Dúirt an tAire, “Táim sásta le toradh na gcomhairliúchán leis an Iorua maidir le Faoitín Gorm. Is í comhairle ICES na go laghdófaí stoc seo faoi 20% agus tá an chomhairle seo á leanúint. Ghlac mé seasamh láidir leis an AE maidir le hidirbheartaíocht an AE a cuireadh i gcrích le déanaí leis an Iorua. Mar thoradh air sin, d’éirigh leis an AE san idirbheartaíocht maidir le gnáth-aistriú an stoic seo go dtí an Iorua a laghdú. Mar thoradh ar an aistriú laghdaithe seo de Fhaoitín Gorm an AE go dtí an Iorua, maolaíodh an gearradh eolaíoch riachtanach ar an nGabháil Iomlán Incheadaithe. Mar thoradh air sin níor laghdaíodh cuóta na hÉireann ach le 8%, rud a thugann cuóta 35,373 tonna dúinn. Tá leibhéal aistrithe Fhaoitín Gorm an AE go dtí an Iorua do 2021 socraithe ag an leibhéal aistrithe is ísle riamh agus léiríonn sé aitheantas ar leibhéal an AE den ghá gach deis a thapú chun cás ár gcabhlaigh pheiligigh a fheabhsú. "