Fáilte curtha ag an Aire roimh dhá threoir faisnéise thábhachtacha d’fheirmeoirí agus do chomhairleoirí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fháiltigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D inniu roimh fhoilsiú na Treorach nua um Incháilitheacht Talún agus Lámhleabhar Mínithe nua maidir le Riachtanais Coinníollachta.
Dúirt an tAire McConalogue:
“soláthróidh an dá threoir nua seo faisnéis luachmhar agus tábhachtach d'fheirmeoirí agus do chomhairleoirí maidir leis na hathruithe ar an gclár nua CAP as seo go dtí 2027. Leis an CAP nua tá lear mór athruithe maidir le incháilitheacht talún a dhéanfaidh tairbhe d’fheirmeoirí, agus tá sé tábhachtach go dtabharfaimis a oiread treorach agus is féidir d’fheirmeoirí maidir leis na hathruithe sin.”
Maidir leis an Treoir um Incháilitheacht Talún, dúirt an tAire McConalogue
“is treoir phraiticiúil é an leabhrán chun cabhrú le feirmeoirí na rialacha maidir le hincháilitheacht talún do na scéimeanna AE a bhaineann le limistéir éagsúla a thuiscint, cosúil leis an scéim um Thacaíocht Ioncaim Bhunúsach don Inbhuanaitheacht (BISS).”
Soláthraíonn an treoir míniúcháin úsáideacha, samplaí agus íomhánna d’ábhair ábhartha mar limistéir incháilithe talún agus gníomhaíochtaí talmhaíochta. Cuirtear san áireamh samplaí mionsonraithe de ghnéithe feirme incháilithe agus tairbheacha agus gnéithe eile a mheastar a bheith neamh-incháilithe. Tá mír ceisteanna agus freagraí sa treoir chomh maith le samplaí de ríomh Heicteáir Incháilithe do roinnt píosaí talún éagsúla.
Maidir le Coinníollacht, dúirt an tAire
“Tagann Coinníollacht in áit Tras-Chomhlíonadh faoin CAP nua agus, cé go bhfanann go leor de na ceanglais mar an gcéanna, tá athruithe ann agus ba mhaith linn go mbeidh feirmeoirí agus a gcuid comhairleoirí ar an eolas go hiomlán faoi na hathruithe.”
Dúirt sé
“gur dréachtaíodh an Lámhleabhar Míniúcháin do Riachtanais Coinníollachta chun cabhrú le feirmeoirí sraith ceanglas éigeantach agus coinníollacha bonnlíne dá ngairtear Coinníollacht a thuiscint agus a chomhlíonadh.” Cuimsíonn an Choinníollacht 11 Riachtanas Bainistíochta Reachtúla (RBRanna) agus 9 nDea-Choinníoll Talmhaíochta agus Comhshaoil (DCTCanna) agus ní mór do thairbhithe CAP na ceanglais coinníollachta seo a chomhlíonadh ó 2023 ar aghaidh chun go gcomhlíonfaidh siad go hiomlán Téarmaí agus Coinníollacha BISS agus scéimeanna limistéarbhunaithe eile.
Dúirt an tAire
“trí chomhlíonadh na gceanglas Coinníollachta seo, cuireann feirmeoirí le huaillmhian iomlán na hÉireann a hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, úsáid agus éifeachtúlacht cothaithigh a fheabhsú, úsáid na nítrigine ceimicí a laghdú, cáilíocht uisce agus aeir a fheabhsú, leibhéil bhithéagsúlachta a fheabhsú agus táirgeadh bia sábháilte a dhéanamh, rud a thacaíonn le prionsabail láidre leasa ainmhithe.”
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire McConalogue gur “sampla eile iad na treoracha seo den chumarsáid atá á déanamh ag mo Roinn agus ag feirmeoirí agus ag páirtithe leasmhara eile chun iad a chur ar an eolas faoi na hathruithe ar an CAP nua.”
Tá na doiciméid foilsithe ar shuíomh gréasáin DAFM Gov.ie agus tá siad le fáil ag na naisc seo a leanas: